An bhfuil an chéad chéim choinníollach tógtha le hanáil na beatha a shéideadh i gcoincheap na hEite Clé Aontaithe? Má tá, céard í an chéad chéim eile? Toghchán na huachtaránachta, b’fhéidir?
Nuair a chinn an rialtas cleas cam a imirt i dtaobh socruithe cainte sa Dáil, ag iarraidh cearta an fhreasúra a roinnt le lucht tacaíochta an rialtais, is cosúil gur chreid siad go mbeadh Sinn Féin as féin ag deireadh an lae, is go dtreiseodh an cleas an bhearna idir páirtithe na heite clé.
Ní mar sin a thit amach, ámh, mar d’fhan Sinn Féin, na Daonlathaithe Sóisialta, Páirtí an Lucht Oibre agus, fiú, Éire Neamhspleách le chéile, ag tacú lena chéile is ag neartú an chaidrimh eatarthu féin.
Dhein Micheál Martin iarracht Sinn Féin a scaradh amach ón gcuid eile, trí ionsaithe a dhéanamh orthu agus gan a bheith ag trácht ar na páirtithe eile, ach níor éirigh leis.
Ní raibh Sinn Féin ar leithlis, is léiríodh fronta aontaithe ar an eite chlé den chéad uair i bpolaitíocht na hÉireann.
Anois tá sampla eile den teacht le chéile sin le tabhairt faoi deara.
Agus arís is é an rialtas a spreag é. Cé go bhfuil móramh mór ann i bhfabhar neodracht na tíre a choinneáil mar pholasaí stáit – neodracht atá bunaithe ar phrionsabail an dlí idirnáisiúnta agus ról na Náisiún Aontaithe – tá cinneadh déanta ag an rialtas deireadh a chur leis an nGlas Triarach a chuireann iachall orthu sainordú ó na Náisiúin Aontaithe a fháil sula nglacann muid páirt in aon ghníomhaíocht mhíleata thar lear.
Arís eile tá sé i gceist ag an rialtas an t-athrú polasaí seo a bhrú tríd leis an móramh atá acu mar a bhrúigh siad an t-athrú ar na rialacha cainte sa Dáil.
Ach arís aontacht i measc na bpáirtithe ar an eite chlé an toradh ar shotal seo an rialtais.
Tá feachtas á eagrú ag an gConradh um Neodracht na hÉireann le tacaíocht ó Shinn Féin, na Daonlathaithe Sóisialta, Páirtí an Lucht Oibre agus neamhspleáigh ar nós Catherine Connolly TD agus an seanadóir Alice Mary Higgins.
Is í an chontúirt don rialtas, ar ndóigh, má théann na páirtithe seo i bpáirt le chéile go minic go mb’fhéidir go dtiocfadh rud éigin buan as.
Ar an taobh eile, áfach, tá easpa muiníne idir na páirtithe sin. Sa bhfeachtas toghcháin shéan Páirtí an Lucht Oibre gur bhain Sinn Féin leis an eite chlé ar chor ar bith, agus, cé gur dhearbhaigh Gary Gannon ó na Daonlathaithe Sóisialta gur páirtí den eite chlé é Sinn Féin níor leag a pháirtí aon bhéim ar chomhoibriú le Sinn Féin.
Maidir le Páirtí an Lucht Oibre ar ndóigh, cuireann siad déistin ar chuid mhaith den lucht vótála ar an eite chlé mar gheall ar a ról i bpolasaithe déine agus iad i rialtas le Fine Gael. Is beag tacaíocht atá ag an bpáirtí i measc an aosa óig, agus bheadh leisce ar vótóirí Shinn Féin vóta aistrithe a thabhairt dóibh.
Agus ní cosúil go bhfuil an oiread sin measa ag na Daonlathaithe Sóisialta ar pháirtí an Lucht Oibre ach an oiread, is iad ag diúltú glacadh le leideanna ó na meáin mhóra faoi aontas idir an Lucht Oibre agus na Daonlathaithe Sóisialta.
Tá doicheall mór ar Pháirtí an Lucht Oibre freisin roimh Shinn Féin mar go bhfuil siad imithe cuid mhaith chun tosaigh orthu, agus ar na Daonlathaithe Sóisialta freisin, agus Páirtí an Lucht Oibre ag caoineadh i ndiaidh na vótóirí a thréig iad is a chuaigh go dtí na páirtithe eile.
Ní bheidh sé éasca an doicheall atá ar Pháirtí an Lucht Oibre nó an déistin atá ar na páirtithe eile, a chur ar leataobh ach má tá siad le stop a chur le haontú na heite deise níl aon dul as ach comhoibriú.
Tá cainteanna riachtanach le leas ceart a bhaint as an seans seo an eite chlé a aontú – cainteanna idir na dreamanna éagsúla faoina gcuid polasaithe tithíochta, sláinte is eacnamaíochta a chur i gcomhréir le chéile.
Agus ag deireadh thiar, cé gur ábhar conspóide é dearcadh na bpáirtithe éagsúla i leith an Aontais Eorpaigh agus, ar ndóigh, i leith athaontú na tíre, níl an oiread sin idir iad maidir lena gcuid polasaithe faoi chúrsaí sóisialta is eacnamaíochta.
Is céimeanna tábhachtacha mar sin an aontacht faoi chearta cainte agus faoi fheachtas neodrachta, agus ní mór tógáil air sin.
Tabharfar an deis dóibh sa bhfómhar ar ndóigh nuair a reáchtálfar toghchán na huachtaránachta. Is deis í sin do na páirtithe ar fad oibriú i bpáirt agus aon uaillmhian faoi leith atá ag na páirtithe féin a chur ar leataobh agus a léiriú don phobal gur féidir leo feachtas aontaithe a chur ar bun agus ardán a chruthú le rialtas nua, gan Fine Gael ná Fianna Fáil, a chur ar fáil.
Fág freagra ar 'Aontacht i measc pháirtithe na heite clé an toradh ar shotal an Rialtais'