Anois nó riamh ag Port Láirge agus deis eile ag Tiobraid Árann

Imreofar dhá cluiche ollmhóra sa Chraobh Iománaíochta anocht i Staid Semple agus Baile Átha Cliath ag tabhairt aghaidh ar Thiobraid Árann agus Port Láirge ag iarraidh cúiteamh a dhéanamh i gcoinne Chill Chainnigh

Anois nó riamh ag Port Láirge agus deis eile ag Tiobraid Árann

Bainisteoir Phort Láirge, Derek McGrath. Pictiúr: INPHO/Donall Farmer

Cill Chainnigh v Port Láirge, Staid Semple, 7.00i.n. (Beo ar Sky Sports)

Anois nó riamh ag Port Láirge. Níl an ceann is fearr faighte acu ar Chill Chainnigh sa chraobh ó 1959, ach, más aon chomhartha an bhail atá ar na Cait faoi láthair, ba cheart go mbeadh seans maith acu anocht.

Dá mbeadh Luimneach beagáinín níos cruinne, ní bheadh foireann Brian Cody sa chraobh ar chor ar bith. Trí iarracht déag a chuir Luimneach amú sa chéad leath.

Ba é Michael Fennelly laoch na gCat agus cé go raibh leithéidí Paul Murphy, Cillian Buckley agus Pádraig Walsh go maith i measc na gcosantóirí, ní raibh TJ Reid ná Richie Hogan, go háirithe, tagtha chucu féin i gceart.

Níor mhór dóibh feabhas a dhéanamh mar sin óir cé nach raibh mórán dua ag baint le cluiche Phort Láirge in aghaidh Uíbh Fhailí, is cinnte go bhfuair siad an-mhisneach óna mbua 1-35 i gcoinne 0-14 i bPáirc Uí Chonchúir. D’aimsigh trí imreoir déag scóranna d’fhoireann Derek McGrath agus ba mhaith sin tar éis dóibh taispeántas sách lag a thabhairt in aghaidh Chorcaí.

Beidh cluichí leathcheannais na hÉireann na bliana seo caite ina gceann ag imreoirí Phort Láirge chomh maith. Bhí Cill Chainnigh nach mór buailte acu nuair a d’aimsigh Conor Fogarty scór in am cúitimh chun athimirt a chinntiú. Briseadh croí a bhí i ndán do na Déisigh sa chluiche athimeartha nuair a theip ar phoc saor Pauric Mahony ceann scríbe a bhaint amach rud a d’fhág bua ag na Cait, más ar éigean féin é.

Seans gurbh fhearr do Phort Láirge dá mba an tseachtain seo caite a bhí siad ag imirt Chill Chainnigh, ach fós féin tá deis iontach acu cúiteamh a dhéanamh anocht agus a gcéad bhua a fháil ar Chill Chainnigh sa chraobh le beagnach trí scór bliain.

Rogha Tuairisc.ie: Port Láirge

Paul Greville (an Iarmhí) agus Patrick Maher (Tiobraid Árann). Pictiúr: INPHO/Ken Sutton

Baile Átha Cliath v Tiobraid Árann, Staid Semple, 5.00i.n.

Céad bliain ó shin, i 1917, an uair dheireanach ar éirigh le Baile Átha Cliath an ceann is fearr a fháil ar Thiobraid Árann i gCraobh Shinsir Iomána na hÉireann. Bíodh is nach bhfuil Tiobraid Árann ag déanamh chomh maith agus ba cheart dóibh faoi láthair, seans fós go mbeidh lucht tacaíochta Bhaile Átha Cliath ag fanacht ar a laghad bliain eile go bhfaighidh siad an ceann is fearr ar na Tiobradaigh.

Cé go ndearna Michael Ryan go leor athruithe ar an bhfoireann a chaill in aghaidh Chorcaí i gCraobh na Mumhan, marbhánta go maith a bhí foireann Thiobraid Árann ina gcluiche in aghaidh na hIarmhí Dé Sathairn seo caite. Naoi bpointe a bhí eatarthu ar deireadh ach ní raibh curaidh na hÉireann ach trí phointe chun cinn agus beagán os cionn ceathrú huaire fágtha sa chluiche sin i Staid Semple.

Níor aimsigh Séamus Callanan scór ar bith ón imirt agus bhí Tiobraid Árann buíoch do bheirt ionadaithe, John McGrath a d’aimsigh 1-1 agus Jason Forde, a d’aimsigh dhá chúilín chun an bua a chinntiú.

Thuirsigh imreoirí na hIarmhí sa cheathrú dheireanach den chluiche ach ba cheart go mbeadh imreoirí Bhaile Átha Cliath níos aclaí ná sin.

Bhí súil ag gach duine go mbeadh foireann Ger Cunningham maith a dóthain chun an ceann is fearr a fháil ar Laois an deireadh seachtaine seo caite ach beidh an bainisteoir sásta go maith leis an taispeántas a thug a chuid imreoirí a fuair 2-18 in aghaidh 1-15.

Tá Baile Átha Cliath ag brath go mór ar imreoirí óga, áfach. Cúigear den fhoireann a d’imir in aghaidh Laoise is é seo a gcéad chraobh shinsir, agus ba cheart go mbeadh Tiobraid Árann róláidir dóibh agus i bhfad níos mó taithí acu.

Rogha Tuairisc.ie: Tiobraid Árann

Fág freagra ar 'Anois nó riamh ag Port Láirge agus deis eile ag Tiobraid Árann'