Searbhán.
Tháinig an focal sin isteach i m’aigne agus sos á thógáil agam ó bheith ag glanadh fiailí sa cheapach ghlasraí, mo smig ar bharr mhaide an ghrafáin ar le mo sheanathair é tráth.
Searbhán. Glasra nach bhfuil mórán tóir air na laethanta seo, ach a chuireadh mo sheanathair agus go leor Ísiltíreach eile go fairsing le linn an dara chogadh domhanda, nuair a bhíodh go leor earraí gann; is féidir rúta an tsearbháin a úsáid chun ‘caife’ a dhéanamh.
Shamhlóinn gur chaith mo dhaideo meandar ag machnamh ina cheapach ghlasraí féin an tráth seo 80 bliain ó shin, lá nó dhó roimh dheireadh an chogaidh, na Comhghuaillithe ag druidim leis agus na Gearmánaigh ag teitheadh, agus gur fhiafraigh sé de féin: meas tú ar fiú dom an searbhán a chur i mbliana?
Espresso dúbalta atá á ól agam agus an colún seo á scríobh agam, caife den scoth déanta in inneall nach bhfaca mo sheanathair a mhacasamhail riamh. Ach déarfainn nár shamhlaigh mo dhaideo riamh ach oiread go mbeadh an domhan sa riocht seo arís go deo, an tsaoirse a fuair an Eoraip ar ais i mBealtaine 1945 faoi bhagairt ó fhórsaí seachtracha agus inmheánacha araon.
Agus mo smig ar bharr mhaide an ghrafáin agam rith rud liom a dúirt máthair m’iarchéile, suaimhneas dá hanam gaoiseach, tráth faoina sinsir féin, a tugadh go dtí an Bhrasaíl ina sclábhaithe ó iarthar na hAfraice.
‘Agus bia ár sinsear á réiteach againn,’ a dúirt sí agus stobhach tiubh lán ola pailme á mheascadh aici, ‘mairimid cuid den saol a mhair siadsan.’
Bhí roinnt cuardaigh i gceist agus bhí orm an focal ‘searbhán’ a litriú don stócach a bhí ar chúl an chuntair i siopa talmhaíochta an bhaile, ach d’aimsigh muid mála síolta; nuair a bheidh an colún seo seolta go Bearna agam cuirfidh mé sa talamh iad.
Fág freagra ar '‘Agus bia ár sinsear á réiteach againn mairimid cuid den saol a mhair siadsan’'