Ar scáth a chéile a mhairfidh lucht na heite clé

Sa chomhoibriú atá an t-aon réiteach ar an bparadacsa is bunúsaí i bpolaitíocht na hÉireann

Ar scáth a chéile a mhairfidh lucht na heite clé

An bhfuil míniú ar bith ar an bparadacsa is bunúsaí i bpolaitíocht na hÉireann? Go mbíonn daoine seasta ag tabhairt amach – faoin ngéarchéim tithíochta, faoi dhrochstaid na seirbhíse sláinte, faoi dhul i léig na tuaithe, faoi theip pholasaí Gaeilge an stáit, faoi chúrsaí pá srl – agus ansin, lá na vótála, roghnaíonn siad arís na páirtithe céanna atá freagrach as an teip!

Sna toghcháin áitiúla fuair Fine Gael agus Fianna Fáil 52% de na vótaí ar fad – ardú beag, sea, ar an gcéatadán a fuair siad in 2014.

Ar an eite chlé, ní hé Sinn Féin amháin a rinne go dona, mar thit vóta na bpáirtithe ar an eite chlé ar fad.

Ar ndóigh tá tuairimí éagsúla ann faoi céard is eite chlé ann.  An ar an eite chlé atá Páirtí an Lucht Oibre a thuilleadh tar éis dóibh an nualiobrálachas agus an déine a chur i bhfeidhm go docht agus iad i gcumhacht?

An féidir páirtí ar an eite chlé a thabhairt ar na Glasaigh? Páirtí atá i gcoimhlint leis na mór-pháirtithe maidir le cúrsaí aeráide ach atá go mór ar son an Aontais Eorpaigh agus a dhearcadh nualiobrálach?

Ach is ansin atá cuid den fhadhb ag an eite chlé.

Bíonn an troid idir na páirtithe ar an eite chlé féin chomh géar sin gur ar éigean an féidir leo comhoibriú faoi ábhar ar bith.

Ag an am céanna feictear dom go bhfuil na daoine a thacaíonn leo níos oscailte ina meon ná mar atá siad féin. Chuaigh 82% de na vótaí a aistríodh ó Liadh Ní Riada, Sinn Féin, go dtí Mick Wallace, neamhspleách, agus Grace O’Sullivan, Comhaontas Glas.  Chuaigh 80% d’aistriúcháin Lynn Boylan go Clare Daly.

Is cosúil go dtuigeann vótóirí Shinn Féin ar a laghad go gcaithfidh na páirtithe atá ag iarraidh briseadh leis an tseanstíl pholaitíochta seasamh le chéile.

Tá tábhacht mar sin féin leis na difríochtaí idir na páirtithe. Páirtí ar bith a mhaíonn go bhfuil leas na haicme oibre á dhéanamh acu níor chóir dóibh glacadh le moladh Chomhaontas Glas go gcuirfí ardú ar cháin charbóin le tabhairt faoi ghéarchéim na haeráide. Ghoillfeadh an moladh sin níos mó ar na daoine is boichte cheal roghanna eile maidir le fuinneamh agus taisteal a bheith ar fáil dóibh ar dtús.

Maidir le Páirtí an Lucht Oibre, níl siad sásta a admháil go raibh sé mícheart acu dul isteach i rialtas na déine.  Níl aon mhuinín astu ag na hoibrithe a thugadh vóta dóibh roimhe seo, agus ní fheicim go mbeidh arís go dtí go bhfuil siad cinnte nach ndéanfaidh an rud céanna arís.

Sa chomhthéacs sin bheadh sé fánach a bheith ag caint faoi aontas ar an eite chlé, agus ní fheictear dom go bhfuil aon spéis ag mórán acu i gcomhoibriú ar bith.

Agus má bhí Solidarity nó aon pháirtí ar an eite chlé ag ceapadh go dtiocfadh vótaí Shinn Féin chucu ach ionsaí a dhéanamh ar an bpáirtí sin go rialta, ní mar sin a tharla. I gcás Éilís Ryan, Páirtí na nOibrithe, thosaigh sí le bliain anuas ag caitheamh anuas go láidir ar Shinn Féin agus níor éirigh léi sna toghcháin.

Go deimhin, má thit Sinn Féin ó 15.3% go 9.5%,  thit na páirtithe radacacha eile ar an eite chlé (Solidarity, Pobal Roimh Bhrabús agus Independents4Change) chomh maith, ó 3.2% go 2.4%.

Thit vóta Pháirtí an Lucht Oibre (arís) ó 7.2%  go 5.7%, cé gur éirigh leis na Daonlathaigh Shóisialta 2.3% a fháil, rud a chuir le sciar na ndaonlathach sóisialacha trí chéile.

Sin titim ó 27% go 20% don eite chlé ar fad – tráth go bhfuil níos mó gearán agus clamhsán ag daoine anois ná mar a bhí riamh. Dá gcuirfí na Glasaigh san áireamh ar an eite chlé, ní bheadh ann ach titim 2%. Fiú sa chás sin, bheadh na páirtithe seo go léir i bhfad taobh thiar den dá mhórpháirtí a bhfuil daoine chomh míshásta sin leo, más fíor.

Glacaim leis go mairfidh na difríochtaí idir na páirtithe ar an eite chlé agus go mbeidh siad éagsúil lena chéile dá bharr, ach is léir go bhfuil siad ar aon tuairim faoina lán rudaí. Nach bhféadfaí bealach a aimsiú le comhoibriú faoi chúrsaí tithíochta, sláinte agus pá agus fiú faoin athrú aeráide, dá gcuirfí an cháin charbóin ar leataobh?

Measaim féin go raibh an t-easaontas idir na páirtithe ar an eite chlé ar cheann de na príomhfháthanna nár tháinig an aicme oibre amach chun vótáil dóibh.

Léirigh na haistriúcháin ó iarrthóirí Shinn Féin sna toghcháin Eorpacha go mbeadh a lucht tacaíochta sásta go rachfaí i mbun comhoibrithe.  An féidir leis na páirtithe eile an rud céanna a rá, nó an ndéanfaidh na páirtithe go léir iarracht tús a chur leis an gcomhoibriú sin?

Tá na meáin mhóra ag iarraidh ar na páirtithe eile Sinn Féin a choinneáil amach as aon chomhoibriú ar an eite chlé agus go rachadh siad i mbun rialtais le ceann de na mórpháirtithe. Gheobhadh na polaiteoirí pinsin dheasa as a leithéid ach bheadh an aicme oibre fágtha dearóil i gcónaí.

Caithfidh Sinn Féin freisin a thuiscint nár cheart dul i gcomhrialtas ó dheas mura dtiocfaidh feabhas ar chaighdeán saoil an lucht oibre dá bharr, fiú dá neartódh ról i rialtas guth an pháirtí ó thuaidh.  Ní mór a thuiscint gur cairde iad na páirtithe ar an eite chlé a sheasfadh leo.

Ar scáth a chéile a mhairimid.

Fág freagra ar 'Ar scáth a chéile a mhairfidh lucht na heite clé'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    “Páirtí ar bith a mhaíonn go bhfuil leas na haicme oibre á dhéanamh acu níor chóir dóibh glacadh le moladh Chomhaontas Glas go gcuirfí ardú ar cháin charbóin le tabhairt faoi ghéarchéim na haeráide. Ghoillfeadh an moladh sin níos mó ar na daoine is boichte cheal roghanna eile maidir le fuinneamh agus taisteal a bheith ar fáil dóibh ar dtús.” Ní bheadh dá ndéanfaí cáin ar charbóin a thabhairt isteach ar an mbealach atá molta ag na Glasaigh, Eoin. Ní dea chleachtas iriseoireachta a bheith ag cur polasaí aon dream as riocht.