Aon seans go gcuirfeadh vótóirí Thír Eoghain Thiar iontas ar aon duine amárach?

Beidh fothoghchán ar siúl i dTír Eoghain Thiar amárach de bharr an scannail a thug ar Bharra Mac Giolla Dhuibh éirí as mar fheisire Parlaiminte Shinn Féin

Aon seans go gcuirfeadh vótóirí Thír Eoghain Thiar iontas ar aon duine amárach?

Amárach, Déardaoin rachaidh vótóirí iarthar Thír Eoghain chuig na bothanna vótála den chúigiú huair le dhá bhliain. Tar éis dhá thoghchán Tionóil, an reifreann faoi imeacht na Breataine as an Aontas Eorpach agus olltoghchán tobann Theresa May anuraidh, beidh deis ag muintir Thír Eoghain Thiar feisire Parlaiminte a thoghadh i bhfothoghchán.

Tuaiplis de chuid Shinn Féin is siocair leis an vótáil. Mar sin féin údar mór iontais a bheadh ann mura gcoinneodh an páirtí an suíochán óir bhí breis is leath na vótaí acu anuraidh.

D’éirigh Barra Mac Giolla Dhuibh as mar fheisire Parlaiminte de chuid Shinn Féin de bharr na conspóide a lean eachtra a ghoill go mór ar íospartaigh. Dúirt fear Shinn Féin nach raibh rún ar bith aige gaolta agus lucht tacaíochta na muintire a maraíodh in ionsaí seicteach an IRA, in Kingsmills a ghortú agus a mhaslú nuair a chuir sé físeán amach ar Twitter de féin agus builín aráin Kingsmill ar a chloigeann aige.

Ba dheacair a thógáil orthu nár chreid siad gur chomhtharlúint é go ndearna an feisire Parlaiminte an tvuít a chur amach cothrom an lae 42 bliain ó mharaigh an tIRA deichniúr oibrithe Protastúnacha (goineadh fear eile, Alan Black) in Kingsmills. Cháin páirtithe eile fear Shinn Féin go géar. Ghearr Sinn Féin tréimhse fionraíochta ghearr air ach cinneadh gan mhoill nach raibh an dara rogha ag Mac Giolla Dhuibh ach éirí as.

Mhol aontachtaithe ar dtús go roghnófaí duine neamhspleách mar iarrthóir ollpháirtí thar ceann íospartaigh le dhul in iomaíocht le Sinn Féin ach bhí sé fánach acu. Tá cúigear san iomaíocht. Is iad sin: Orfhlaith Begley, Sinn Féin, dlíodóir óg as an gCarraig Mhór; Tom Buchanan, Teachta Tionóil aonair an DUP sa toghcheantar; Daniel McCrossan, Teachta Tionóil aonair ón SDLP; Chris Smyth atá ag seasamh den chéad uair don UUP; agus Stephen Donnelly ón bpáirtí Alliance a sheas sna trí thoghchán eile le dhá bhliain.

Tá gar do 64,000 vótóir ar an gclár agus bíonn an tinreamh os cionn 60% anseo go hiondúil. Anuraidh nuair a bhí an iomaíocht idir an DUP agus Sinn Féin fíor-nimhneach tar éis titim Stormont. Chaith 68% díobh vóta do Westminster agus nach mór 70% don Tionól. Bíonn an ráta vótála íseal i bhfothoghchán de ghnáth agus ceaptar nach mbeidh an tinreamh amárach chomh hard is a bhí anuraidh.

Tá móramh an-mhór ag Sinn Féin sa toghcheantar. Tá trí shuíochán Tionóil acu ó 2007. Choinnigh Sinn Féin trí shuíochán anuraidh cé gur laghdaíodh líon na n-ionadaithe i ngach toghcheantar ó sheisear go cúigear. Chaill an UUP a suíochán.

San olltoghchán bhí 50.7% de na vótaí ag Barra Mac Giolla Dhuibh – os cionn 22,000, nach mór a dhá oiread is a fuair Tom Buchanan ón DUP a bhí sa dara háit le 26.9%. Bhí 13% ag Daniel McCrossan, SDLP. Thit vóta an UUP go tubaisteach agus bhí Stephen Donnelly ó Alliance sa chúigiú háit agus 1,000 vóta aige.

Bhí an DUP agus an UUP ag díriú ar mhasla Mhic Giolla Dhuibh do mhuintir Kingsmills le linn an fheachtais ach ní léir gur thug lucht tacaíochta Shinn Féin aird orthu. Ba iad an Breatimeacht agus an ginmhilleadh na mórcheisteanna. Ós ceantar teorann é Tír Eoghain Thiar ní hiontas gur cuireadh béim ar an mBreatimeacht. Ghlac iarrthóir Shinn Féin páirt i léirsiú ar an Srath Bán ag éileamh stádas speisialta do Thuaisceart Éireann. Mhaígh Tom Buchanan go raibh an DUP ionadaíoch ar an bpobal cé gur vótáil 66.8% i bhfabhar fanacht san Aontas Eorpach. Cháin Daniel McCrossan ón SDLP Sinn Féin toisc an pobal a fhágáil gan aon ghuth in aghaidh an Bhreatimeachta mar gheall ar an bhfolús i Stormont agus a mbaghcat ar Westminster.

Ba chosúil gurbh í ceist an ghinmhillte an t-aon ábhar a chothódh deacrachtaí do Shinn Féin. Cé nach mbaineann an reifreann ó dheas le vótóirí an toghcheantair seo tá lucht feachtais in aghaidh an leasú ar an mbunreacht gníomhach sa cheantar. Scríobadh sluáin in aghaidh an ghinmhillte agus in aghaidh Shinn Féin ar bhallaí an tséipéil ar an gCarraig Mhór. Ba chosúil go raibh mana seicteach i measc na dteachtaireachtaí ar na ballaí. Cháin gach iarrthóir an t-ionsaí ar eaglais. Cnámh spairne sa bhfeachtas is ea an cheist, áfach. Tá lucht feachtais, Caitlicigh den chuid is mó, ag moladh do vótóirí gan tacú le páirtithe atá ar son an rogha- Sinn Féin agus Alliance go sonrach. Maíonn siad go mbeadh drochthionchar abhus ag aon liobrálú a dhéanfaí ar dhlíthe ó dheas.

Beidh na bothanna vótála oscailte ón 7 maidin amárach go dtí 10.00 istoíche agus comhairfear na vótaí in Ionad Fóillíochta na hÓmaí díreach ina dhiaidh sin. Maíonn roinnt daoine gur scéal thairis é an fothoghchán seo ach is deis é do vótóirí breithiúnas a thabhairt ar ábhair a bhíonn faoi chaibidil go minic. Deirtear go bhfuil an pobal bréan den phairilis atá cothaithe ag an DUP agus Sinn Féin i Stormont agus deirtear go bhfuil contúirt an Bhreatimeachta chomh mór sin gur cheart do Shinn Féin freastal ar Westminster. An dtabharfar an t-eiteachas don DUP agus do Shinn Féin? An dtoghfar duine ó pháirtí eile atá sásta dul go Westminster? Cén seans!

Fág freagra ar 'Aon seans go gcuirfeadh vótóirí Thír Eoghain Thiar iontas ar aon duine amárach?'