Beidh seaimpíní Chonnacht, Áth Cliath, Doire agus Dhún na nGall nó Ard Mhacha uile le chéile in aon ghrúpa amháin i gcraobhchomórtas CLG na bliana seo.
Rinneadh an tarraingt do bhabhtaí na ngrúpaí do Chorn Sam Mhig Uidhir agus Corn Tailteann agus tá ceithre cinn de na boic mhóra sa bpríomhchraobh tarraingthe le chéile i nGrúpa 4.
Imreoidh Gaillimh agus Maigh Eo i gcluiche ceannais Chonnacht an Domhnach seo agus rachaidh buaiteoir an chluiche sin isteach i nGrúpa 1, mar a mbeidh an fhoireann a chaillfidh cluiche ceannais Uladh idir Dún na nGall agus Ard Mhacha.
Beidh seaimpíní Chonnacht, Áth Cliath, Doire agus ceann de Dhún na nGall nó Ard Mhacha uile le chéile in aon ghrúpa amháin i gcraobhchomórtas CLG na bliana seo.
Rinneadh an tarraingt do bhabhtaí na ngrúpaí do Chorn Sam Mhig Uidhir agus Corn Tailteann agus ceithre cinn de na boic mhóra sa bpríomhchraobh tarraingthe le chéile i nGrúpa 4.
Imreoidh Gaillimh agus Maigh Eo i gcluiche ceannais Chonnacht an Domhnach seo agus buaiteoir an chluiche sin ag dul isteach i nGrúpa 1, mar a bheidh an fhoireann a chailleann cluiche ceannais Uladh idir Dún na nGall agus Ard Mhacha.
Bhí Áth Cliath i bpota a trí tar éis dóibh cliseadh i gcoinne na Mí Dé Domhnaigh seo caite agus is i bpota a ceathair a bhí Doire tar éis dóibh críochnú ag bun Roinn 1 na sraithe i mbliana agus buaite ag Dún na nGall orthu i réamhbhabhta Chraobh Uladh.
Imreoidh gach foireann in aghaidh na bhfoirne eile atá sa ghrúpa agus beidh cluiche amháin sa mbaile, cluiche as baile agus cluiche i bpáirc neodrach ag na foirne go léir. Imreoidh na seaimpíní cúige a gcéad chluiche sa mbaile in aghaidh pé foireannan fhoireann atá réimnithe sa tríú háit in ord feabhais sa ghrúpa.
Aisteach go leor, d’fhéadfadh grúpa níos éasca a bheith ag an dream a chaill cluiche ceannais Chonnacht an deireadh seachtaine seo ach ní mór é.mórán é.
Imreoidh seaimpíní Uladh, sin Dún na nGall nó Ard Mhacha, i nGrúpa 1 le Tír Eoghain, an Cabhán agus an fhoireann a chaillfidhchailleann an cluiche idir Gaillimh agus Maigh Eo i gCaisleán an Bharraigh.
Bhuaigh Tír Eoghain ar an gCabhán i mbabhtaí ceathrú ceannais Uladh sular chaill siad in aghaidh Ard Mhacha Dé Sathairn seo caite ach d’fhéadfadh siad uile a bheidh sa ngrúpa céanna má chailleann Ard Mhacha i gcluiche ceannais Uladh an tseachtain seo chugainn.
I nGrúpa 2, breathnaíonn sé go mbeidh Ciarraí agus Corcaigh istigh le chéile chomh fada is go bhfaigheann fir na Ríochta an ceann is fearr ar an gClár i gcluiche ceannais na Mumhan Dé Domhnaigh. Pé toradh a bheidh sa gcluiche sin, beidh dhá fhoireann ó chúige Mumhan istigh le Ros Comáin agus pé foireann a chaillfidh cluiche ceannais Laighean idir an Mhí agus Lú.
I nGrúpa 2, breathnaíonn sé go mbeidh Ciarraí agus Corcaigh istigh le chéile chomh fada go bhfaigheann fir na Ríochta an ceann is fearr ar an gClár i gcluiche ceannais na Mumhan Dé Domhnaigh. Pé toradh a bheidh sa gcluiche sin, beidh dhá fhoireann ó chúige Mumhan istigh le Ros Comáin agus an fhoireann a chailleann cluiche ceannais Laighean idir an Mhí agus Lú.
Beidh buaiteoirí an chluiche sin idir an Mhí agus Lú i nGrúpa 3, mar a bhí an dream a chailleann cluiche ceannais na Mumhan chomh maith le Muineachán agus an Dún.
Imreofar an chéad bhabhta cluichí i mbabhtaí na ngrúpaí ar an 17/18 Bealtaine.
Rinneadh an tarraingt inniu chomh maith do Chorn Tailteann. Port Láirge an t-aon chontae Gaeltachta a ghlacfaidh páirt sa gcomórtas i mbliana agus na Déisigh i nGrúpa 2 san iomaíocht le trí cinn d’fhoirne as Cúige Laighean -, Uíbh Fhailí, Laois agus Cill Mhantáin.
Chaill Cill Dara in aghaidh Lú ag an deireadh seachtaine, rud a d’fhág go mbeidh siad i gCorn Tailteann i mbliana agus tarraingíodh Cill Dara i nGrúpa 1 le Sligeach, Liatroim agus Tiobraid Árann.
An Iarmhí, Luimneach, Aontroim agus Londain a bheidh i nGrúpa 3 agus beidh Fear Manach, Loch Garman, Ceatharlach agus an Longfort le chéile i nGrúpa 4.
RachaidhCáileoidh na foirne a chríochnóidh sa chéad áit sna grúpaí díreach ar aghaidh go dtí babhtaí ceathrú ceannais Chorn Tailteann. Imreoidh na foirne a chríochnóidh sa dara háit agus sa tríú háit réamhchluiche ceathrú ceannais, seachas ceann amháin de na foirne a chríochnóidh sa tríú háit.
Díbreofar an fhoireann is measa de na ceithre fhoireann a chríochnóidh sa tríú háit mar go bhfuil áit curtha ar leataobh sna réamhchluichí ceathrú ceannais do Nua-Eabhrac.
Fág freagra ar 'Áth Cliath agus Doire le chéile i ngrúpa fíordheacair agus an tarraingt déanta don chéad bhabhta eile de Chraobh Peile na hÉireann'