Ar cheart gaelscoil a dhéanamh de do bhunscoil Bhéarla? Cuirtear an cheist ar thuismitheoirí na hÉireann…

Tá an Roinn Oideachais ag ullmhú suirbhé náisiúnta ar thuismitheoirí a bhfuil a gcuid páistí ag freastal ar scoileanna Caitliceacha le fáil amach arbh fhearr leo scoileanna il-sainchreidmheacha a bheith ann ina n-áit

Ar cheart gaelscoil a dhéanamh de do bhunscoil Bhéarla? Cuirtear an cheist ar thuismitheoirí na hÉireann…

Tá eagraíochtaí Gaeilge ag éileamh go ndéanfaí suirbhé náisiúnta ar thuismitheoirí chun léargas a fháil ar an tacaíocht atá ann maidir le scoileanna Béarla a iompú ina nGaelscoileanna.

Tá an Roinn Oideachais ag ullmhú suirbhé náisiúnta ar thuismitheoirí a bhfuil a gcuid páistí ag freastal ar scoileanna Caitliceacha le fáil amach arbh fhearr leo scoileanna il-sainchreidmheacha a bheith ann ina n-áit.

Tá sé mar sprioc ag an Rialtas 400 scoil il-sainchreidmheach a bhunú faoi 2030 le go mbeadh tuilleadh roghanna oideachais ar fáil.

Deir Conradh na Gaeilge gur cheart “an cur chuige céanna” a bheith ag an Roinn Oideachais i gcás Gaelscoileanna a bhunú is atá acu i dtaobh scoileanna il-sainchreidmheacha.

“Ba chóir an cur chuige céanna a úsáid i gcás an ghaeloideachais le fáil amach cé mhéad duine amuigh ansin go mbeadh suim acu go ndéanfaí scoil lán-Ghaeilge de scoil a gcuid gasúr.

“Tá sprioc shoiléir ag an Rialtas agus an Roinn i dtaobh scoileanna il-sainchreidmheacha a dhéanamh de scoileanna sainchreidmheacha – is é sin go ndéanfaí scoileanna il-sainchreidmheacha de 400 scoil faoi 2030.

“Cén sprioc atá acu i dtaobh scoileanna lán-Ghaeilge a bhunú nó scoileanna Béarla a iompú ina scoileanna Gaeilge? Níl sprioc acu oiread agus gaelscoil amháin a bhunú,” a dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge.

Tá Conradh na Gaeilge ag iarraidh go leanfaí cur chuige na Breataine Bige, agus sprioc a leagan síos maidir le líon na nGaelscoileanna nua atá le bunú.

“Sa Bhreatain Bheag mar shampla tá sprioc intomhaiste acu go mbeadh 40% de na scoileanna ina scoileanna Breatnaise faoi 2050, ach níl aon sprioc ar chor ar bith againne i leith na Gaeilge,” arsa de Spáinn.

Deir An Foras Pátrúnachta, an pátrún is mó ar scoileanna lán-Ghaeilge, go bhfáiltíonn siad roimh an suirbhé atá á bheartú ag an Roinn Oideachais faoi scoileanna il-sainchreidmheacha ach deir siad gur deis atá ann an gaeloideachas a chur chun cinn chomh maith.

“Fáiltíonn an Foras roimh an Roinn a bheith ag beartú suirbhé a dhéanamh ar thuismitheoirí maidir le scoileanna il-sainchreidmheacha a dhéanamh de scoileanna Caitliceacha. Braithimid gur deis a bheadh anseo do phobail a léiriú go bhfuil rogha eile uathu ina gceantair féin,” a dúirt Caoimhín Ó hEaghra, Príomhfheidhmeannach an Fhorais Pátrúnachta.

Deir An Foras Pátrúnachta gur dhiúltaigh an Roinn dá n-iarratas ceist faoi rogha an Ghaeloideachais a chur san áireamh sa suirbhé atá á ullmhú acu.

“Maidir le ceist na Gaeilge, chuireamar an cheist seo ar an Roinn agus chuireadar in iúl go bhfuil siad ag iarraidh díriú ar an tsainghné spioradálta sa suirbhé seo. É sin ráite, dúradh go raibh siad oscailte do shuirbhé eile ar cheist na Gaeilge agus go bhféadfaí é sin a phlé mar chuid de phróiseas an pholasaí don oideachas lán-Ghaeilge. Beimid á ardú arís sa phlé sin,” a dúirt Caoimhín Ó hEaghra, An Foras Pátrúnachta.

Deir Gaeloideachas gur cheart go ndéanfaí measúnú ar an tacaíocht atá ann don oideachas il-sainchreidmheach agus ar an Ghaeloideachas “ag an am céanna”.

“Tugann an próiseas atá idir lámha ag an Roinn maidir le dífheistiú Pátrúnachta deis nádúrtha do thuismitheoirí a gcuid mianta maidir le teanga an oideachais a chur in iúl. Tá sé an-tábhachtach nach gcaillfear an deis seo trí ceist a chur a dhíríonn ar ghné amháin de mhianta tuismitheoirí, sé sin an sainmheon creidimh.

“Ní mór córas oscailte trédhearcach a bheith ann, a chuimsíonn éileamh ar shainmheon creidimh agus ar shainmheon teanga na dtuismitheoirí agus a fhreastalaíonn ar na roghanna sin,” a dúirt Bláthnaid Ní Ghréacháin ón eagraíocht Gaeloideachas.

Deir Conradh na Gaeilge go bhfuil práinn ag baint leis an scéal agus gá le heolas nua a bhailiú ar thuairimí faoin Ghaeloideachas.

“Tús maith a bheadh ann suirbhé cuimsitheach náisiúnta a dhéanamh faoi dhearcadh tuismitheoirí i leith an ghaeloideachais. Tá eolas faoin éileamh ar an oideachas lán-Ghaeilge againn ag dul siar ón ESRI agus dreamanna eile, ach tá sé in am eolas mar seo a bhailiú agus spriocanna intomhaiste a leagan síos maidir le bunú scoileanna lán-Ghaeilge.

“Tá sé seo níos práinní ná riamh i bhfianaise na hanailíse a rinne Tuairisc le déanaí a léiríonn go bhfuil céatadán na ndaltaí scoile sa stát a fhreastalaíonn ar scoil lán-Ghaeilge, ag titim gach bliain,” a dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge Julian de Spáinn.

Fág freagra ar 'Ar cheart gaelscoil a dhéanamh de do bhunscoil Bhéarla? Cuirtear an cheist ar thuismitheoirí na hÉireann…'

  • Siobh

    Níl spéis ar bith ag an Roinn Oideachais sa nGaeilge. A mhalairt ar fad atá i gceist. Mór an náire!

  • Pól Ó Braoin

    Aontaím le Siobh. Níl suim dá laghad ag rialtais seo an tsaorstáit i gcúrsaí Gaeilge ná Gaeltachta agus ní raibh riamh agus ní bheidh go deo. Caithfear an méid sin a thuiscint, cheapfainn.

  • jpmorley0@gmail.com

    Abrán 1971 bhíos 16 bliana d’aois agus mháirseálamair ó Dhún Chaoin go BÁC chun Scoil Dhún Chaoin a choimeád GAN dúnadh. Bhí fúthu scoil i gcroílár na Gaeltachta a iamh… Cé chreidfeadh é? Cé bhí chun géilleadh dóibh? An ndéanfadh rialtas Shasana féin feillbheart mar é? D’éiríomar amach ó phaiste beag iargúlta thíos fén dtír agus thugamar an ardchathair orainn féin de shiúl ár gcos. Bhí tacaíocht iontach le fáil againn feadh na slí ó choismhuintir na hÉireann mar le lóistín & cothabháil, bia is deoch, ceol is amhráin. Corrdhuine anseo is ansiúd a chuir naimhdeas in iúl. Ach ní raibh na preampalláin sin chun sin a stopadh! Bhí sprid na tíre linn agus ní fhéadfadh na polaiteoirí & an Roinn Oideachais gan géilleadh dhúinn. Ghlac dornán beag againn seilbh ar oifigí na Roinne sin. Tá éirí amach den sórt céanna ag teastáil inniu. Bhí ceannaire amháin orainne, Michael Davitt, a mbíodh callaire aige agus é ag misniú, ag callaireacht is ag cladhaireacht gan stad! Ó is é a bhí inniúil chuige, trócaire air!! Seó bóthair agus gáirí geala ó thús deireadh. Duine amháin a bhaileoidh camthaí timpeall air féin atá de dhíth. Bhfuil a leithéid de dhuine ann?

  • Christina Chen

    Buíochas le Dia go mbeidh siad ag déanamh rud éigin faoin gcreideamh sna scoileanna. In ainm Dé tá sé thar am Dia a thabhairt amach as na scoileanna agus an stuif a chur abhaile sna séipéil. As ucht Dé orthu!