Athair agus a bheirt pháistí tar éis bháis i dtimpiste bhóthair i nDún na nGall 

Tharla timpiste i gceantar Bhun an Phobail go deireanach aréir nuair a d’imigh carr den bhóthar ag Rinn Uí Choigligh i gcontae Dhún na nGall

Athair agus a bheirt pháistí tar éis bháis i dtimpiste bhóthair i nDún na nGall 

Tá fear agus a bheirt pháistí as Bun an Phobail tar éis bháis i dtimpiste bhóthair a tharla in Inis Eoghain i ndiaidh a deich a chlog aréir. D’imigh an carr ina raibh siad ag taisteal den bhóthar ag Rinn Uí Choigligh i gcontae Dhún na nGall agus an teaghlach ag filleadh abhaile tar éis dóibh an lá a chaitheamh i nDoire.

I ráiteas ó na Gardaí dúradh go raibh an carr ag taisteal as Magh nuair a sciorr sé trasna an bhóthair agus isteach i mbruach i Loch Feabhail.

Maraíodh an tiománaí, John Mullan, a bhí 49 bliain d’aois agus a bheirt leanaí, Thomas a bhí 14 agus Amelia a bhí sé bliana d’aois. D’éirigh lena máthair Geraldine Mullan, 45 bliain d’aois, a bhí ina suí sa suíochán tosaigh a bealach a dhéanamh amach as an gcarr agus fios a chur ar chúnamh. Tugadh chun an ospidéil i Leitir Ceanainn í agus ní cheaptar go bhfuil a beatha i mbaol.

Tughadh coirp an athar agus na bpáistí go dtí ospidéal Leitir Ceanainn le scrúdú iarbháis a chur orthu.

Dúirt an Ceannfort Garda Eugene McGovern atá ar dualgas i stáisiún Bhun Cranncha agus a bhí ag láthair na timpiste aréir go raibh an aimsir go dona agus an oíche “gaofar agus fliuch”. Dúirt sé gur cuireadh “dromchla nua” ar an stráice sin bóthair le déanaí agus go mbeadh sin ina chuid den fhiosrúchán.

Tá na Gardaí ag lorg cúnaimh ón bpobal lena bhfiosrúchán agus tá iarrtha acu ar aon duine a chonaic carr dubh an teaghlaigh, Mitsubishi, cláruimhir 11 DL 1566, sa cheantar thart ar an am sin aréir dul i dteagmháil leo, go háirithe aon duine a raibh ceamara ar an deais acu.

Tá an R238 idir Magh agus Rinn Uí Choigligh dúnta agus tá an trácht á cur ar mhalairt slí.

Fág freagra ar 'Athair agus a bheirt pháistí tar éis bháis i dtimpiste bhóthair i nDún na nGall '