Club Chonradh na Gaeilge dúnta de bharr damáiste a rinne lucht ragairne i gcaitheamh na Nollag

Tá an Club dúnta ó thús na míosa seo agus ní osclófar arís é go gcuirfear an obair athchóirithe i gcrích. Briseadh boird sa teach tábhairne Gaelach nuair a chuaigh ‘duine nó beirt thar fóir’ ann i gcaitheamh na Nollaig

Club Chonradh na Gaeilge dúnta de bharr damáiste a rinne lucht ragairne i gcaitheamh na Nollag

Tá Club Chonradh na Gaeilge le meitheal a thabhairt le chéile le haghaidh a thabhairt ar obair athchóirithe atá le déanamh ar an teach ósta Gaeilge i mBaile Átha Cliath i ndiaidh damáiste a bheith déanta ann i gcaitheamh na Nollag.

Fógraíodh ag tús na míosa seo ar leathanach Facebook an Chlub go raibh an Club “dúnta go bhfógrófar a mhalairt” ionas go mbeifí in ann an obair athchóirithe, atá “ríphráinneach” a chur i gcrích.

“Is oth linn a fhógairt go ndearnadh damáiste an-mhór d’áiseanna an Chlub le linn na Nollag agus is gá don choiste [Coiste Chlub Chonradh na Gaeilge] an áit a dhúnadh le caoi a chur ar an gclub,” a scríobhadh.

Chuaigh meitheal a chruinnigh an Coiste, ‘Meitheal Athchóirithe Chlub Chonradh na Gaeilge, i mbun oibre beagán le cois míosa ó shin le tabhairt faoin obair athchóirithe sa chlub. Bhí thart ar 20 duine i láthair ar an 11 Nollaig leis an gClub a ghlanadh agus a phéinteáil agus obair “riachtanach” eile a dhéanamh go deonach.

Beidh an mheitheal á tabhairt le chéile sna seachtainí amach romhainn arís le tabhairt faoin obair arís eile i ndiaidh do “dhuine nó beirt dul thar fóir” i gcaitheamh na Nollag. Tuigtear do Tuairisc.ie gur briseadh boird sa gClub chomh maith leis an scáileán atá sa phríomhsheomra. Tá an córas fuaime briste chomh maith.

Bhí cuid den obair athchóirithe a rinneadh roimh an Nollaig le críochnú freisin le dul i ngleic le ‘lorg na mblianta’ agus an chuma ‘réchaite agus cuimilte’ a bhí ar an gClub tar éis roinnt blianta gan athchóiriú.

Tá cruinniú cinn bliana le gairm ag Coiste Chlub Chonradh na Gaeilge sna seachtainí amach romhainn agus eagrófar an mheitheal athchóirithe i ndiaidh an chruinnithe sin.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie roimh an Nollaig dúirt Cathaoirleach an Choiste John Ó Liodáin go raibh “freastal maith” ar Chlub Chonradh na Gaeilge sna míonna deireanacha den bhliain seo caite agus go mbíodh imeachtaí á reachtúil ar bhonn rialta ann ag grúpaí éagsúla Gaeilge i mBaile Átha Cliath.

Fág freagra ar 'Club Chonradh na Gaeilge dúnta de bharr damáiste a rinne lucht ragairne i gcaitheamh na Nollag'

  • Fionnbarra

    Caithfidh siad bheith cúramach, tá siad ag cailliúnt an ‘margadh Gaeilge’ i mBÁC do na ‘Pop Up Gaeltachtaí’ …