‘And a fada please, Carol…’ – réalta ‘Countdown’ ag iarraidh Gaeilge a fhoghlaim ó Imelda May

Ba dheas le Carol Vorderman clár teilifíse faoi stair na Gaeilge agus na Breatnaise a chur i láthair in éineacht le Imelda May. atá ina hAmbasadóir do Sheachtain na Gaeilge i mbliana

‘And a fada please, Carol…’ – réalta ‘Countdown’ ag iarraidh Gaeilge a fhoghlaim ó Imelda May

Tá Carol Vorderman, an láithreoir teilifíse agus matamaiticeoir aitheanta as Sasana ag iarraidh ar Imelda May roinnt Gaeilge a mhúineadh di.

Agus ba dheas le Vorderman clár teilifíse faoi stair na Gaeilge agus na Breatnaise a chur i láthair leis an amhránaí cáiliúil as Baile Átha Cliath atá ina hAmbasadóir do Sheachtain na Gaeilge i mbliana.

Thug Vorderman an méid sin le fios ar Twitter nuair a dúirt Imelda May go raibh súil aici spreagadh a thabhairt do dhaoine an Ghaeilge a fhoghlaim, go háirithe daoine ar a cuma féin a mbíonn “náire” orthu an beagán Gaeilge atá acu a úsáid.

Is cosúil go bhfuil cairdeas idir an bheirt agus d’iarr Vorderman, a bhain cáil amach ar an gclár Countdown, ar May roinnt Gaeilge a mhúineadh di.

Nuair a mhol duine eile go gcuirfeadh May agus Vorderman clár teilifíse faoin mBreatnais agus an Ghaeilge i láthair in éineacht lena chéile, dúirt Vorderman gur thaitin an smaoineamh sin iontach léi agus go mba bhreá léi a leithéid a dhéanamh.

As Bedfordshire i Sasana do Vorderman ach ba as an mBreatain Bheag dá máthair agus thosaigh an láithreoir teilifíse ag foghlaim na Breatnaise anuraidh.

Chuir sí an clár Iaith ar Daith faoina turas teanga i láthair ar S4C.

Tá an ceoltóir Imelda May, captaen fhoireann iomána Luimnigh Declan Hannon agus an craoltóir agus an múinteoir Bláthnaid Treacy ainmnithe mar ambasadóirí do Sheachtain na Gaeilge 2021.

Dúirt Imelda May, duine d’ambasadóirí Sheachtain na Gaeilge, go raibh sí ag súil le daoine a mhealladh i dtreo na teanga.

“Ba mhaith liom a bheith i m’ambasadóir do dhaoine cosúil liom féin, iad siúd a raibh deacracht acu leis an nGaeilge san am atá caite ach a bhfuil an-spéis go deo acu tuilleadh a fhoghlaim faoin teanga.

“Ba mhaith liom cuireadh a thabhairt do dhaoine teacht liom ar m’aistear leis an teanga, tógáil ar an muinín atá acu agus úsáid a bhaint as cibé Gaeilge atá acu gan a bheith buartha faoi bhotúin a dhéanamh,” a dúirt an t-amhránaí aitheanta.

Fág freagra ar '‘And a fada please, Carol…’ – réalta ‘Countdown’ ag iarraidh Gaeilge a fhoghlaim ó Imelda May'

  • Audrey Scully

    Cinnte, Imelda.