As éacht na bliana seo amháin, tá aitheantas as an ngnáth tuillte ag Luachma-Caisleán Laighnigh

Ón lá seo amach níl aon fhaitíos orm a rá go seasfaidh i bhfad níos mó daoine sa Luachma agus i gCaisleán Laighnigh agus ní gan chúis

As éacht na bliana seo amháin, tá aitheantas as an ngnáth tuillte ag Luachma-Caisleán Laighnigh

John McGrath. Pictiúr: INPHO/Lorraine O'Sullivan

Mura raibh socraithe agat agus tú ag taisteal aduaidh as Páirc Semple go ndéanfá seachaint ar an trácht ar bhóthar an Aonaigh, nó ar na cúpla ciliméadar tranglaim idir thú agus an mótarbhealach ar an taobh eile den bhaile, tá seans maith ann nach ndeachaigh tú trí na machairí méithe ná na bailte beaga ar a dtugtar Luachma agus Caisleán Laighnigh.

Achar beag ó dheas den Teampall Mór atá siad, ar dheis de Bhaile an Bhriste – ansiúd a thuigeann an teifeach as Páirc Tom Semple go ndearna sé a chríonnacht seachas a bheith ag coraíocht le cantalacháin de thiománaithe eile nó ag cuartú sóinseáil don dola.

Ón lá seo amach níl aon fhaitíos orm a rá go seasfaidh i bhfad níos mó daoine sa Luachma* agus i gCaisleán Laighnigh agus ní gan chúis, mar gur ansiúd atá ceann de na cumainn is iomráití agus is iontaí dá raibh sa gCumann Lúthchleas Gael riamh.

Dé Domhnaigh seo caite bhuaigh siad ar Sháirséalaigh Dhurlais in athimirt agus thug Craobh Shinsearach Iomána Thiobraid Árann agus Corn Dan Breen leo. An Domhnach roimhe rinne siad an cleas céanna le Tráchtálaithe Chluain Meala agus thug Corn Uí Dhuibhir aduaidh.

As an 18 imreoir a chuaigh chun páirce i mbua cúilín an Domhnaigh seo caite, bhí 14 acu ag imirt i gcluiche ceannais na peile. Chuile sheans go mbeadh John Meagher é féin le feiceáil sa bpéire murach é a bheith gortaithe.

Inniu tá siad in iomaíocht sa gcéad bhabhta de Chraobh Peile Chlubanna na Mumhan, an 18ú deireadh seachtaine as a chéile acu a dhul chun páirce – níl cur síos air mar éacht.

Cuir ar an gcaoi seo é. Nuair a d’imir Cill Mhochuda-Na Crócaigh sa dá chluiche ceannais in Áth Cliath le gairid ní raibh an duine amháin féin acu ar an dá fhoireann.

I mbun a ngaiscí i dTiobraid Árann, bhuaigh foirne Luachma-Chaisleán Laighnigh ceithre cinn de na cluichí agus gan acu ach farasbarr aon chúilín amháin, chríochnaigh siad cothrom i bpéire eile inarbh iadsan a fuair an cúilín comhscóir agus ní raibh idir iad agus a gcéilí comhraic ach an t-aon chúilín amháin sa gcluiche aonair a chailleadar – i mí Lúnasa seo caite – ceann a fuair Alan Flynn agus a thug an bua do Choill an Daingin, curaidh iomána 2020.

Chonaic mé ráite ag cleasaí i rith na seachtaine nach raibh d’imní orthu as sin amach ach go dtiocfadh siad chomh fada le cluiche peile agus gan acu ach camáin agus clogaid, nó nach mbeadh acu ach na miotóga agus an chosaint fiacla ag dul chun iomána!

Ar nós gach bua foirne ní móide gur cheart a bheith ag lua imreoirí thar a chéile, ach ní féidir gan sin a dhéanamh i gcás John McGrath. Ba eisean a scóráil cúilín an bhua i gcluiche ceannais na peile agus arís sa gceann iomána. Ba air a bronnadh an gradam ‘Laoch na hImeartha’ sna babhtaí ceathrú ceannais agus leathcheannais sa dá chód, mar aon leis an gcluiche ceannais peile agus an ceann comhscóir iomána.

Go traidisiúnta ba cheantar peile a bhí i Luachma agus i gCaisleán Laighnigh agus bhí beirt as an áit Jim agus Bill Ryan ar fhoireann Thiobraid Árann a bhí i bPáirc an Chrócaigh ar Dhomhnach na Fola 1920.

Tá scéala ann go mba isteach i ngarraí móinéir a caitheadh na camáin ba thúisce a tugadh chomh fada leis an bpáirc imeartha, ach níl a fhios agam cén aird atá le tabhairt air sin.

Chuala mé a leithéid droim ar ais faoi chlub i gceantar iomána i gContae an Chláir chuig ar tugadh peil. An dara tráthnóna cleachtaidh chuaigh sí isteach i ngarraí ina raibh feirmeoir (fear mór iomána) ag sábháil fhéir. Diabhal blas a rinne sé ach an píce a shá go feirc inti agus dúirt ‘There will be no more of that football here!’

Pébrí céard faoi sin, is fíor go raibh ocht gcinn de Chraobhacha Peile buaite ag Luachma-Caisleán Laighnigh sular thugadar an chéad cheann iomána leo i 1988. Ó shin tá trí cinn eile díobh sin curtha leis acu agus leathdhosaen peile.

As éacht na bliana seo amháin, tá aitheantas as an ngnáth tuillte acu agus is mór an feall mura dtabharfar sin ar bhealach cuí ar sin agus muna ndéanfar é a cheiliúradh mar is cóir.

* Tá éagsúlacht ag baint le leaganacha na háite seo i mBéarla. ‘Loughmore’ a thugtar go coitianta air, ach de réir www.logainm.ie ‘Loughmoe’ atá go hoifigiúil air – Luachma i nGaeilge. Sin freisin atá ar an gCaisleán atá in aice an bhaile bhig. Ba i Luachma a tógadh Hanna Sheehy Skeffington a throid ar son an náisiúnachais agus chearta na mban.

‘Caisleán Aibhne’ atá ar an scoil náisiúnta a bhí i gCaisleán Laighnigh nuair a déanadh bailiúchán na scol atá le fáil i www.duchas.ie. Tá scéal ann a fuair Margaret Delahunty as Goirtín óna hathair Séamus faoi fhear a bhí ag dul an bóthar i lar na hoíche nuair a chuala sé feadóg á séideadh i bpáirc ina raibh lios.

Ag breathnú thar an gclaí dó, chonaic sé réiteoir ag caitheamh an tsliotair isteach idir dhá fhoireann. Ag a dó a thosaigh an imirt. Séideadh an fheadóg dheireanach ag a trí. Go gairid ina dhiaidh sin thuirling cóiste aisteach as an spéir agus mháirseáil ceann de na foirne agus a gcuid lucht tacaíochta isteach ann duine ar dhuine. Thug an dream eile aghaidh ar an lios.

Agus é a phlé le daoine eile i ndiaidh na hócáide, bhí an fear agus iadsan ar aon intinn nach bhféadfadh a bheith feicthe aige ach aon rud amháin.

An Cluiche Ceannais idir sióga Chonnacht agus sióga na Mumhan.

Fág freagra ar 'As éacht na bliana seo amháin, tá aitheantas as an ngnáth tuillte ag Luachma-Caisleán Laighnigh'