Seaimpíní na hÉireann le tús a chur lena bhfeachtas i gCúige Uladh

Tabharfaidh Ard Mhacha agus Aontroim aghaidh ar a chéile inniu sa gcéad chluiche den deireadh seachtaine

Seaimpíní na hÉireann le tús a chur lena bhfeachtas i gCúige Uladh

Is i gCúige Laighean agus i gCúige Uladh a bheidh na cluichí sa gcraobh peile an deireadh seachtaine seo agus seaimpíní na hÉireann 2024, Ard Mhacha, le dul chun páirce maidin inniu.

Is ag dul ó thuaidh chuig iarthar Bhéal Feirste a bheidh buachaillí Kieran McGeeney agus iad le haghaidh a thabhairt ar Aontroim sna babhtaí ceathrú ceannais in Ulaidh. Tharraing Aontroim raic nuair a rinneadh Comhairle Uladh iarracht buntáiste an bhaile a bhaint dóibh toisc nach raibh Páirc Uí Chorragáin sách mór chun freastal ar an slua a bheadh ag iarraidh dul chuig an cluiche. Ach ghéill na riarthóirí faoi dheireadh.

Má tá seans ar bith le bheith ag Aontroim, a díbríodh ó Roinn 3 na sraithe, caithfidh siad an meon a léirigh siad nuair a chuir siad Comhairle Uladh ó dhoras a léiriú inniu. Níor chuir Ard Mhacha tús iontach leis an tsraith agus cé go raibh siad fós i mbaol titim go dtí Roinn 2 sa mbabhta deireanach, rinne siad a ndóthain a chruthú nach bhfuil siad tite siar go mór ó anuraidh. Buille mór é nach mbeidh Rian O’Neill ar fáil dóibh i mbliana ach níor cheart go gcuirfidh sin as dóibh inniu.

Is idir Tír Eoghain agus an Cabhán atá an cluiche eile i gCraobh Uladh an deireadh seachtaine seo agus na foirne ag tabhairt aghaidh ar a chéile amárach ar an Ómaigh. Bhí mí-ádh ar Thír Eoghain nár tháinig siad slán ó Roinn 1 na sraithe le seacht bpointe agus cé nach n-áirítear iad ar cheann de na foirne is fearr sa gcraobh i dteannta Chiarraí, Gaillimh agus Dún na nGall, níor cheart go gcuirfeadh sé iontas ar aon duine má thagann siad aniar aduaidh ar cheann de na boic mhóra sin níos déanaí sa mbliain.

Tá tosaithe agus imreoirí láir páirce an-láidir ag Tír Eoghain ach tá ceist ann go fóill faoi chosaint na foirne agus imreoirí le go leor taithí caillte acu le blianta beaga anuas. Bhí an Cabhán san iomaíocht don ardú céime i Roinn 2 ach chaill siad in aghaidh Chorcaí sa mbabhta deireanach. Bhí bua gan choinne acu ar Mhuineachán i gCraobh Uladh anuraidh tar éis dóibhsean titim ón bpríomhroinn sa tsraith agus ba chóir go mbeidh Thír Eoghain a bheith dírithe ar an ndúshlán atá rompu dá bharr. Mura bhfuil tiocfaidh fir Malachy O’Rourke slán.

Ceithre chluiche i gCraobh Laighean a bheidh againn an deireadh seachtaine seo. iÁth Cliath agus Cill Mhantáin a bheidh againn amárach. Theastaigh am breise do Chill Mhantáin chun an Longfort a chloí an deireadh seachtaine seo caite agus níl aon duine ag súil go dtabharfaidh siad mórán trioblóide d’Áth Cliath.

Ba cheart go mbeadh na trí chluiche eile sa gcúige níos géire. Bhí bua éasca ag an Mhí in aghaidh Cheatharlach an tseachtain seo caite ach beidh cluiche níos crua acu san Uaimh amárach agus Uíbh Fhailí, a bhuaigh Roinn 3 na sraithe, ag teacht ar cuairt. Ba cheart go n-éireodh le foireann Robbie Brennan an beart a dhéanamh sa mbaile ach b’fhiú dóibh a bheith cúramach.

Dá mbeadh gach duine ar fáil acu, ba cheart go mbeadh Lú rómhaith do Laois sa gcluiche eile amárach ach tá naoscaire Lú, Sam Mulroy, gortaithe agus laghdaíonn sé sin an bhearna idir na foirne go mór.

Beidh cluiche suimiúil inniu idir Cill Dara agus an Iarmhí. Déanfaidh na foirne áiteanna a mhalartú sa tsraith an bhliain seo chugainn, D’éirigh le Cill Dara an t-ardú céime ó Roinn 3 a bhaint amach agus tá an Iarmhí ag dul sa treo eile. Tar éis do John Heslin éirí as, theip ar an Iarmhí aon chluiche a bhuachan i Roinn 2, roinn a bhí lag go maith i mbliana, agus tá obair le déanamh acu chun an taoide a chasadh.

Dé Sathairn, 12 Aibreán

Craobh Peile Laighean

Cill Dara v An Iarmhí – Páirc Naomh Conlaith, 19:00 (Beo ar GAA+)

Craobh Peile Uladh

Aontroim v Ard Mhacha – Páirc Uí Chorragáin, 12:30 (Beo ar BBC)

Dé Domhnaigh, 13 Aibreán

Craobh Peile Laighean

Cill Mhantáin v Áth Cliath – Eachroim, 14:00
An Mhí v Uíbh Fhailí – Páirc Tailteann, 14:30
Lú v Laois – Páirc Naomh Conlaith, 15:00

Craobh Peile Uladh

Tír Eoghain v An Cabhán – Páirc Uí Éilí, 16:15 (Beo ar RTÉ & BBC)

Fág freagra ar 'Seaimpíní na hÉireann le tús a chur lena bhfeachtas i gCúige Uladh'