Arán baile níos saoire i gcéin

‘Gallaghers White Toasty Loaf’ a dhéantar in Ard an Rátha níos saoire 540 ciliméadar ó bhaile i Learpholl Shasana.

Builín aráin a dhéantar in Ard an Rátha agus a chosnaíonn suas le €1.89 i siopaí áirithe sa chontae sin le ceannach ar 0.79p sterling (c.€1.00) i Learpholl Shasanna.
Builín aráin a dhéantar in Ard an Rátha agus a chosnaíonn suas le €1.89 i siopaí áirithe sa chontae sin le ceannach ar 0.79p sterling (c.€1.00) i Learpholl Shasanna.

Is féidir builín aráin a dhéantar in Ard an Rátha i gCo Dún na Gall agus a chosnaíonn suas le €1.89 i siopaí áirithe sa chontae sin, a cheannach ar 0.79p sterling (c.€1.00) in ollmhargaidh i Learpholl Shasana.

Díoltar Gallaghers White Toasty Loaf i siopaí an chomhlachta T.J. Morris, a bhíonn ag trádáil faoin mbranda Home Bargains, ar phraghas atá 47% níos saoire ná mar atá á ghearradh ar an mbuilín céanna i dTír Chonaill.

Déantar ábhar a sholáthar chuig siopaí Home Bargains as trádstóras ollmhór i Learpholl, a mhínigh Paul Diffley, bainisteoir margaíochta le Bácús Uí Ghallchóir in Ard an Rátha, do Tuairisc.ie.

Mar gheall ar an chóras margaíochta atá acu, bíonn na comhlachtaí móra seo ag obair ar chorrlach brabúis iontach íseal ach díolann siad an t-uafás earraí.

Sa bhaile, tá cur chuige margaíochta eile ar fad ar bun ag formhór na siopaí beaga, rud a fhágann go bhfuil costais níos mó orthu.

Bíonn costais iompair ag baint le hearraí a thabhairt chuig siopaí beaga aonair sa tír seo agus bíonn ar chomhlacht Uí Ghallchóir arán atá fágtha ar an tseilf atá as dáta a thabhairt ar ais chuig an bhácús.

Fágann an dífríocht seo sa chóras margaíochta agus dáileacháin go bhfuil an builín blasta le fáil ar phraghas níos saoire tar éis dó aistear 540 ciliméadar a dhéanamh ar muir is ar tír.

Tá 320 siopa ag T.J. Morris anois sa Ríocht Aontaithe agus rún acu an líon sin a mhéadú go dtí 700 sna cúig bliana seo romhainn.

Leanann comhlachtaí ar nós Aldi agus Lidl an cleachtas margaíochta céanna sa tír seo agus atá ag leithéide T.J. Morris sa Bhreatain.

Tráthúil go leor, bhí fógra teilifíse de chuid Aldi á chraoladh le gairid, áit ar labhair pobal Ard an Rátha faoin dóigh a bhfuil Aldi ag cuidiú leis an bhácús áitiúil fanacht ar oscailt agus iad ag cur fostaíochta ar fáil do mhuintir na háite, rud a chiallaíonn gur féidir le stócaigh an cheantair fanacht sa bhaile agus imirt don chlub áitiúil.