Ardú deontais beagnach €600,000 do Thuismitheoirí na Gaeltachta, clár tacaíochta teaghlaigh nua le soláthar

Cuirfidh Tuismitheoirí na Gaeltachta Clár Teaghlaigh Gaeltachta ar bun leis an maoiniú atá le fáil acu as seo go ceann trí bliana

Ardú deontais beagnach €600,000 do Thuismitheoirí na Gaeltachta, clár tacaíochta teaghlaigh nua le soláthar

Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers agus Aire na Gaeltachta Catherine Martin. Pictiúr: Leon Farrell / Photocall Ireland

Tá deontas €1.6m as seo go ceann trí bliana ceadaithe don eagraíocht Tuismitheoirí na Gaeltachta.

D’fhógair Airí na Gaeltachta Catherine Martin agus Jack Chambers an maoiniú inniu.

Tá an tAire Stáit Jack Chambers i gcathair na Gaillimhe inniu ag casadh le hionadaithe ó eagraíochtaí éagsúla.

Ardú breis is €570,000 atá sa deontas do Thuismitheoirí na Gaeltachta. €1,027,613 a cheadaigh an Roinn do Thuismitheoirí na Gaeltachta sna trí bliana roimhe seo.

Dúradh go mbainfear leas as an allúntas chun clár nua tacaíochta, an Clár Teaghlaigh Gaeltachta, a chur ar bun. Tá sé i gceist faoin gclár seo go gcuirfí leis an raon gníomhaíochtaí agus tacaíochtaí a chuireann Tuismitheoirí na Gaeltachta ar fáil.

Faoin gclár nua, bronnfar cárta gníomhaireachta ar theaghlaigh agus beifear in ann luach áirithe den chárta a chaitheamh ar ghníomhaíochtaí Thuismitheoirí na Gaeltachta – ranganna ceoil nó drámaíochta, mar shampla.

Dúradh freisin go n-oibreoidh an eagraíocht le teaghlaigh sna ceantair Ghaeltachta chun líonraí tacaíochta a threisiú chomh maith le tacaíocht phraiticiúil a chur ar fáil, idir ócáidí ‘cur in aithne’ agus ócáidí sóisialta.

Dúradh go gcinnteoidh an maoiniú chomh maith go mbeidh Tuismitheoirí na Gaeltachta in ann leanúint ar aghaidh leis na himeachtaí agus gníomhaíochtaí atá ar bun acu cheana, lena n-áirítear an Pacáiste Tacaíochta Teaghlaigh; an Clár Litríochta; Litir chuig Santaí; An Clár Ealaíon Béil; Cinema Gaelach, clubanna leabhar agus seisiúin scéalaíochta.

Dúirt an tAire Stáit Jack Chambers go bhfuil “obair fhíorthábhachtach ar bun ag an eagraíocht Tuismitheoirí na Gaeltachta” le trí bliana anuas.

Seisear feidhmeannach atá fostaithe ag Tuismitheoirí na Gaeltachta, a bhfuil oifigí acu ar an gCeathrú Rua i gConamara, i mBaile an Fheirtéaraigh i gCiarraí agus sna Doirí Beaga i nDún na nGall.

Fág freagra ar 'Ardú deontais beagnach €600,000 do Thuismitheoirí na Gaeltachta, clár tacaíochta teaghlaigh nua le soláthar'