Tá na seanlaethanta ar ais anseo i gCorcaigh agus corn náisiúnta buaite ag ár n-iománaithe don chéad uair ó 2005. Tá Corcaigh anois mar rogha na coitiantachta chun an dá chorn eile a bhfuil seans acu orthu, craobhacha na Mumhan agus na hÉireann a bhuachan.
Rachaidh Corcaigh go hInis an tseachtain seo chugainn nuair a thógfar an chéad chéim i dtreo na gcorn sin ach, mar a deir an seanfhocal, ‘is minic a bádh bád i mbéal cuain‘.
An t-am seo anuraidh, bhí Luimneach mar rogha na coitiantachta chun craobh eile a chur leis na ceithre cinn i ndiaidh a chéile a bhí buaite acu ó 2020. Agus go dtí gur bhuaigh Corcaigh orthu i mbabhta a trí i gCraobh na Mumhan, ní raibh aon chaint ann nach ndéanfadh siad an beart. Spreag an toradh sin ceist nó dhó ach bhí an tromlach ar aon fhocal go fóill go mbainfidís an cúigiú craobh as a chéile, beart stairiúil nach raibh déanta riamh roimhe sin san iomáint.
Bhí an chuma ar an scéal go rabhadar ar bhóthar a leasa nuair a bhuadar Craobh na Mumhan den séú huair as a chéile cúpla seachtain tar éis dóibh cailliúint in aghaidh Chorcaí ach, ní mar a shíltear a bhítear i gcónaí dar ndóigh, agus bhuaigh Corcaigh arís ar fhoireann John Kiely i gcluiche leathcheannais na hÉireann. Chaill Corcaigh cluiche ceannais na hÉireann ina dhiaidh sin áfach agus an Clár spreagtha ag taispeántas iontach ó Tony Kelly sa chluiche ceannais.
Tá gach mac máthar ag díriú isteach ar an deireadh seachtaine seo chugainn agus na chéad chluichí i gcraobh na bliana seo le himirt seachtain ó inniu.
Trí chontae dhéag atá chun tabhairt faoi iarracht í a bhuachan roimh dheireadh an tsamhraidh – sé cinn i gcúige Laighean, cúig cinn i gcúige Mumhan agus an péire a thiocfaidh ó chraobh Mhic Dhonncha. As an trí fhoireann déag sin, áfach, níl ach dornán beag a bhfuil seans réalaíoch acu ar an duais mhór agus spriocanna difriúla ag an gcuid eile.
Tá foirne Mhic Donncha ag iarraidh Corn Mhic Donncha a bhuachan agus ardú céime a bhaint amach, agus ansin, b’fhéidir, réamhbhabhta ceathrú ceannais a bhuachan má táthar in ann.
I gcúige Laighean, mheasfainn go mbeadh Aontroim agus Uíbh Fhailí sásta go leor díreach gan a bheith ar an dream a chríochnaíonn ag bun an tábla agus a dtugtar ísliú céime dóibh. Seans gur idir Áth Cliath agus Loch Garman a bheidh sé don tríú háit i gcúige Laighean agus Cill Chainnigh agus Gaillimh a bheadh sa chluiche ceannais.
Is deacair a rá ag an bpointe seo a rá cé a thiocfaidh as cúige Mumhan. Bheinn a cheapadh go ndéanfadh Corcaigh agus Luimneach an beart agus d’fhéadadh aon cheann de na trí chontae eile bheith sa tríú háit.
Faoi láthair, is iad Luimneach, Corcaigh agus Cill Chainnigh na foirne atá mar phríomhrogha ag na geallghlacadóirí ach, mar is eol dúinn, is féidir le rudaí athrú go han-tapa.
I sraith na bliana seo, ní raibh an Clár thar mholadh beirte agus iad díbeartha ó Roinn 1A, mar atá Loch Garman. Ba iad Corcaigh agus Tiobraid Árann an dá fhoireann ba láidre i rith an earraigh, ach sa chluiche ceannais Dé Domhnaigh seo caite, bhí sé soiléir luath go maith nach raibh na Tiobraid Árannaigh in ann ag Corcaigh.
Ag an bpointe seo tá dóchas éigin i ngach contae, ach b’fhéidir nach mairfeadh sé i bhfad.
alan titley
Corcaigh ar muin na muice? Áit shalach chontúirteach í an mhuin chéanna go háirithe nuair atá an mhuc fiain.