Ardú mór ar líon na ndaltaí iarbhunscoile a fuair díolúine ón nGaeilge ó tugadh isteach córas nua

‘Drochscéal don teanga agus d’áit na Gaeilge sa chóras Oideachais’ atá sna figiúirí is déanaí faoi líon na ndaltaí a fhaigheann díolúine ón nGaeilge, a deir saineolaí oideachais

Ardú mór ar líon na ndaltaí iarbhunscoile a fuair díolúine ón nGaeilge ó tugadh isteach córas nua

Tháinig ardú beagnach 20% ar líon na ndaltaí iarbhunscoile a fuair díolúine ón nGaeilge de bharr deacrachtaí foghlama ó tugadh isteach córas nua a gealladh a dhéanfadh rud “annamh agus eisceachtúil” den díolúine ón nGaeilge.

De réir figiúirí nua atá faighte ag Tuairisc.ie, tugadh díolúine ón nGaeilge do 5,076 dalta iarbhunscoile in 2018/2019 ach mhéadaigh líon na ndaltaí a fuair díolúine go 6,026 sa scoilbhliain dheireanach, idir an 1 Meán Fómhair 2019 agus an 31 Lúnasa 2020.

Is i mí Mheán Fómhair 2019 a tugadh isteach an córas díolúine nua a gheall an Roinn Oideachais a dhéanfadh rud “eisceachtúil” den díolúine.

“Drochscéal don teanga agus d’áit na Gaeilge sa chóras oideachais atá sna figiúirí nua seo ón Roinn Oideachais,” dar leis an saineolaí oideachais aitheanta, an tOllamh Pádraig Ó Duibhir.

“Tá gach rud atá ráite ag an Roinn Oideachais bréagnaithe ag na figiúirí is déanaí. Cur i gcéill a bhí ann ag iarraidh a bheith ag maíomh gur rud annamh agus eisceachtúil a bheadh ann agus fios go maith ag éinne a raibh tuiscint acu ar an tslí a bhfuil díolúintí á mbronnadh faoin chóras nua nach mar sin a bheadh sé” a dúirt an tOllamh Ó Duibhir, Leas-Dhéan Institiúid Oideachais Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, le Tuairisc.ie . 

“Tá an-díomá orm ach ní fhéadfainn a rá go bhfuil iontas orm. Tá díolúintí á n-éileamh ar chúiseanna míchearta agus níl bonn teangeolaíochta faoi na critéir atá i bhfeidhm chun díolúine a fháil,” a dúirt sé.

De réir anailís atá déanta ag Tuairisc.ie ar na figiúirí nua níor tháinig ach 3% d’ardú ar líon na ndíolúintí Gaeilge sa scoilbhliain 2018/2019 agus ardú faoi bhun 5% a bhí i gceist sa scoilbhliain roimhe sin arís, 2017/2018.

Léiríonn na figiúirí nua ón Roinn Oideachais gur méadú os cionn 28% a tháinig ar líon na ndíolúintí a ceadaíodh le trí bliana anuas, idir 2016/17 agus 2019/2020, ach is le linn na bliana seo caite is mó a bhí ardú i gceist.

Díolúintí ón nGaeilge ceadaithe do dhaltaí iarbhunscoile i ngach bliain de bharr deacrachtaí foghlama

2019/20 6,026 + 19%
2018/19 5,076 +3%
2017/18 4,920 +5%
2016/17 4,699

Faoin gcóras nua a tháinig i bhfeidhm ag tús na scoilbhliana mí Mheán Fómhair seo caite, cuireadh mar chúram ar phríomhoidí na n-iarbhunscoileanna díolúintí ón nGaeilge a cheadú i gcás deacrachtaí foghlama a bheith ag daltaí. Go dtí sin ba ghá teastas a bheith tugtha ag síceolaí oideachais gairmiúil leis an díolúine sin a fháil.

Deir an Roinn Oideachais nach féidir a rá go cruinn fóill cé mhéad dalta a fuair díolúine faoin seanchóras agus cé mhéad a fuair ceann faoi chóras conspóideach nua a tugadh isteach Meán Fómhair seo caite agus ní bheidh an t-eolas oifigiúil sin ar fáil do dtí an chéad ráithe den bhliain seo chugainn nuair a bheidh anailís déanta ar an eolas go léir a bhaileofar ó na scoileanna i dtaobh na ndíolúintí.

Mar sin féin, níl an Roinn ábalta aon mhíniú eile a thabhairt ar an ardú suntasach in imeacht bliana ar líon na ndíolúintí.

Sular tugadh an córas nua isteach, d’admhaigh an Roinn Oideachais go mbíodh 40% de na díolúintí ón nGaeilge a thugtar do dhaltaí “mícheart” agus mhaígh siad go gcinnteodh an córas nua gur rud “annamh agus eisceachtúil” a bheadh i ndíolúine ón nGaeilge feasta.

Ach níor thug an Roinn aon sainmhíniú ar cad a bhí i gceist le ‘annamh agus eisceachtúil’ agus bhí saineolaithe oideachais éagsúla den tuairim go gcuirfeadh an t-athrú go mór le líon na ndíolúintí ón nGaeilge a cheadófar.

Bhí deis ann in 2018 dul i ngleic mar is ceart le ceist na ndíolúintí nuair a léirigh Tuarascáil na Cigireachta na laigí ar fad a bhain leis an gcóras, dar leis an Ollamh Pádraig Ó Duibhir. “An moladh a bhí sa tuarascáil sin go gcuirfí córas níos doichte i bhfeidhm ach a mhalairt a tugadh isteach. Tá an córas nua i bhfad níos scaoilte agus tá fianaise sin le fáil sna figiúirí nua a léiríonn an fás ollmhór atá tagtha ar líon na ndíolúintí a bronnadh le bliain anuas,” a dúirt sé.

Beidh deis eile ag an Roinn Oideachais déileáil le cás na ndíolúintí nuair a dhéanfar athbhreithniú ar an gcóras nua tar éis dhá bhliain, a deir an tOllamh Ó Duibhir. “Bheadh muid ag súil go mbeadh eolas á bhailiú ag an Roinn Oideachais i rith an ama sa chaoi go bhféadfaidís anailís a dhéanamh ar na critéir faoinar bronnadh na díolúintí breise seo.”

Léirigh taighde a rinne Tuairisc.ie an mhí seo caite gur tháinig ardú 27% ar líon na ndíolúintí ón Gaeilge a bronnadh ar dhaltaí sa séú bliain ón uair a tugadh isteach an córas nua díolúintí anuraidh.

Léiríodh chomh maith nach bhfuair 18% de na daltaí a fuair gráid mheasta don Ardteist i mbliana aon mharc don Ghaeilge mar nach raibh siad cláraithe d’aon scrúdú Gaeilge.

10,704 dalta den 60,419 dalta ar fad nár chláraigh do scrúdú Gaeilge i mbliana. Bhí díolúine ag 65% de na daoine nár chláraigh do scrúdú Gaeilge.

Fág freagra ar 'Ardú mór ar líon na ndaltaí iarbhunscoile a fuair díolúine ón nGaeilge ó tugadh isteach córas nua'

  • Gabriel Rosenstock

    An mbeadh aon seans againn díolúine a fháil ón státchóras?