Ardaíonn mo chroí nuair a thagann grianstad an gheimhridh

Sruthú beo ó Shí an Bhrú ar fheiniméan réalteolaíochta an gheimhridh

Ardaíonn mo chroí nuair a thagann grianstad an gheimhridh

Ardaíonn mo chroí nuair a thagann an 22 Nollaig nó grianstad an gheimhridh. Fiú agus gearróga dubha na Nollag baiste ar na seachtainí gruama seo i ndúluachair an gheimhridh, nach breá an tógáil croí é a fhios a bheith againn go mbeidh an lá ag gabháil i bhfad feasta agus go mbeidh léaró beag breise de sholas an lae le n-aithneachtáil faoi cheann deich lá.

Ba é an port a bhíodh ar an teallach againn go nglacfadh an domhan scíth trí lá óna shíorchasadh timpeall na gréine ag an am seo. Is dóigh go míníonn sin an t-ainm ‘grianstad’ an gheimhridh, cé nach bhfuil sa stad ach meandar a deir na heolaithe linn, ach go bhfágann claonadh an domhain i bhfad ón ngrian muid.

An lá is giorra agus an oíche is faide, croílár an gheimhridh ar an bhféilire ach tús an gheimhridh ag a lán agus bhunaigh pobail go leor ar fud na cruinne féilte agus searmanais go leor thart ar an lá sin sula ndéanfaidís soipriú fada an gheimhridh.

Chreid daoine go raibh an ghrian ag imeacht as ach í ag teacht ar ais ina beatha arís. Ní hiontas mar sin an dua a caitheadh le hionaid adhartha a cumhachta agus a cuid solais agus an urraim a léirítear fós den iontas a tharlaíonn an lá sin ag láithreacha mar Sí an Bhrú anseo in Éirinn le héirí is dul faoi na gréine. Tá Sí an Bhrú os cionn 5200 bliain d’aois, níos sine ná pirimidí na hÉigipte agus cruthúnas againn ar an scil sna réaltaí a bhí ag lucht a tógála.

Beidh sé ina mhaidneachan ag Sí an Bhrú ag grianstad an gheimhridh i mbliana ag 8.58am. Ní bhfaighidh ach boic mhóra agus an beagán ar éirigh leo sa gcrannchur an feiniméan solais is réalteolaíochta a fheiceáil istigh i Sí An Bhrú ach is féidir cuairt a thabhairt ar an ionad turasóireachta in aice láimhe. Má choinníonn na déithe na scamaill agus an drochaimsir uainn beidh an t-iontas moch maidine seo á shruthú beo ón taobh istigh den tuama pasáiste ag Oifig na nOibreacha Poiblí arís i mbliana do phobal na cruinne ag  gov.ie/opw agus heritageireland.ie

Déanfar an grianstad a cheiliúradh chomh maith ar Uisneach nó Cnoc Uisnigh i gcontae na hIarmhí.

Fág freagra ar 'Ardaíonn mo chroí nuair a thagann grianstad an gheimhridh'