Ba chóir do pháirtithe aontachtacha níos mó tacaíochta a thabhairt don Ghaeilge sa Tuaisceart – níos mó ná beirt as gach cúigear

POBALBHREITH TUAIRISC.IE/KANTAR MILLWARD BROWN: Bhí móramh de dhaoine óga idir 16-24 bliain d’aois (57%) den tuairim nach bhfuil a ndóthain á dhéanamh ag na páirtithe aontachtacha ar son na teanga

Ba chóir do pháirtithe aontachtacha níos mó tacaíochta a thabhairt don Ghaeilge sa Tuaisceart – níos mó ná beirt as gach cúigear

Deir níos mó ná beirt as gach cúigear i dTuaisceart Éireann gur chóir do pholaiteoirí aontachtacha níos mó tacaíochta a thabhairt don Ghaeilge, de réir pobalbhreith nua de chuid Tuairisc.ie.

De réir na pobalbhreithe, a rinne Kantar Millward Brown do Tuairisc.ie, creideann 42% den phobal ó thuaidh gur chóir do pháirtithe polaitiúla aontachtacha níos mó a dhéanamh ar son na Gaeilge.

10% den phobal a d’easaontaigh go láidir leis an áiteamh gur cheart do na páirtithe aontachtacha níos mó a dhéanamh don Ghaeilge agus 16% a d’easaontaigh go pointe.

Bhí móramh de dhaoine óga idir 16-24 bliain d’aois (57%) den tuairim nach bhfuil dóthain á dhéanamh ag na páirtithe aontachtacha ar son na teanga.

Bhí céatadán na ndaoine idir 25-34 bliain d’aois (47%) a dúirt gur cheart do pholaiteoirí aontachtacha tuilleadh tacaíochta a thabhairt don Ghaeilge níos airde ná an meán (42%) chomh maith.

unionists-Graphs-Pobalbhreith-2016

60% de Chaitlicigh a d’aontaigh gur cheart do na páirtithe aontachtacha níos mó a dhéanamh don Ghaeilge.

Protastúnaigh is mó a thug le fios nár cheart do pháirtithe aontachtacha tacaíocht bhreise a thabhairt don Ghaeilge agus 43% den ghrúpa sin a dúirt amhlaidh, i gcomparáid le 23% ar an meán.

D’easaontaigh 39% de dhaoine os cionn 65 bliain d’aois leis an áiteamh gur chóir do pháirtithe polaitiúla aontachtacha níos mó a dhéanamh ar mhaithe leis an nGaeilge agus dúirt 37% de dhaoine nach bhfuil chomh maith sin as sa saol (DEs) amhlaidh.

Thug céatadán ard (33%) le fios nár aontaigh nár easaontaigh siad leis an tuairim nó nach raibh tuairim ar bith acu faoin scéal.

Cuireadh 1,012 agallamh pearsanta ar rannpháirtithe na pobalbhreithe seo in 60 áit samplála i dTuaisceart Éireann.

Cuireadh agallamh pearsanta ar na rannpháirtithe sa bhaile agus deineadh an phobalbhreith le sampla ionadaíoch i measc daoine 16+ bliain d’aois.

+/-3.1% an lamháil earráide don phobalbhreith seo.

Fág freagra ar 'Ba chóir do pháirtithe aontachtacha níos mó tacaíochta a thabhairt don Ghaeilge sa Tuaisceart – níos mó ná beirt as gach cúigear'

  • Pól Ó Codlata

    Ar ndóigh, caithfear árd-mholadh a thabhairt do BBC TÉ, agus an méid dul chun cinn a tá déanta acu don teanga ar an teilifís agus ar Raidío Uladh. Ní féidir a shéanadh go bhfuil aontachtóirí fós amhrasach faoi mhí-úsáid na teanga mar uirlis pholaitiúil, ach mar a leanann ré na síochánta ar aghaidh, is dócha go mbeadh an Gaeilge aitheanta mar achmainne uilíoch agus neodrach.