Ardú 62% ar líon na gcásanna den ghalar i gConamara Theas

Tá níos mó daoine ag tolgadh an víris i mbeagnach gach ceantar Gaeltachta le coicís

Ardú 62% ar líon na gcásanna den ghalar i gConamara Theas

Titim bheag a bhí ar líon na gcásanna den Covid-19 i gCorca Dhuibhne le coicís ach tá cúrsaí imithe in olcas i gConamara.

De réir na bhfigiúirí is deireanaí, 119 cás nua den Covid-19 a bhí ar leithinis Chorca Dhuibhne idir an 19 Deireadh Fómhair agus an chéad lá de Shamhain, cás amháin níos lú ná an choicís dheireanach.

839 cás in aghaidh gach 100,000 duine sa gceantar atá anois ansin, tráth ar 695 an meánráta náisiúnta.

Bhí titim bheag freisin i dtoghcheantar Neidín, mar a bhfuil Gaeltacht Uíbh Ráthaigh, ó 315 cás go 283 cás.

In olcas a chuaigh cúrsaí an víris i gConamara le coicís agus an líon cásanna ardaithe ó 58 go 94 i gConamara Theas ardú – ardú 62% -agus ó 59 cás go 108 cás i gConamara Thuaidh – ardú 83%. Mar sin féin tá an ráta i gConamara fós faoin meánráta náisiúnta.

I nDún nGall, tháinig ardú beag ar líon na gcásanna i dtoghcheantar na nGleanntach, mar a bhfuil formhór Ghaeltacht Thír Chonaill. 184 cás a deimhníodh ansin le coicís.

I dtoghcheantar Bhaile Dhún na nGall bhí feabhas ar chúrsaí víris agus 46 cás níos lú ansin le coicís. 188 cás a bhí i gceist le seachtain. Bhí ardú i dtoghcheantar Bhaile na nGallóglach, mar a bhfuil Na Dúnaibh, Carraig Airt agus bailte Gaeltachta eile. Ráta 588, ardú ó 436, agus 81 cás atá á lua leis an gceantar anois.

Ó dheas i gCorcaigh, tháinig ardú mór ar na figiúirí i dtoghcheantar Mhaigh Chromtha, mar a bhfuil Gaeltacht Mhúscraí. Ráta 632 agus 233 cás, suas ó 164, a bhí sa cheantar sin le coicís.

Níor lean an titim i dtoghcheantar Dhún Garbhán, mar a bhfuil Gaeltacht na Rinne, mar bhí ardú suntasach ar líon na gcásanna ansin le coicís. Ráta scaipthe 683 atá ansin anois agus 140 cás deimhnithe le coicís, 50 cás níos mó ná an choicís dheireanach.

Tá ceantar Bhéal an Mhuirthead i gcontae Mhaigh Eo ag déanamh go maith agus le coicís níor deimhníodh ach 12 cás den víreas ansin, triúr níos lú ná an choicís dheiridh.  95 cás in aghaidh gach 100,000 duine sa cheantar, ráta atá i bhfad níos ísle ná 695, an meánráta náisiúnta.

Ardú mór a bhí i gceist sa toghcheantar eile i Maigh Eo ina bhfuil ceantar Gaeltachta. Ráta 533, suas ó 337, a bhí i dtoghcheantar Chathair na Mart agus 98 cás a deimhníodh ansin.

I gcontae na Mí, i dtoghcheantar Bhaile Átha Troim, mar a bhfuil cuid de Ghaeltacht Ráth Chairn, in olcas a chuaigh cúrsaí víris freisin agus ráta 305 anois ann.

I gCeanannas, mar a bhfuil an chuid eile de Ghaeltacht Ráth Chairn agus Baile Ghib, ardú a bhí ar an ráta ó 735 go 846, cláraíodh 274 cás ann, sin 46 cás níos mó ná an uair dheiridh.

Fág freagra ar 'Ardú 62% ar líon na gcásanna den ghalar i gConamara Theas'