ASNC: ‘An Biogóid Blasta’ ag teacht go TG4

BRÉAGSCÉAL: Cosaint déanta ag TGFore! ar a chinneadh sraith chócaireachta a choimisiúnú ón bpolaiteoir conspóideach Gregory Campbell.

Gregory CambpellTá cosaint déanta ag Pádhraic Ó Kia Ora ar chinneadh TGFore! sraith de chláir chócaireachta a bhronnadh ar an bpolaiteoir conspóideach Gregory Campbell.

Ag labhairt dó ar Athmhandarin ar RTÉ Orangina dúirt  O Kia Ora:

“Tá sé curtha inár leith ag daoine áirithe gur seift náireach margaíochta é seo agus níl sé sin cruinn. Seift mhínáireach margaíochta atá ann, an ceann is fearr a cheapamar fós.

“Beidh an-éileamh air seo in áiteanna nár éirigh linn mórán de lucht féachana a mhealladh go dtí seo.”

Níl aon teideal roghnaithe don chlár fós, is cosúil.

Curry my favour Súpaí DUPaí, sin dhá cheann atá luaite sa cheaintín. Nó An Biogoíd Blasta, sin ceann eile. Ar aon bhealach, beidh cannaí go leor anraith ar fáil dúinn ó chomhlacht Uí Chathmhaoil le na babe-anna leathnochta a choinneáil te i rith an gheimhridh, ” a dúirt Ó Kia Ora.

Tagann cinneadh TGFore! sna sála ar an gcáineadh atá déanta ag comhlachtaí éagsúla ar an scigaithris atá á dhéanamh le tamall ag Gregory Campbell ar an nGaeilge.

Deir na comhlachtaí is aitheanta páipéar leithris, iógart agus curaí  go gcuirfidh siad an dlí ar aon pholaiteoir a dhéanann iarracht iad a cheangal leis an nGaeilge ná le conspóidí teanga.

Maíonn siad go bhfuil droch-cháil tarraingthe ag imeachtaí sna Sé Contae le coicís ar a mbrandaí agus go mbeidh drogall feasta ar Ghaeilgeoirí thuaidh agus theas a gcuid earraí a cheannach.

“Tá muid bréan den scéal seo faoin bpáipéar leithris,” a dúirt urlabhraí Andrex,  W C Shires.

“Is beag ár n-eolas ar an teanga atá luaite ag Gregory agus is lú ár dtuiscint ar chóras uathúil rialtais an Tuaiscirt ach fág acu iad, níor theastaigh uainne a bheith tarraingthe isteach sa bpoll portaigh seo ar chor ar bith”.

D’aontaigh ionadaí Danone,  Bláichín Ní Mhilseoige:

“Fágann caint Ghregory Cambpell i Stormont agus ag comhdháil an DUP blas géar, searbh i mbéal na ndaoine, “ a dúirt sí, “rud nach furasta a ruaigeadh cuma cé acu táirge blasta le Danone a itheann/ólann duine.”

“Táimid curtha soir ag an gcaint seo ó thuaidh,” a deir ionadaí Sharwoods, Josh Rogan.

“Más mian le Gréagóir a bhéal cam a chur i mbun maslaí, cead aige labhairt ar chineál éigin eile bia.”