Ba cheart do TG4 cuid de phinginí breise an Bhuiséid a chaitheamh ar a soláthar cúrsaí reatha

Ní raibh goile an léirmheastóra seo sásaithe tar éis chlúdach TG4 ar Bhuiséad 2021, an buiséad ‘is cinniúnaí’ i stair an Stáit

Ba cheart do TG4 cuid de phinginí breise an Bhuiséid a chaitheamh ar a soláthar cúrsaí reatha

Ba é Buiséad 2021 an Buiséad ba mhó is ba chinniúnaí i stair an Stáit, agus meabhraíodh sin dúinn go sollúnta, agus go minic, ar an Máirt. Bhí sé ocht n-uaire níos mó ná ceann na bliana anuraidh agus beartais dár luach €17.75 billiún á bhfógairt. Bhí clocha míle agus curiarrachtaí á sroichint agus á sárú ar fud na háite: an chéad cháinaisnéis ó chomhrialtas idir Fianna Fáil agus Fine Gael, an chéad bhabhta ag Sinn Féin a bheith mar phríomhpháirtí an fhreasúra, beirt airí airgeadais agus an rud ar fad ag tarlú san Ionad Comhdhála i mBaile Átha Cliath seachas sa Dáil. Is ait an mac an saol i ré seo an víris chorónaigh. Go deimhin sé an bithiúnach céanna a shlogfaidh leath de na seacht mbilliún déag sin.

Thosaigh craoladh RTÉ ag 12.40 agus lean sé ar aghaidh go dtí 19.00; filleadh ar an ábhar ó 21.00 go 22.40. Ar an drochuair ní raibh aon chlúdach ag TG4 i rith an lae. Fad is a bhí RTÉ ag craoladh na n-óráidí beo bhí na Gaeil i dtaobh le Murder She Wrote agus The Weakest Link.

Tuigeann madraí an bhaile nach féidir le TG4 coinneal a choimeád le RTÉ ó thaobh acmhainní de ach mar sin féin táid beirt ag tarrac as an tseirbhís nuachta chéanna (RTÉ a chuireann Nuacht TG4 agus 7 Lá ar fáil do TG4).

Is mór an trua ná féadfadh piardaí rannóg na nuachta in TG4 agus RTÉ (RnaG san áireamh) teacht ar chomhaontú faoin tslí go bhféadfaí cur le craoladh na ceárta Gaeilge lá mór mar seo. Nach craoltóirí seirbhíse poiblí iad ar fad i ndeireadh na dála? Ní fál go haer é go mórmhór agus Gaeilgeoirí cosúil le John Downing agus Phil Ní Shéaghdha faoi agallamh ar RTÉ.

Bhí orainn fanacht le Nuacht TG4 ag 7pm agus 7 Lá ag 8pm le léamh na Gaeilge ar an scéal a fheiscint. B’ait liom nár deineadh an dá chlár a nascadh le chéile mar a deineadh laethanta móra eile agus sinn siar is aniar idir láithreoirí na gclár éagsúil. Dá bharr, bhí trasnaíl le feiscint in ábhar an dá chlár agus ní dóigh liom go raibh a ndóthain ama ag míreanna áirithe. Dar liom dá mbeadh an dá chlár nasctha le chéile d’fhéadfadh na míreanna a bheith cniotáilte le chéile níos fearr.

Ní dóigh gur chuir an bhearna leathuair an chloig idir an dá chlár, agus Siar sna Seachtóidí idir eatarthu, leis an eispéireas féachana. Níl sé fuiriste tabhairt faoi chláracha agus an scaradh fisiciúil i réim ach thug na hiriseoirí faoina gcúraimí le flosc. Bhí meitheal an dá chlár luite amach orthu féin le deich gcinn de thuairiscí ar fud na tíre agus dhá agallamh le Siún Nic Gearailt ar an Nuacht agus leithéidí Thomas Byrne, Pearse Doherty, Aodhán Ó Ríordáin agus Fergus O’Dowd faoi agallamh ag Máirín Ní Ghadhra.

Is mór an trua nár baineadh a thuilleadh adhmaid as toise na Gaeilge agus na Gaeltachta den scéal. Cinnte caitheadh pinginí breise i dtreo na Gaeilge agus Gaeltachta, TG4 san áireamh, ach más aon chomhartha é cáineadh Aenguis Uí Shnodaigh is éagóir a bhí sna pinginí pitseála seo i gcomparáid leis an maoiniú a fuair dreamanna eile. Ba gheall le preasráiteas an t-agallamh leis an Aire Martin agus bheadh fiúntas ag baint len í a bheith faoi agallamh ag Máirín Ní Ghadhra nó í a chur i mbun díospóireachta le Ó Snodaigh.

Is breá ann na cláir seo ach ní raibh an goile sásaithe. B’fhéidir nach aon díobháil é cuid den €3.5 milliún breise a fuair TG4 a chaitheamh ar sholáthar cúrsaí reatha an stáisiúin a mhéadú, go mórmhór laethanta móra cosúil le lá an bhuiséid. É sin nó a chur ina luí ar RTÉ nach bhfuiltear sásta a thuilleadh leis an sop in áit na scuaibe.

Fág freagra ar 'Ba cheart do TG4 cuid de phinginí breise an Bhuiséid a chaitheamh ar a soláthar cúrsaí reatha'