Tá Páirtí an Lucht Oibre ag moladh go gcaithfeadh gach dalta bunscoile sa tír bliain amháin ag foghlaim trí Ghaeilge amháin.
Aodhán Ó Ríordáin, urlabhraí oideachais an pháirtí a d’fhógair an polasaí nua agus é ag labhairt le Tuairisc.ie. Dúirt sé go bhfuil athrú “réabhlóideach” ag teastáil chun na fadhbanna atá ann maidir le múineadh na Gaeilge sa chóras oideachais a réiteach.
Tá díospóireacht ann i láthair na huaire maidir le cur chuige na Roinne Oideachais i dtaobh scrúdú na Gaeilge san Ardteist, ach maíonn Páirtí an Lucht Oibre go bhfuil athrú i bhfad níos bunúsaí ag teastáil chun deis níos fearr a thabhairt do pháistí an teanga a thabhairt leo ón scoil.
Deir Aodhán Ó Ríordáin go bhfuil amhras air faoi phlean na Roinne dhá shiollabas nua a thabhairt isteach do scrúdú Gaeilge na hArdteiste – ceann do dhaltaí i scoileanna Gaeilge agus Gaeltachta agus ceann eile do scoileanna Béarla.
Deir an Teachta Dála go bhfuil “an dochar déanta cheana” ó thaobh na Gaeilge de faoin am a bhaineann dalta an Ardteist amach nach bhfuil moltaí nua na Roinne chun é sin a chur ina cheart.
“An fhadhb atá ann faoi láthair ná go bhfuil an-chuid daltaí ag dul tríd an gcóras bunscoile agus, tar éis dóibh ocht mbliana a chaitheamh ag foghlaim na Gaeilge, níl sí acu. Ní dóigh liom go bhfuil sé sin ceart ná cóir,” arsa Ó Ríordáin.
“Ba chóir dúinn rud éigin réabhlóideach a dhéanamh sna scoileanna sin nach bhfuil an Ghaeilge á húsáid mar ghnáth-theanga na scoile iontu.
“An smaoineamh a bhí againn mar pháirtí ná gur cheart bliain amháin a roghnú, b’fhéidir Rang a hAon, b’fhéidir Rang a Dó, b’fhéidir Rang a Trí, agus gach aon ábhar a mhúineadh trí Ghaeilge don bhliain sin.”
Glacann Ó Ríordáin leis gur polasaí “conspóideach” a bheadh i gceist, ach deir sé go bhfuil beart den chineál seo ag teastáil má táthar chun dul i ngleic leis na fadhbanna atá ann i láthair na huaire.
“Tá mé bréan de bheith ag éisteacht le polasaithe faoin nGaeilge ó gach aon pháirtí, mo cheann féin san áireamh, polasaithe a chuireann an bhéim san áit mhícheart agus b’fhéidir go bhfuil sé in am againn an díospóireacht seo a chur os comhair gach duine sa tír seachas os a gcomhair siúd atá sa Ghaeltacht nó atá ag plé leis an nGaeloideachas amháin.”
Deir Ó Ríordáin go gcaithfear stop a chur leis “an droch-chaighdeán Gaeilge” a bhíonn ag líon mór páistí agus iad ag fágáil na bunscoile agus é den tuairim nach bhfuil an cur chuige atá i bhfeidhm i láthair na huaire ag obair.
“Is é seo an polasaí oideachais Gaeilge is measa a bhí againn le 100 bliain anuas. Tá sé ag obair i gcásanna áirithe ach, i go leor cásanna eile níl sé ag obair ar chor ar bith,” a deir Ó Ríordáin, a chaith breis is deich mbliana mar mhúinteoir bunscoile i gcathair Bhaile Átha Cliath.
“Tá scoilt ann ó thaobh scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta agus na scoileanna a mhúineann trí Bhéarla. Ní dóigh linn gur cheart go mbeadh an scoilt sin ann. Ba chóir go mbeadh ardchaighdeán Gaeilge ag gach dalta.”
Measann Ó Ríordáin go mbeadh traenáil bhreise ag teastáil do mhúinteoirí chun go mbeadh siad uile in ann gach ábhar bunscoile a mhúineadh trí Ghaeilge agus go mbeadh ceisteanna ag ceardchumainn agus grúpaí eile ach tá sé den tuairim nach mbeadh mórán daoine i gcoinne an smaoinimh, tríd is tríd.
Deir sé gurb iad na rudaí is tábhachtaí atá le déanamh leis an nGaeilge sa bhunscoil ná páistí a chur ar a gcompord ag úsáid na teanga agus an Ghaeilge a spreagadh taobh amuigh de scoileanna lán-Ghaeilge.
“Caithfidh muid é sin a leathnú amach chuig gach aon scoil sa tír agus stop a chur leis an bpolasaí atá ann faoi láthair, is é sin an Ghaeilge a dhéanamh leathuair an chloig in aghaidh an lae agus bheith ag súil, le cúnamh Dé, go mbeidh an páiste in ann cúpla abairt a chur le chéile nuair a fhágann siad Rang a Sé.”
Colin Ryan
‘Measann Ó Ríordáin go mbeadh traenáil bhreise ag teastáil do mhúinteoirí chun go mbeadh siad uile in ann gach ábhar bunscoile a mhúineadh trí Ghaeilge…’. Abair é. An fhadhb is mó, b’fhéidir.
Éilís Ní Anluain
Moladh maith eile fós Ar Tuairisc inniu – ba leor Gaeilge líofa a bheith ag múinteoir i ngach ochtar sna scoileanna a mhúineann trí Bhéarla leis an bplean seo a chur i bhfeidhm.
Dáithí Mac Cárthaigh
Ba cheart do gach ábhar oide bliain a chaitheamh ag foghlaim trí Ghaeilge don B.Ed. chun é seo a áisiú.
S. Mac Muirí
Is buí do bhocht beagán, ach ní leor é. Ní éiríonn le córas an ghalloideachais líofacht teanga dhúchais aon tír ar domhan a thabhairt do dhaltaí scoile nuair is teanga faoi ghradam na tíre sin an teanga ghallda. Tá sé sin cruthaithe.
Cillian
“Deir Ó Ríordáin go gcaithfear stop a chur leis “an droch-chaighdeán Gaeilge” a bhíonn ag líon mór páistí agus iad ag fágáil na bunscoile”
Gan trácht ar droch-cháighdeán Gaeilge a bhíonn ag líon mór múinteoirí. In ainm Dé, fiú na múinteoirí a bhíonn a dóthain Gaeilge acu Gaeilge a mhúineadh, bíonn drochfhuaimniú acu.
“Caithfidh muid é sin a leathnú amach chuig gach aon scoil sa tír”
Íosa Críost, tá fadhbanna ag Gaelscoileanna múinteoirí le ardchaighdeán Gaeilge a fháil agus measann an fear seo go mbeadh gach múinteoir sa tír in ann an jab a dhéanamh
“polasaithe a chuireann an bhéim san áit mhícheart”
Mo léann, tusa san áireamh a dhuine. Géarchéim teanga sa Ghaeltacht, ní haon rún é sin. Tá sibh ag moladh an teanga do bhfoghlaimeoirí ar thaobh amháin agus ag ligean í fáil bháis ar an taobh eile.