Athbhunú Stormont –  caisleáin óir Karen Bradley

Más treoir ar bith cur chuige Karen Bradley go dtí seo ní bheidh deifir ná driopás uirthi

Athbhunú Stormont –  caisleáin óir Karen Bradley

Tá sé de nós ag Státrúnaí Thuaisceart Éireann Karen Bradley a bheith ag fógairt gur tosaíocht phráinneach aici na hinstitiúidí in Stormont a athnuachan.

Is beag dá chosúlacht a bhí ar a gníomhartha go dtí seo, í tútach ina cur chuige agus amhras na bpáirtithe go léir fúithi ag méadú go seasta. Cén t-iontas mar sin nár shlog mórán a ráiteas sa Pharlaimint in Westminster Déardaoin go raibh cainteanna ilpháirtí á mbeartú aici a mbeadh toradh dearfach orthu faoi dheireadh mhí Lúnasa.

Is fíor gur maith an smaoineamh é spriocdháta a leagan síos do chainteanna Stormont; dá uireasa leanfadh cuid de na páirtithe ag cogaint na círe amhail is gur andúiligh iad.

Is maith an rud freisin Státrúnaí a bheith uaillmhianach, fiú Státrúnaí nár léirigh oiread na fríde d’fhuinneamh go dtí seo. Ba mhaith an rud grinnbhreithiúnas agus ábaltacht i mbun an chúraim, áfach. I bhfianaise an droch-chaidrimh idir na páirtithe faoi láthair is beag dóchas atá i measc na bpolaiteoirí logánta gurbh fhéidir na fadhbanna a réiteach i bpróiseas trí nó ceithre mí. Bhí cúrsaí go dona nuair a theip ar chainteanna i mí Feabhra anuraidh ach is measa fós iad i ndiaidh na fianaise ag an bhfiosrú poiblí faoin RHI agus an teannas faoin mBreatimeacht.

Chuir an Státrúnaí Bradley ionstraim reachtúil faoi bhráid na Parlaiminte Déardaoin chun moill a chur ar thoghcháin Tionóil go dtí an 26 Lúnasa. D’uireasa na hionstraime sin bheadh ceangal reachtúil uirthi toghchán a ghairm an tseachtain seo i ngeall ar an bhfolús in Stormont. Rith sí reachtaíocht éigeandála anuraidh chun vótáil a chur ar an méar fhada go dtí deireadh na míosa seo; bhí foráil sa dlí a cheadaigh síneadh ama cúig mhí eile agus sin é atá curtha i bhfeidhm anois.

Dúirt an Státrúnaí i ráiteas scríofa go mbeadh gá leis an tréimhse iomlán cúig mhí mar go mb’fhéidir nach bhféadfaí próiseas athnuachana Stormont a thabhairt chun críche in achar níos giorra. Níl sé ar intinn aici tús a chur leis an idirbheartaíocht go dtí go mbeidh na toghcháin áitiúla an 2 Bealtaine thart. Dá gcuirfeadh sí tús le cainteanna ar an toirt ina dhiaidh sin, bheadh trí mhí go leith acu don ghnó, díreach le linn shéasúr na máirseála an t-am ar dual do na páirtithe fanacht glan ar chéim ar bith a bhféadfaí comhghéilleadh nó solúbthacht a ghlaoch uirthi.

Níor shoiléirigh Karen Bradley cathain a bhí sé i gceist aici na cainteanna a thionscnamh – ‘chomh luath agus is féidir’ ar sí. Más treoir ar bith a cur chuige go dtí seo ní bheidh deifir ná driopás uirthi. Ní léir gur ionann sainmhíniú an Státrúnaí ar phráinn agus tuiscint éinne eile. Ní léir ach an oiread go dtuigeann sí nach bhfuil muinín ag na páirtithe aisti mar chathaoirleach nó mar áisitheoir ar chainteanna. Is é a mbarúil nach bhfuil sí os cionn a buille mar Státrúnaí agus nach dtuigeann sí an neamhchlaontacht atá riachtanach ina post. Tá a bliain in oifig caite aici, ar mhaithe lena cara Theresa May, ag iarraidh a chinntiú nach gcuirfí olc ar an DUP. Níor stop sé sin Nigel Dodds a bhí an-cháinteach uirthi i ngeall ar an mBreatimeacht.

Ó theip ar na cainteanna idir an DUP agus Sinn Féin bliain ó shin, beidh anailís ghéar agus réamhullmhúchán cuimsitheach riachtanach roimh phróiseas nua. Tharla an teip sin nuair a chuir cosmhuintir an DUP brú ar Arlene Foster agus a foireann an t-eiteachas a thabhairt don sladmhargadh a bhain siad as Sinn Féin mar go raibh Acht Gaeilge ann.

Drochsheans go mbeadh Sinn Féin chomh bog ar an DUP sa chéad bhabhta eile. Ina theannta sin ní bheidh na mionpháirtithe toilteanach filleadh ar Fheidhmeannas a rithfí mar a rith an DUP agus Sinn Féin é cheana agus iad ag roinnt na creiche eatarthu féin. Beifear ag éileamh leasuithe ar an gcóras chun déileáil le héinne a sháródh cód iompair agus ceartuithe ar úsáid an veto chomh maith le go leor athruithe eile.

Ní dhéanfainn talamh slán de go sásódh plean Karen Bradley na riachtanais sin. Sin má tá plean aici ar aon chor. Ní féidir a bheith cinnte nach raibh ina ráiteas ach iarracht chun a thuilleadh cáinte a sheachaint agus gur caisleáin óir gan aon phleanáil iad.

Fág freagra ar 'Athbhunú Stormont –  caisleáin óir Karen Bradley'