Ar scor ó Achaidh Chéide – ní hé an chéad uair é a bhfuair mé mo P45,  ach an babhta seo, tá ríméad orm…

Tá duais mhór idirnáisiúnta buaite ag Achaidh Chéide i Maigh Eo agus airgead forbartha bronnta ar an ionad turasóireachta agus oidhreachta ansin. Údar mór sásaimh é sin dár gcolúnaí in ainneoin nach mbeidh a glór le cloisteáil a thuilleadh ann…

Ar scor ó Achaidh Chéide – ní hé an chéad uair é a bhfuair mé mo P45,  ach an babhta seo, tá ríméad orm…

An t-údar le Séamus Caulfied in Achaidh Chéide sna hochtóidí

Tá mé le scor ón ionad oibre a bhí agam le 25 bliain. Ní hé an chéad uair é a bhfuair mé mo P45. Ach an babhta seo, tá ríméad orm go bhfuil duine nua le cur i m’áit. Guím gach rath orthu i mbun a gcuid oibre.

Le 25 bliain anuas ba é mo ghlórsa a bhí le cloisteáil ar an scannán ag cur síos ar scéal Achaidh Chéide (Céide Fields) san Ionad i dtuaisceart Mhaigh Eo. Agus tá an-áthas orm go raibh os cionn 30,000 duine ag éisteacht go géar liom chuile bhliain agus iad ag tabhairt cuairt ar an Ionad.

Anois tá sé fógartha ag Fáilte Éireann agus ag an OPW (Oifig na nOibreacha Poiblí) go bhfuiltear le hos cionn €1 milliún a bhronnadh ar an áit agus súil acu athchóiriú agus atógáil a dhéanamh ar an ionad do chuairteoirí.

Go tráthúil, fógraíodh an deontas (agus an tAire áitiúil Michael Ring i lár an aonaigh leis an bhfógra) seachtain sular tháinig fógra eile gan choinne i dtreo na háite áirithe seo i Maigh Eo.

D’fhógair an Fhondúireacht Iodálach Benetton go raibh duais mhór idirnáisiúnta buaite ag Céide Fields, Duais Carlo Scarpa, atá ainmnithe in ómós don ailtire cáiliúil. Duais do ‘ghairdíní’ atá ann ach sa chás seo is duais i gcomhair ‘tírdhreach’ atá i gceist. Chinn an Fhondúireacht go mbronnfaí an duais i mbliana ar ‘ghairdíní’ in Éirinn. Mar sin bhí Céide san iomaíocht le go leor gairdíní cáiliúla eile sa tír- Gairdín na Lus, Reilig Ghlas Naíon, An Bhoireann, Gleann Bheithe, Lissadell…..

Is léir go ndeachaigh Achaidh Chéide i bhfeidhm go mór ar na moltóirí, a thug cuairt air i mí Eanáir seo caite.

Tugann sé sin ‘back’ mé…Samhlaítear dom gur i mí Eanáir i gcónaí a thugainn cuairt ar Mhaigh Eo agus mé ag obair ar chláracha teilifíse. Ba i mí Eanáir a casadh Séamus Caulfield orm an chéad uair i mBéal Deirg, Co Mhaigh Eo i ndeireadh na n-ochtóidí. Bí ag caint ar fuar feanntach! Tá trua agam do na hIodálaigh, a lean rian mo choise thart ar an bportach sin in éineacht le Séamus i dtús na bliana 2018.

Tá Séamus éirithe as a phost mar Ollamh le Seandálaíocht in UCD anois. An uair a thug mise cuairt air i Maigh Eo blianta ó shin, thug sé thart mé ar Chuan Bhaile Ghlais, Béal Deirg, Dún Phádraig (bhuel, radharc air) agus isteach ar an bportach go bhfeicfinn an t-iontas ansin.

Ach ní raibh tada le ‘feiceáil’.

Thíos faoin bportach a chuala athair Shéamuis- Pádraig – an ‘cling’ nuair a bhuail a shleán faoi chloch agus é ag baint mhóna sna 1930idí. Máistir scoile áitiúil – a raibh suim aige ina thimpeallacht, a bhí ann. Chloiseadh Séamus na scéalta uaidh faoi na clocha suimiúla seo, a raibh sórt ‘patrún’ ballaí cloiche orthu agus nuair a rinne sé staidéar ar an tseandálaíocht blianta ina dhiaidh sin, rinne sé staidéar eolaíoch orthu.

Rinne Séamus amach gur ballaí cloiche de chuid na chéad fheirmeoirí a bhí iontu – agus go raibh siad thart ar 6,000 bliain d’aois.

Bhí brionglóid aige. Chonaic sé an lá go mbeadh Ionad Mór Turasóireachta agus Oidhreachta in Achaidh Chéide agus go dtiocfadh daoine ann ó thíortha an domhain. Nuair a thug mise cuairt air leis an gclár teilifíse ‘Iris’ ba dheacair é sin a shamhlú. Faoin  talamh a bhí an t-iontas agus bhí ort bata iarann a shá síos i bpoll sa bportach le go gcloisfeá é ag bualadh faoin gcloch.

Ach i bhfad roimh mo chuairt-se thug foireann eile ó RTÉ cuairt ann i 1973. Clár de chuid na sraithe ‘Landmark’ a bhí ann agus rinneadar clár iomlán faoi Céide Fields. ‘Our First Farmers’ a thug siad air. Bhí láithreoir óg ag obair ar an gclár sin – Martin Downes an t-ainm a bhí air agus ba eolaí talmhaíochta é. Chuir Martin suim sa scéal agus ó shin go dtí an lá atá inniu ann, tá Martin agus Séamus ag obair as lámh a chéile chun Céide a chur chun cinn.

Agus nuair a osclaíodh Ionad Turasóirí Céide Fields 25 bliain ó shin, d’iarr Séamus orm an guth a chur ar an scannán a bhí le taispeáint do chuairteoirí.

Chas mé leis an mbeirt acu i mBaile Átha Cliath an lá cheana. Dúirt siad liom go bhfuil an-aird á tabhairt ag na hIodálaigh ar an scéal seo, agus an duais le bronnadh go foirmeálta orthu an tseachtain seo chugainn. Is i Treviso- gar don Veinéis- a bhronnfar an duais. Beidh leabhar – agus Gaeilge, Iodáilis agus Béarla ann- chomh maith le clár faisnéise le foilsiú an oíche chéanna. Beidh oíche mhór cheoil acu agus beidh dhá sheomra de thaispeántas ann agus grianghraif agus ábhar turasóireachta le feiceáil ann chomh maith.

‘Our First Farmers- Today’ teideal an scannáin a  thaispeánfar ag an ócáid in Treviso.

Leanann an ceangal le muintir Caulfield. D’aistrigh mac  Shéamuis, Declan, ó Bhaile Átha Cliath go Béal Deirg roinnt blianta ó shin. Bíonn sé ag plé le feirmeoireacht agus le turasóireacht – www.belderrigvalley.com .  Tugann sé cuairteoirí ar thurais éagsúla thart ar an bportach ar aimsigh a sheanathair clocha na clochaoise ann na blianta ó shin.

Chuir bainisteoir an Ionaid, Gretta Byrne, atá fostaithe ag Oifig na nOibreacha Poiblí, roinnt altanna ó pháipéir agus irisí Iodálacha chugam, iad ar fad an-tógtha le buaiteoir na duaise seo i mbliana.

‘Cén fáth ar chuir na hIodálaigh suim sa phortach agus an scéal seo?’ a d’fhiafraigh mé de Shéamus. ‘Nach bhfuil na milliúin sean-iarsmaí acu féin caite ar fud na háite?’

‘B’fhéidir go bhfuil,’ a dúirt sé. ‘Ach níl aon rud acu atá chomh sean leis seo.’ Níl mo ghlór le cloisteáil san Ionad ach le 25 bliain acu sin, ach is é mo dhóthain é.

Fág freagra ar 'Ar scor ó Achaidh Chéide – ní hé an chéad uair é a bhfuair mé mo P45,  ach an babhta seo, tá ríméad orm…'

  • Seán Mag Leannáin

    Alt an-spéisiúil. Tá súil agam go mbeidh glór éicint i nGaeilge fós le cloisteáil amach anseo.