‘Ar do phriacal féin’ – rabhadh sláinte ar dheochanna meisciúla agus scéalta móra (agus measartha mór) eile ón mbliain 2018…

Sa dara halt de dhá cheann, caitear súil siar ar chuid de na scéalta is mó agus na scéalta is tromchúisí ó shaol na Gaeilge agus na Gaeltachta in 2018

‘Ar do phriacal féin’ – rabhadh sláinte ar dheochanna meisciúla agus scéalta móra (agus measartha mór) eile ón mbliain 2018…

Suíocháin fholmha ag an mbord

D’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta bord nua Údarás na Gaeltachta ag tús na bliana. As an dáréag a ainmníodh, bhí seachtar acu ar an mbord deiridh agus ainmníodh cúigear comhaltaí nua. Bhí brú ag méadú le tamall roimhe sin ar an Aire Stáit bord nua an Údaráis a cheapadh mar go raibh an eagraíocht fiontraíochta agus pleanála teanga ag feidhmiú gan aon bhord ón 20 Samhain, 2017.

Ach tháinig sé chun cinn i gcáipéisí a tugadh do Nuacht TG4 faoin Acht um Shaoráil Faisnéise gur chuir státseirbhíseach sinsearach i Roinn na Gaeltachta comhairle ar Aire Stáit na Gaeltachta, Joe McHugh, gur cheart dó a sheiceáil ar chóir dó socruithe polaitíochta a chur san áireamh agus cinneadh á dhéanamh faoi bhaill a bhí le roghnú ar bhord Údarás na Gaeltachta. Tharla sé seo le linn próiseas neamhspleách oscailte a bheith a reáchtáil trí PAS. Bhí an tAire Stáit McHugh i ndiaidh cinneadh a dhéanamh gur próiseas oscailte agus trédhearcach a bheadh ann.

Mar thoradh ar an scéal sin, dúirt ceannaire Fhianna Fáil, Micheál Martin, go mbeadh a pháirtí ag cur Bille faoi bhráid na Dála go luath féachaint le dul ar ais chuig an seanchóras maidir le comhaltaí a thoghadh ar Bhord Údarás na Gaeltachta.  D’fhoilsigh an Teachta Éamon Ó Cuív Bille i mí Bealtaine le súil is toghcháin a thabhairt ar ais chun comhaltaí a thoghadh ar bhord Údarás na Gaeltachta.

Tuairiscíodh i mí Mheán Fómhair go raibh fadhb tinrimh ag comhaltaí Bhord Údarás na Gaeltachta. Dúradh go raibh baol ann nach mbeadh an bord in ann cinntí a dhéanamh maidir le hobair an Údaráis mar nach raibh a ndóthain comhaltaí i láthair ag cruinnithe boird áirithe. Léirigh Bord an Údaráis imní faoi thinreamh comhaltaí áirithe agus pléadh an fhadhb le hAire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh. Íoctar táille beagnach €8,000 sa bhliain le comhaltaí an bhoird – seachas iad siúd atá fostaithe san earnáil phoiblí –  beag beann ar cé acu an mbíonn siad i láthair ag cruinnithe nó nach mbíonn. Ba ar éigean go raibh an bord ábalta cinntí a dhéanamh ag an dá chruinniú roimhe sin mar nach raibh ach seachtar den dá dhuine dhéag i láthair. Seachtar atá riachtanach le go mbeidh córam ann – is é sin an líon is lú daoine atá riachtanach le cinneadh a dhéanamh.

An tAcht agus an Bille nár tháinig

Tá bliain eile caite agus gan iomrá ná radharc ar an Acht Teanga ó thuaidh ná ar an bhille a dhéanfadh leasú ar an gceann ó dheas. Níor tháinig aon mhaolú ar an fheachtas ag an Dream Dearg, áfach, agus i mí Dheireadh Fómhair labhraíodh Gaeilge den chéad uair le breis agus 100 bliain i bParlaimint Westminster nuair a chuir feisire ón Bhreatain Bheag Liz Saville-Roberts tús lena hachainí ar Stát-Rúnaí an Tuaiscirt Karen Bradley acht teanga a thabhairt isteach mar a leagadh amach i gComhaontú Chill Rímhinn dhá bhliain déag ó shin. Go deimhin léirigh cúpla eachtra le bliain anuas an géarghá atá le reachtaíocht a thabharfadh cosaint do chainteoirí Gaeilge an Tuaiscirt.

Bhí léirsithe in Ollscoil na Ríona i mBéal Feirste i mí Márta nuair a thug údarás na hollscoile le fios do Chumann Gaelach na hollscoile go mbeadh sé “provocative, offensive and intimidatory” comharthaí dátheangacha a chrochadh sa champas. Ní mó ná sásta a bhí lucht labhartha na Gaeilge i mBéal Feirste ach an oiread faoin chomharthaíocht dhátheangach atá beartaithe don tseirbhís nua iompair thraschathrach Glider. Nuair a bhainfidh an Glider lár na cathrach amach i ndiaidh iarthar na cathrach a fhágáil, is i mBéarla amháin ansin a bheas an chomharthaíocht ar an turas go hoirthear na cathrach. Chuir Linda Ervine ón eagraíocht Turas in iúl nár bhain an teanga ach le geiteonna éagsúla sa chathair. Ní hé sin an cur chuige atá ag Ervine féin, ná baol air, agus fógraíodh ag deireadh na bliana go raibh tús curtha aici féin agus daoine eile le plean stairiúil – bunscoil agus naíscoil lán-Ghaeilge in oirthear na cathrach.

Scéal a bhain stangadh as pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta

I mí Iúil gearradh téarma príosún sé bliana ar an iar-aisteoir le Ros na Rún, Garrett Phillips, a rinne éigniú béil ar bhean óg i nGaillimh sa bhliain 2015. Dúradh le linn na trialach gur fhág an bhean óg, a bhí scór bliain d’aois ag an am, club oíche i nGaillimh go luath ar maidin i mí na Samhna 2015. Bhí sí ina suí ina haonar ar bhinse agus í trína chéile nuair a chas Garrett Phillips uirthi ag siúl a mhadra. Thairg seisean síob abhaile di agus d’fhiafraigh sé di ar mhian léi radharc na cathrach a fheiceáil.

Dúirt sí le Gardaí gur thit sí ina codladh ina veain. Nuair a dhúisigh sí, bhí éigniú béil á dhéanamh ag Garrett Phillips uirthi sa veain. D’imigh sí ón veain agus chuimhnigh sí ar an bpláta clárúcháin. Rith sí go teach in aice láimhe, áit ar cuireadh fios ar na Gardaí. Mhaígh Garrett Phillips go raibh toil ar an dá thaobh ann agus phléadáil sé neamhchiontach. I mí Aibreáin fuair giúiré ciontach é. “Tá an ghráin agam ar an duine atá ionam anois… táim ag streachailt agus mé ag iarriadh dul i ngleic leis an saol,” a dúirt an bhean óg i ráiteas tionchar íospartaigh a thug sí don chúirt. I mí Mheán Fómhair gearradh aon mhí dhéag príosúin breise ar Phillips toisc nár chláraigh sé é féin ar Chlár na gCiontóirí Gnéis.

‘Ar do phriacal féin’ – rabhadh sláinte ar dheochanna meisciúla

Cuireadh olc ar na heagrais Ghaeilge san fhómhar nuair a cinneadh gan rabhadh sláinte i nGaeilge a chur ar dheochanna meisciúla. Tháinig Fianna Fáil agus an tAire Sláinte, Simon Harris, ar chomhréiteach a d’fhágfadh go mbeadh Gaeilge ar chomharthaíocht agus ar shuíomh idirlín de chuid an HSE ach nach mbeadh rabhadh sláinte i nGaeilge ar lipéid na ndeochanna meisciúla féin.

D’aontaigh Fianna Fáil leis an Aire go gcuirfeadh an leasú faoi Ghaeilge a bheith ar na lipéid moill bhreise ar an Bhille toisc, dar leo, go gcaithfí a leithéid a chur faoi bhráid an Aontais Eorpaigh. Mhaígh an tAire Sláinte go gcuirfeadh rabhadh sláinte i nGaeilge ar dheochanna meisciúla ‘mearbhall’ ar dhaoine agus nach mbeadh a leithéid chomh ‘éifeachtach’ is a bheadh rabhadh i mBéarla amháin. Dúirt sé fosta gur chruthaigh taighde a rinne Amárach Research an méid sin roinnt blianta ó shin. Ach léirigh scéal ar an suíomh idirlín seo nach raibh ceist na Gaeilge ar na lipéid san áireamh sa taighde a luaigh an tAire.

Ní raibh ach trí thagairt fhánacha don Ghaeilge sa tuarascáil 200 leathanach a luaigh an tAire agus bhain na tagairtí sin le tuairimí a nocht daoine ag grúpaí fócais faoi na lipéid ar bhoscaí tobac. “Evidence is evidence, not hearsay. Not throwaway remarks,” a dúirt an Teachta Éamon Ó Cuív sa Dáil in ionsaí fíochmhar a rinne sé ar chur chuige an Aire.

Dheimhnigh an tAire Harris sa Dáil ag deireadh na bliana nach raibh aon dul siar ar a chinneadh in ainneoin nach bhfuil na dréachtrialacháin a bhaineann leis na lipéid curtha faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh go fóill, nach mór trí mhí ó glacadh leis an mBille Alcóil sa Dáil.

Chuir Ó Cuív i leith Harris gur bhuail sé bob ar Fhianna Fáil maidir lena chinneadh diúltú do rabhadh sláinte i nGaeilge ar dheochanna meisciúla.

Bagairt don Ghaeilge sa chóras oideachais

Tuairiscíodh mí na Samhna go raibh an bhagairt is mó le blianta fada do stádas na Gaeilge sa chóras oideachais ar na bacáin.

Baineann an bhagairt seo le hathbhreithniú atá ar bun ag an Roinn Oideachais agus an Chomhairle Náisiúnta um Churaclaim agus Measúnachta, an NCCA, ar chóras na hArdteiste, athbhreithniú a chuirfidh ceist na Gaeilge éigeantaí i lár an aonaigh athuair. 

Cé nach bhfuil an t-athbhreithniú ach ina thús go fóill, tá ceist na Gaeilge éigeantaí go mór sa treis sa phlé cheana féin. Deir daoine atá ag plé leis an oideachas Gaeilge go bhfuil trí bhagairt shoiléir i gceist do stádas na teanga. 

I measc na nithe atá á bplé mar chuid den athbhreithniú ar an tsraith shinsearach, tá go laghdófaí líon na n-ábhar a chaitear a dhéanamh don Ardteist, athrú a mbeadh impleachtaí móra aige do stádas na Gaeilge sa chóras.

Anuas air sin, tá plé le déanamh faoi rogha iomlán a thabhairt do dhaltaí na hArdteiste maidir leis na hábhair a shocraíonn siad a dhéanamh sa tsraith shinsearach, moladh eile a bheadh ina chontúirt shoiléir do stádas na Gaeilge ó tharla gurb í an Ghaeilge an t-aon ábhar atá éigeantach ar chúrsa na hArdteiste.

Is é an tríú bagairt don Ghaeilge ná an plé atá ar siúl mar chuid den athbhreithniú faoi rogha ábhar i bhfad níos mó a thabhairt do dhaltaí na hArdteiste ar mhaithe le béim níos mó a chur ar ábhair phraiticiúla agus ar an ngairmoiliúint seachas ar ábhair acadúla amháin.

Fág freagra ar '‘Ar do phriacal féin’ – rabhadh sláinte ar dheochanna meisciúla agus scéalta móra (agus measartha mór) eile ón mbliain 2018…'