Tá críoch tagtha le staidéar socheacnamaíoch ar an tionscal bainte feamainne, a bhí ar siúl ag Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan agus tá súil acu go mbeidh an leagan deiridh den tuairisc ar fáil i gceann roinnt seachtainí.
Rinneadh an taighde seo chun féachaint conas gur cheart déileáil le tionscal na feamainne amach anseo i gcomhthéacs na bpolasaithe náisiúnta.
Rinneadh cur i láthair maidir leis an taighde tamaillín ó shin agus cé gur gá fanacht leis an tuairisc chríochnaithe, chuir ar chualas beagán imní orm.
Le blianta fada glacadh leis go bhfuil tábhacht le tionscal na feamainne ar chósta an iarthair agus daoine áitiúla ag tuilleamh crústa ag baint na feamainne, ag tiomáint na leoraithe nó ag obair sna monarchana á próiseáil. Bhí agus tá daoine ann atá ag baint fheamainne go lánaimseartha mar shlí bheatha agus táthar ann atá á baint go séasúrach nó ar mhaithe le hairgead a shaothrú do chuspóir faoi leith.
Tuigeann muid ar fad gur obair chrua fhisiciúil do dhuine oilte atá i gceist agus gur beag bainteoir a d’éirigh saibhir dá bharr.
Aithníonn an taighde seo go bhfuil fadhbanna ann maidir le líon na mbainteoirí feamainne a bheidh ann i gceann roinnt blianta de réir mar a théann glúin amháin bainteoirí in aois agus gan an oiread céanna suime ag an gcéad ghlúin eile tabhairt faoin obair.
Tá imní orm áfach faoin tuiscint a bhainfear as an bhfíric sin. Tá an chuma ar an scéal go nglactar leis go rachaidh líon na mbainteoirí feamainne i léig agus gur gá mar sin díriú ar an bhfeamainn a fhás nó a bhaint go meicniúil.
Sin le rá go bhfuil an bhéim á leagan ar sholáthar feamainne a chinntiú do na monarchana próiseála. Aontaím gur gá an soláthar sin a chinntiú do na monarchana feamainne, ach b’fhearr liom i bhfad sin a dhéanamh tríd an fhostaíocht agus an obair dóibh siúd atá ag baint feamainne a chinntiú agus a neartú.
An bhfuilimid ag glacadh leis nach féidir tionscal na feamainne a fhorbairt ionas go mbeidh daoine atá ag baint fheamainne in ann slí bheatha cheart a shaothrú? Ar ndóigh neartódh an saothrú sin an fhostaíocht i gceantracha atá scoite amach i gConamara agus chinnteodh sé soláthar feamainne do na monarchana freisin.
Tá dul chun cinn mór ann na laethanta seo i dtaobh táirgí breisluacha a fhorbairt ón bhfeamainn agus is cinnte go bhfuil forbairtí móra i ndán don chuid sin den tionscal. Is maith ann iad agus tá súil agam go gcruthóidh seo fostaíocht i gceantair ar nós Chonamara, ach níl aon chinnteacht faoi sin. Tá sé chomh héasca céanna na táirgí breisluacha a dhéanamh thar sáile.
Cibé áit a ndéantar siad is cinnte go méadóidh an gnó sin an t-éileamh atá ag na monarchana próiseála feamainne, ar nós Arramara i gCill Chiaráin, a chruthaíonn agus a dhaingníonn fostaíocht go háitiúil.
Sin ráite is i mbaint an feamainne féin atá an luach saothair is mó do mhuintir Chonamara agus má athraítear an bhéim ó bhaint na feamainne go dtí an bhaint mheicniúil nó an fheirmeoireacht feamainne tá imní orm go ndéanfar príobháidiú agus lárnú ar an deis oibre a bheidh ann i dtionscal na feamainne i gConamara.
B’fhearr liom i bhfad go mbeadh an Stát ag faire ar bhealaí le slí bheatha na mbainteoirí feamainne a neartú, lena chinntiú gur slí bheatha fhiúntach a bheadh inti.
Is cinnte go bhfuil ré na bhfeirmeacha feamainne ag druidim linn agus seans go mbeidh deiseanna anseo do chomhlachtaí beaga áitiúla mar aon leis na comhlachtaí móra idirnáisiúnta. D’fhéadfadh feirmeoireacht na feamainne deis a thabhairt do roinnt de na feirmeacha éisc leathnú amach go tionscail eile.
Ar ndóigh is féidir comparáid a dhéanamh idir baint na feamainne agus iascaireacht sliogéisc. Ní inniu ná inné a bunaíodh Comharchumann Sliogéisc Chonamara ar mhaithe le tacú le fostaíocht mhara sa cheantar ach ar an drochuair tá lag trá tagtha ar an gComharchumann sin le blianta anuas.
Le blianta fada tá neamhaird déanta ag an rialtas ar an tionscal bainte feamainne agus anois go bhfuil aird á tabhairt air tá súil agam gur ar fhostaíocht a chruthú agus a dhaingniú don phobal cois cósta, a leagfar an bhéim. Ní oireann sé do gach duine dul ag obair in oifig, siopa nó monarcha agus caithfear fostaíocht na mara a neartú ar mhaithe le muintir an cheantair.
Caithfear freisin na cearta bainte traidisiúnta a thógáil san áireamh agus meas a bheith orthu in aon chur chuige nua a chuirtear ar bun.
Is acmhainn inmharthana a bhí san fheamainn ar leas an phobail cois chósta le fada an lá. Cuma cén bealach a dhéantar an earnáil sin a fhorbairt amach anseo caithfidh leas an phobail áitiúil a bheith ag croílár an scéil.
Beidh airgead le saothrú in earnáil na feamainne amach anseo, ach cén dream a ndéanfar cumasú orthu le teacht i dtír ar an deis sin?
Fág freagra ar 'Ba chóir don Stát a bheith ag iarraidh slí bheatha na mbainteoirí feamainne a neartú'