Ardán níos mó don Ghaeilge ag Electric Picnic na bliana seo

Beidh puball níos mó ann do lucht na Gaeilge ag Electric Picnic 2016 ach ní bheidh cluiche ceannais iomána na hÉireann á thaispeáint ann den chéad uair le cúpla bliain anuas

Ardán níos mó don Ghaeilge ag Electric Picnic na bliana seo

Beidh imeachtaí Gaeilge an Electric Picnic ar siúl i bpuball a bheidh “i bhfad níos mó ná aon bhliain eile” i mbliana, dar le stiúrthóir an Phubaill Gaeilge, Rossa Ó Snodaigh.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie inniu i ndiaidh fhoilsiú chlár an Phubaill Gaeilge, dúirt Ó Snodaigh go mbeidh níos mó spáis i Halla an tSráidbhaile ná mar a bhí riamh cheana i ndiaidh do lucht stiúrtha an Mindfield – an pháirc ina mbíonn an Puball Gaeilge – láthair níos mó a cheadú.

“Táimid san áit chéanna le cúig bliana anuas agus cé go ndúradh linn anuraidh go dtabharfaí láthair níos mó dúinn in ‘Achadh an Aigne’, faraor níor tharla sé.

“Táimid sásta go mbeidh an Puball níos mó i mbliana agus muid ag súil go mbeidh an t-uafás daoine ag tarraingt isteach chuig imeachtaí na féile,” a dúirt Ó Snodaigh.

Tá beagnach 20 imeacht éagsúil beartaithe don Phuball Gaeilge le linn an Electric Picnic, a bheidh ag tarlú ar thailte Halla an tSráidbhaile i gContae Laoise don 12ú bliain as a chéile i mbliana.

Beidh imeachtaí idir shean agus nua ar an stáitse, agus leithéidí Reic, an oíche filíochta a bhíonn ar siúl timpeall na tíre, agus Gaelgáirí, an club grinn Gaeilge, ag filleadh ar an Mindfield i mbliana in éineacht le ‘Cabaret Craiceáilte’ Rónáin Mhic Aodha Bhuí.

I measc na ndreamanna nua a bheidh ag cur siamsaíochta agus ceoil ar fáil do na Gaeil ag an bhféile cheoil is mó in Éirinn i mbliana, beidh buaiteoirí Siansa Gael Linn ‘Círéib’ agus na drámadóirí Seán agus Niall McDonagh lena ndráma nua ‘Éire: Conas teacht Slán’.

Dúirt Ó Snodaigh go bhfuil sé tábhachtach go dtabharfaí ardán mór do “dhreamanna agus do cheoltóirí nua maithe” a bhíonn ag cur na n-ealaíon Gaeilge chun cinn.

Rossa Ó Snodaigh
Rossa Ó Snodaigh

“Tá na daoine seo ag buachan comórtas ach ní bhíonn deis acu a bheith ar stáitse mór os comhair an phobail ina dhiaidh sin. Buaiteoirí Shiansa Gael Linn, mar shampla, tá sé tábhachtach go mbeidh deis acu sin seinm ar ardán mór.

“Táimid i láthair na cainte dáiríre. Bíonn stuif a bhaineann leis an teanga labhartha de dhíth, agus tugann an Puball Gaeilge deis d’fhilí, do dhrámaí agus don rap,” a dúirt sé.

Beidh trí dhráma ar an stáitse i gcaitheamh an deireadh seachtaine: dráma nua mhuintir McDonagh, ‘Stair Wars’ Fíbín, a bhí ar camchuairt timpeall na tíre le deireanas, agus dráma nua le Mumbro Top, complacht aisteoireachta as Baile Átha Cliath.

Beidh deis arís i mbliana ag lucht freastail an Electric Picnic a gcuid scileanna ceoil a léiriú don slua agus iad ag glacadh páirt sa ‘80s Karaoke as Gaeilge’. Cuirfear liricí amhráin, ó leithéidí Bon Jovi, Madonna agus Guns n’ Roses, tríd an gcóras aistriúcháin Google Translate agus tabharfar cuireadh don lucht féachana triail a bhaint as iad a chanadh le leaganacha Karaoke de na bunamhráin Bhéarla.

Tabharfaidh lucht freastail an Phubaill Gaeilge easnamh mór amháin faoi deara i mbliana, áfach, tráthnóna Dé Domhnaigh. Ní bheidh an Cluiche Ceannais idir Tiobraid Árann agus Cill Chainnigh á thaispeáint ann den chéad uair le cúpla bliain anuas.

“Ní bheidh an cluiche mór beo ann i mbliana. Bhí pubaill éagsúla á thaispeáint anuraidh ar fud na háite – ghlac siad lenár ndea-shampla. Ní raibh éinne ag déanamh tráchtaireacht bheo, agus is cinnte nach raibh tráchtaireacht Ghaeilge ann nuair a thosaigh muid ach tá RTÉ á dhéanamh sin anois.

“Bhíodh an cluiche ag tarraingt an t-uafás daoine isteach. Níor tharraing sé an méid chéanna anuraidh agus a tharraing i mblianta eile mar bhí sé in áiteanna eile. D’éiríodh go han-mhaith leis nuair a bhíodh sé ann ach tagann daoine pé ar bith agus tá níos mó ama anois ann do sheónna Gaeilge,” a mhínigh Ó Snodaigh.

Ní bheidh seó conspóideach Hector Uí Eochagáin ar siúl ach an oiread i mbliana toisc nach bhfuil an fear féin ar fáil deireadh seachtaine na féile. Le cúpla bliain anuas, ba é a bhíodh mar fhear an tí don ‘Athghuthú Gaeilge ar Phorn’, mír ina dtaispeántar scannáin chrua phornaghrafaíochta agus cuirtear glórtha greannmhara Gaeilge leo.

“Tá Hector gnóthach i mbliana agus tá sé an-deacair teacht ar éinne eile atá sásta nó ábalta a leithéid a dhéanamh! Bhí sé ar cheann de na rudaí ba ghreannmhaire agus ab fhearr anuraidh. Déantar dearmad ar a bhfuil ar an scáileán, agus baineann sé ón ngáirsiúlacht nuair a bhítear ag gáirí faoin nguthú greannmhar,” a dúirt Ó Snodaigh.

Tá clár iomlán an Phubaill Gaeilge ar fáil anseo. Beidh an Electric Picnic ar siúl ón 2-4 Meán Fómhair sa Sráidbhaile i gContae Laoise. Tá gach ticéad díolta.