Is cúis bhróin agus cúis imní dúinn i Leabhar Breac imeacht Chois Life, agus tréaslaímid le Caoilfhionn Nic Pháidín agus le Seán Ó Cearnaigh agus leis an bhfoireann ar fad a n-éacht ar son na foilsitheoireachta le trí bliana fichead anuas.
Go leor de na fadhbanna a luaigh Cois Life ina ráiteas don phobal, is fadhbanna iad atá á lua le foilsitheoirí ar fud na hEorpa — ísliú ar chaighdeán an oideachais agus neamhaird na meán clóite, ach go háirithe. Aithním gur fadhbanna móra iad sin ach, toisc gur beag is féidir linn a dhéanamh ina dtaoibh, níor mhaith liom go ndéanfaí neamhaird d’fhadhbanna eile taobh istigh den earnáil féin.
Is í an fhadhb is mó a chuireann imní ormsa mar fhoilsitheoir, agus a chuireann imní orm faoi thodhchaí na foilsitheoireachta Gaeilge, a mhí-oiriúnaí is atá cur chuige Fhoras na Gaeilge d’earnáil na foilsitheoireachta Gaeilge. Go hachomair, braitheann an Foras ar dhea-thoil agus ar thiomantas na bhfoilsitheoirí Gaeilge don teanga, ar bhealach nach mbeifí ag súil leis ó aon chomhlacht eile a bheadh ag soláthar don stát. Tá sé sin ceart go leor nuair is foilsitheoir beag thú, agus nuair nach bhfuil i gceist ach cúpla leabhar a fhoilsiú in aghaidh na bliana ar bheagán airgid (nuair is obair pháirtaimseartha í agus nuair atá obair eile ar bun agat).
Ach nuair a thosaíonn na leabhair ag carnadh ní féidir le foilsitheoir leanúint air go páirtaimseartha ag riar ar theach foilsitheoireachta atá ag méadú agus ag freastal ar chúram a éilíonn obair agus oibrithe lánaimseartha — agus is ansin a thiteann an tóin as cur chuige an Fhorais.
Ba mhaith liom a shoiléiriú nach ag caitheamh anuas ar obair lucht an Fhorais atá mé ná ar phearsanra an Fhorais – dream díograiseach a chaith go cúirtéiseach linn i gcónaí -ach ar an gcur chuige lochtach atá ag an eagraíocht. Fós, tar éis 12 bhliain de scéim foilsitheoireachta Chlár na Leabhar Gaeilge, tá an Foras ag súil le caighdeán ard foilsitheoireachta go leanúnach ar phá íseal. Cinnte, tá foilsitheoirí ann atá sásta leanúint ar aghaidh ag saothrú (ar bheagán airgid) ar son phobal léitheoireachta na Gaeilge (nó go dtitfidh siad faoin ualach sin), agus tá an Foras breá sásta a ligean orthu féin go bhfuil sé sin sásúil, ach bíonn toradh an chur i gcéill seo le feiceáil nuair a shroicheann foilsitheoir aois an phinsin nó am scoir agus nuair ba mhaith leis a chúram a thabhairt ar láimh do dhuine éigin a leanfadh d’obair an chomhlachta.
Cá bhfaighidh sé duine éigin a bheadh in acmhainn na hoibre sin agus a bheadh sásta oibriú ar an liúntas suarach a cheadódh an Foras dó? Agus mura bhfuil duine ar bith eile sásta an obair sin a dhéanamh faoi na coinníollacha oibre atá leagtha síos ag an bhForas, cén chaoi ar féidir leis an bhForas seasamh leis na coinníollacha oibre sin?
Is é an faitíos atá orm go nglacfaidh an Foras leis gur chuid den ghnáthshaol é imeacht theach foilsitheoireachta Chois Life (mar a d’imigh Cló Mhaigh Eo agus Móinéar agus comhlachtaí eile roimhe seo), agus gur chuid de nádúr na hearnála é, nó go mbaineann sé le fórsaí móra ‘amuigh ansin’ nach bhfuil neart ag dia ná duine orthu, in áit an deis seo a thapú le scrúdú coinsiasa a dhéanamh agus gníomhú dá réir.
– Is údar agus foilsitheoir (Leabhar Breac) é Darach Ó Scolaí
Fág freagra ar '‘Ba chóir d’Fhoras na Gaeilge scrúdú coinsiasa a dhéanamh agus gníomhú dá réir’ – dearcadh foilsitheora ar chás na hearnála'