ASNC: Geaing cairde ag an Oireachtas ag cur na ceiste cén fáth sa foc ar tháinig Tadhg in aon chor

Tuairiscítear go raibh cinneadh Thaidhg freastal ar an bhféile in Óstán an Citywest á cheistiú go neamhbhalbh ag daoine faoin am a cuireadh tús le Club na Féile aréir

ASNC: Geaing cairde ag an Oireachtas ag cur na ceiste cén fáth sa foc ar tháinig Tadhg in aon chor

‘Cén fáth sa foc ar tháinig sé in aon chor?’.

B’in an cheist a bhí á cur ag féile Oireachtas na Gaeilge tráthnóna inné ag geaing cairde a bhfuil amhras orthu arbh fhiú do dhuine dá ngrúpa teacht go dtí an fhéile ar chor ar bith má bhí sé chun an deireadh seachtaine go léir a thabhairt ag gearán.

Is amhlaidh go raibh amhras ó thús ar an ngeaing cairde faoi chinneadh Thaidhg, 38, teacht go dtí Oireachtas na Gaeilge 2019 agus is cosúil gur i méid a chuaigh an t-amhras sin i gcaitheamh an lae inné.

Tuairiscítear go raibh cinneadh Thaidhg freastal ar an bhféile in Óstán an Citywest á cheistiú go neamhbhalbh ag daoine faoin am a cuireadh tús le Club na Féile aréir.

Dúirt duine amháin den gheaing cairde gur luath go maith inné a d’éirigh sí féin amhrasach faoi cén fáth sa foc ar tháinig Tadhg in aon chor.

 

15 cineál eile Gaeilgeoirí a chasfar ort ag an Oireachtas i gCill Airne

 

“Thosaigh sé nuair a leandeáileamar sa Citywest. Ní túisce eochair an tseomra aige agus bhí sé ag gearán faoin leagan amach ar an áit agus ag moladh Cill Airne mar ionad cé go raibh sé ag gearán faoi sin le dhá bhliain anuas. Ansin chonaic sé duine nach dtaitníonn leis sa lobby agus thosaigh sé ag eascainí faoina anáil faoi Ghaeilgeoirí ar junkets ag caint shite.

“Chonaic sé ceamara uaidh ansin agus thosaigh sé ag tabhairt amach faoin méid Béarla agus droch-Ghaeilge a bhíonn ar TG4. Dúirt sé go ndéarfadh sé an méid sin leis an bhfear ceamara féin dá dtiocfadh sé chuige. Ba chuma liom ach ceapaim gur ón mBBC mo dhuine.”

12 cineál Gaeilgeoirí a chasfar ort ag Oireachtas na Gaeilge

Dúirt duine eile den gheaing cairde gur tháinig amhras air féin faoi cén fáth sa foc ar tháinig Tadhg go dtí an tOireachtas in aon chor nuair a thug siad beirt cuairt ar Aonach an Oireachtais.

“Cheapas go mbeadh taom croí aige bhí lucht na seastán ag cur an oiread sin oilc air. Bhí rud éigin i gcoinne an uile dhuine acu aige agus ní hiad na heagraíochtaí móra teanga amháin. I mean cén saghas duine go mbeadh nimh sa bhfeoil aige le comhlacht déanta fudge?”.

Tuairiscítear gur in olcas a chuaigh cúrsaí ina dhiaidh sin nuair a bhí ar Thadhg cúig nóiméad a chaitheamh ag fanacht ar dheoch sa bheár.

 

Fág freagra ar 'ASNC: Geaing cairde ag an Oireachtas ag cur na ceiste cén fáth sa foc ar tháinig Tadhg in aon chor'

  • Poraic o'hEipicín

    An bhfuil gaeilge ar, Geaing, Foc.