‘Ann an toll anns an talamh, bha hobat a’fuireach’ – ‘The Hobbit’ ar fáil i nGaeilge na hAlban

Fágann aistriúchán nua seo go bhfuil scéal Biolbo Bagainn (mar a thugtar air i nGaeilge na hAlban) anois ar fáil i gcúig cinn de na sé theanga Cheilteacha

‘Ann an toll anns an talamh, bha hobat a’fuireach’ – ‘The Hobbit’ ar fáil i nGaeilge na hAlban

Is é sin mar a chuirtear tús le scéal cáiliúil JRR Tolkien The Hobbit, or There and Back Again i nGaeilge na hAlban. Tá an leagan Gàidhlig – An Hobat, no A-null ‘s Air Ais A-rithist – ar fáil anois a bhuí leis an aistritheoir an tOllamh Moray Watson, ó Ollscoil Obar Dheathain, agus an teach foilsitheoireachta Evertype.

Fágann an t-aistriúchán nua seo go bhfuil scéal Biolbo Bagainn (mar a thugtar air i nGaeilge na hAlban) anois ar fáil i gcúig cinn de na sé theanga Cheilteacha: an Ghaeilge, an Ghàidhlig, an Bhreatnais, an Choirnis, agus an Bhriotáinis. Is iad na Manainniseoirí an t-aon dream nach féidir leo Tolkien a léamh ina dteanga féin anois.

Tá cáil ar Michael Everson agus a chomhlacht Evertype as leabhair de chuid Tolkien agus Lewis Carroll a fhoilsiú i mionteangacha agus i gclófhoirne neamhghnácha. Ba é Moray Watson a chuir Gaeilge na hAlban ar Alice’s Adventures in Wonderland le Carroll faoin teideal Eachdraidh Ealasaid ann an Tìr nan Iongantas in 2012, leabhar a d’fhoilsigh Evertype freisin.

Chuir an tOllamh Nicholas Williams Gaeilge agus Coirnis ar The Hobbit faoi na teidil An Hobad, nó Anonn agus Ar Ais Arís (2012) agus An Hobys, pò An Fordh Dy ha Tre Arta (2014).

Dúirt Watson le Tuairisc gur cheadaigh sé aistriúchán Gaeilge Williams agus an tiontú go Gàidhlig idir lámha aige, mar a rinne sé i gcás Eachtraí Éilíse i dTír na nIontas agus é ag plé leis an leabhar sin os cionn deich mbliana ó shin.

Dúirt sé go raibh laincisí go leor air féin mar aistritheoir mar gheall ar an smacht atá ag eastát Tolkien ar a chuid saothair.

“Tá Eastát Tolkien thar a bheith cosantach (agus an ceart acu) faoin saothar, agus bhí an-spéis ag Tolkien féin, mar fhileolaí agus mar aistritheoir é féin, i mioncheisteanna an aistriúcháin. Níl an tsaoirse chéanna ann le The Hobbit is a bheadh i gceist le leabhair eile.

“Agus dá bharr sin, chabhraigh An Hobad agus na haistriúcháin go teangacha eile atá ar eolas agam go mór liom dul timpeall ar na laincisí atá ann agus teacht aníos le rud a d’aithneofaí mar leabhar Gàidhlig,” a dúirt sé le Tuairisc.

Tharraing An Hobad go leor cainte nuair a foilsíodh den chéad uair é in 2012. Bhí plé bríomhar i measc phobal na Gaeilge agus lucht leanta Tolkien faoin nGaelú a rinneadh ar ainmneacha áirithe, teideal an leabhair san áireamh, agus faoi fhocail ‘nua’ a bhí le fáil sa téacs – an focal ‘ealbh’ ar ‘elf’, mar shampla. Mhínigh an t-eagarthóir Michael Everson na cinntí a rinneadh agus an leabhar á thiontú go Gaeilge i réamhrá an leabhair.

Cé go bhfuil The Hobbit ar fáil i nGaeilge anois le trí bliana déag níl aon chosúlacht ar an scéal go dtiocfaidh Tiarna na bhFáinní The Lord of the Rings ó Evertype ná aon fhoilsitheoir eile Gaeilge sna blianta amach romhainn. Níl aon chaint dháiríre ar leagan Breatnaise ach an oiread.

Scoláire agus fear teanga a bhí in JRR Tolkien agus maítear go minic gur tharraing sé ar an miotaseolaíocht Cheilteach agus ar theangacha Ceilteacha agus scéalta ‘Middle-Earth’ á gcumadh aige.

Fág freagra ar '‘Ann an toll anns an talamh, bha hobat a’fuireach’ – ‘The Hobbit’ ar fáil i nGaeilge na hAlban'

  • Gabriel Rosenstock

    Ní raibh aon mheas ag Tolkien ar an nGaeilge. I litir uaidh (1958) scríobh sé an
    méid seo a leanas:
    “I go frequently to Ireland (Éire: Southern Ireland) being fond of it and of (most of) its people; but the Irish language I find wholly unattractive . . .”
    Tuilleadh faoin ábhar sin anseo:
    https://ansionnachfionn.com/leabhair-books/j-r-r-tolkien-and-ireland/