‘Ar tharraing tú a gruaig?’ ‘Bhuel, bhí a gruaig ag cur as dom!’

Bhí sé ina dheargmharú sa suíochán cúil sa gcarr, tráth na rialacha…

‘Ar tharraing tú a gruaig?’ ‘Bhuel, bhí a gruaig ag cur as dom!’

‘Riail uimhir a céad agus a haon, atá i gceist agat, is dóigh, Mamaí,’ a bhéic Beainín na Naíonáin Bheaga aniar ó chúl an chairr.

‘Ní hea!’ a deir mé. ‘Riail uimhir a haon, atá i gceist agam!’

‘Riail uimhir a dhá chéad agus a haon mar sin!’ a d’fhreagair sí.

An é go raibh sí ag iarraidh nod a thabhairt dom go mb’fhéidir go bhfuil an iomarca rialacha agam?

Bhí sé ina dheargmharú sa suíochán cúil sa gcarr dhá shoicind roimhe sin. B’in a spreag an chaint ar rialacha.

‘Tharraing sé mo ghruaig!’ a bhéic an Cailín Mór Beag aniar agus lig sí scread oilc aisti. Chuala mé an Babaí agus é ag déanamh gáire beag os íseal agus é breá sásta lena chuid oibre. ‘Ar tharraing tú a gruaig?’ a d’fhiafraigh mé.

‘Bhuel, bhí a gruaig ag cur as dom!’ a dúirt sé agus lánmhuinín aige as an gcinneadh a bhí tógtha aige.

‘Ná bí ag tarraingt a cuid gruaige’ a deir mé agus mo shúile ar an mbóthar agam.

‘Ow!’ a bhéic sé. ‘Phinseáil sí mé!’ a scread sé agus é maslaithe go mór go bhféadfaí a leithéid a dhéanamh air, cé go raibh an láncheart aige fhéin, dar leis.

Ní raibh mé in ann an t-aicsean ar chúl a fheiceáil agus mé ag iarraidh a bheith ag tiomáint, ach mheas mé ó bheith ag éisteacht leis na tuairiscí a bhí ag teacht go tréan ón líne thosaigh go raibh sé ina choimhlint ghéar.

Is beag a cheapfá go bhféadfadh cogadh briseadh amach sa gcúig nóiméad ó shuigh muid isteach sa gcarr. Meas tú an mbíonn sé mar sin le cogaí móra domhanda? Bíonn chuile shórt ceart, go dtí go dtarraingeoidh duine amháin gruaig an duine eile, gheobhaidh siad pinse ar ais agus an chéad rud eile, tá sé ina mharú.

Seans gur rud éicint a d’ith mé an lá sin ba chúis leis, nó go bhfuil dea-ghiúmar orm ag an síneadh beag atá ar an lá, nó b’fhéidir go bhfuilim ag fás mar dhuine … Ach, in áit a bheith ag fógairt orthu, thóg mé seasamh zen ar an gceist. Céard a dhéanfadh an Dalai Lama?

‘Cuimhnigh ar riail uimhir a haon,’ a dúirt mé. ‘Bígí go lách lena chéile.’

‘Ní hin é riail uimhir a haon, ar aon chaoi,’ a deir an Cailín Mór Beag. ‘Is ea,’ a dúirt mé, ‘an bhfuil rud ar bith níos tábhachtaí sa saol seo ná a bheith lách lena chéile?’

Thaitin mo ról nua mar mhanach de chuid na Tibéide liom. ‘Feilfidh an saol spioradálta seo dom,’ a chuimhnigh mé, le barr críonnachta.

‘Ach cheap mé gur dhúirt tú cheana gurb é riail uimhir a haon ná, gan aon cheallairí beaga a chur isteach i do bhéal?’ arsa an Cailín Mór Beag go diongbháilte.

‘Bhuel…er…,’ a dúirt mé, ‘tá an riail sin é fhéin an-tábhachtach.’

Bhí agnóisí chuile thaobh díom.

‘Ní hin é riail uimhir a haon, ach an oiread,’ arsa an Babaí agus a spéic fhéin á cur isteach sa scéal aige.

‘Dúirt tú liomsa gurb é riail uimhir a haon ná gan forc a shá isteach san áit a mbeadh leictreachas!’

Fág freagra ar '‘Ar tharraing tú a gruaig?’ ‘Bhuel, bhí a gruaig ag cur as dom!’'

  • An máistir beag

    Nuair nach mbítear in ann líon nó méid ruda a thomhas baintear leas as ‘cuid’,
    a cuid gruaige, a cuid airgid, a cuid maoine, a cuid pleidhcíochta srl.