‘Athchóiriú iomlán’ le déanamh ar struchtúr bainistíochta Údarás na Gaeltachta roimh dheireadh na bliana

Deirtear i dtuarascáil neamhfhoilsithe gur cheart straitéis a fhorbairt don Údarás a chinnteodh go mbeadh an fhoireann ag cur le chéile mar is ceart agus go mbainfí leas as na buanna is mó atá ag baill foirne

Udaras1

Tá súil ag Údarás na Gaeltachta go mbeidh “athchóiriú iomlán” déanta acu ar struchtúr bainistíochta na heagraíochta roimh dheireadh na bliana seo.

Rinneadh athbhreithniú neamhspleách ar struchtúr bainistíochta Údarás na Gaeltachta le linn na bliana 2015.

Ba í Roinn na Gaeltachta a d’fhostaigh an comhlacht Public Affairs Ireland le hathbhreithniú a dhéanamh ar struchtúr bainistíochta Údarás na Gaeltachta.

Deirtear sa tuarascáil neamhfhoilsithe gur cheart straitéis a fhorbairt don Údarás a chinnteodh go mbeadh an fhoireann ag cur le chéile mar is ceart agus go mbainfí leas as na buanna is mó atá ag baill foirne.

Moltar sa tuarascáil struchtúr nua a thabhairt isteach a bheadh ag cur leis na dualgais is mó atá ar an eagraíocht sna réimsí ‘Fiontraíocht agus Fostaíocht’, ‘Pleanáil Teanga agus Forbairt Pobail’, agus ‘Rialachas Corparáideach’.

Luaitear i dtéarmaí tagartha na tuarascála na scileanna agus an taithí is gá a bheith ag baill foirne le go bhféadfadh an tÚdarás a cuid cuspóirí a bhaint amach. Moltar iontu chomh maith go mbeadh cur síos beacht, cruinn ar phostanna sinsearacha agus iad á bhfógairt i dtreo is gur féidir iarratasóirí a mheas mar is ceart agus na daoine is fearr a fháil amach anseo.

Thug Aire Stáit na Gaeltachta le fios i bhfreagra ar cheist Dála go raibh cur i bhfeidhm mholtaí an athbhreithnithe pléite anois ag an Roinn agus an tÚdarás.

“Sa chomhthéacs sin, tuigim ón Údarás go bhfuil tús curtha acu le déanaí le cur i bhfeidhm na moltaí sin agus go bhfuil sé mar sprioc acu go mbeidh moltaí na tuarascála curtha i bhfeidhm go hiomlán roimh dheireadh na bliana seo. Ar ndóigh, tuigfidh an Teachta go bhfuil an príomhchúram maidir leis an bpróiseas seo ar Phríomhfheidhmeannach agus ar Bhord an Údaráis,” a dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh agus é ag freagairt ceist Dála a chuir an Teachta Dála Éamon Ó Cuív air.

Fág freagra ar '‘Athchóiriú iomlán’ le déanamh ar struchtúr bainistíochta Údarás na Gaeltachta roimh dheireadh na bliana'