As an gCeathrú Rua don Bheilg

Ard-Dioplóma i nGaeilge Fheidhmeach & Aistriúchán – Dianchúrsa 6 mhí de chuid Ollscoil Teicneolaíochta na Atlantaigh/Europus/Údarás na Gaeltachta

As an gCeathrú Rua don Bheilg

Dá mbeadh sé ráite ag duine ar bith liom cúpla bliain ó shin go mbeinn i mo shuí in oifig i mBruiséil na Beilge ag caitheamh mo shaoil trí mheán na Gaeilge, níl bealach ar bith go gcreidfinn é. Is a bhuí leis an Ard-Dioplóma i nGaeilge Fheidhmeach agus Aistriúchán de chuid Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh, a reáchtálann Europus ar an gCeathrú Rua le maoiniú ó Údarás na Gaeltachta, atá an cineál sin saoil agam anois.

Ní raibh mé iomlán cinnte sular thug mé faoin gcúrsa cén treo a raibh mé ag dul ó thaobh mo ghairme. Bhí céim sa Fhraincis agus sa Ghearmáinis bainte amach agam ach ba í an Ghaeilge an teanga ba ghaire do mo chroí i gcónaí agus theastaigh uaim ceangal a dhéanamh léi arís i ndiaidh ceithre bliana fada d’oideachas trí Bhéarla. Ó tharla an cúrsa lonnaithe ar an gCeathrú Rua i gConamara thapaigh mé an deis 6 mhí a chaitheamh tumtha sa teanga agus sa Ghaeltacht agus ag an am céanna cáilíocht L8 a bhaint amach san aistriúchán.

Bhain cur chuige teagaisc praiticiúil leis an gcúrsa agus bhí meascán suimiúil modúl ann ó dhianchúrsa gramadaí, aistriúchán cáipéisí, aistriúchán scripteanna, craoltóireacht agus fotheidealú. Bhain mé an-tairbhe as gach ceann díobh agus ba shaineolaithe ar na hábhair éagsúla a bhí i mbun teagaisc, rud a chuir go mór le héagsúlacht agus ardchaighdeán an chúrsa. Níl aon dabht faoi ach gur chuir an taithí a fuair muid ar chineálacha éagsúla aistriúcháin ar an gcúrsa chun tosaigh mé thar dhaoine eile agus mé ag cur isteach ar chomórtas intéirneachta in Institiúidí an Aontais Eorpaigh.

Cuireadh oiliúint orainn i ngach gné de cheird an aistriúcháin chomh maith le léargas a thabhairt dúinn ar na huirlisí ar fad atá úsáideach don aistritheoir. Leis an oiliúint sin, b’éasca dom dul i dtaithí ar an gcóras a bhí sna hinstitiúidí agus chuaigh mé i bhfeidhm ar an bhfoireann ansin ón tús. Faoi dheireadh an chúrsa bhí mé i bhfad níos muiníní asam féin agus as mo chumas oibre agus chuidigh an t-ardú croí sin go mór liom na deiseanna a bhí ar fáil san Eoraip a thapú.

Bhí na teagascóirí uilig thar a bheith tacúil agus cabhrach agus rinneadh bean Ghaelach mhuiníneach díom i gcaitheamh na tréimhse gairide a bhuíochas dóibh. B’iontach an deis a bhí ann saineolaithe teanga a bheith againn mar theagascóirí agus níl aon dabht ach gur fhoghlaim mé go leor uathu. Braithim go bhfuil cairde saoil anois agam ó theagascóirí go comhscoláirí ón gcúrsa. Ó tharla go raibh an rang beag (12-15 mac léinn), ní hamháin go raibh an deis againn aird níos dírithe a fháil ó na teagascóirí ach chuir muid na seacht n-aithne ar a chéile, rud a chuir go mór le spiorad an ranga agus a rinne níos éasca é ceisteanna a chur níos minice.

Chomh maith leis sin, bhíodh plé agus díospóireachtaí suimiúla againn sa rang a chuir go mór le saibhreas teanga agus leis an gcaidreamh a bhí eadrainn mar rang. Bhí scoláirí ó gach aoisghrúpa, ó gach cearn den tír agus ó gach cúlra inár measc agus chuir gach uile dhuine againn leis an bpróiseas foghlama inár mbealaí féin.

Mholfainn an cúrsa seo do dhuine ar bith a bhfuil spéis acu sa Ghaeilge. Tá i bhfad níos mó i gceist leis ná cúrsa aistriúcháin. Is cinnte go gcuirfidh sé le do chuid scileanna gairmiúla agus teanga agus go mbeidh réimse leathan deiseanna fostaíochta ar fáil do dhuine ar bith a thabharfaidh faoi ach chomh maith leis sin is taithí saoil den chéad scoth an cúrsa seo. Tugadh léargas dom ar ghnéithe den teanga, de chultúr na hÉireann, de shaol na Gaeltachta agus na Gaeilge nár chuala mé riamh fúthu. Ní dhéanfaidh mé dearmad go brách ar mo thréimhse ar an gCeathrú Rua ar an Ard-Dioplóma agus is mór agam an taithí agus tacaíocht a fuair mé ann.

Ciara Ní Bheaglaoich, Ard-Dioplóma 20-21

Fág freagra ar 'As an gCeathrú Rua don Bheilg'

  • Caroline

    Nach méanar duit é deis a fháil barr feabhais a chur ar do chuid Gaeilge in áit a labhartha. Is deas liom an t-alt seo a léamh mar gheall go mbeidh mé féin ag cur tús le hintéirneacht aistriúcháin sa Bhruiséal sna seachtainí amach romhainn agus mé ag súil go mór leis. B’fhéidir go bhfeicfinn thall thú.