AN ÚCRÁIN: An Rúis ag géarú ar an mbombardú agus ‘stát sceimhlitheoireachta’ tugtha uirthi

Ionsaíodh áiteanna i bhfad ó chroílár an ionraidh, áiteanna amhail Dnipro, cathair thábhachtach ar Abhainn an Dnieper, Lutsk san iarthuaisceart agus Ivano-Frankovsk san iardheisceart

AN ÚCRÁIN: An Rúis ag géarú ar an mbombardú agus ‘stát sceimhlitheoireachta’ tugtha uirthi

Tá a thuilleadh ceantar agus cathracha san Úcráin á mbombardú ag an Rúis agus ionsaithe diúracán déanta acu ar áiteanna nár ionsaíodh go dtí seo. 

Ionsaíodh áiteanna i bhfad ó chroílár an ionraidh, áiteanna amhail Dnipro, cathair thábhachtach ar Abhainn an Dnieper, Lutsk san iarthuaisceart agus  Ivano-Frankovsk san iardheisceart. 

Meastar go bhféadfadh gur iarracht atá ar bun ag an Rúis moill a chur le soláthar arm don Úcráin thar a teorainn thiar.

Ar Kyiv is mó atá aird na Rúise i gcónaí agus conbhua míleata fada acu ó thuaidh den phríomhchathair. Leanadh leis an mbaráiste airtléire ar Kyiv inniu.

Dúirt Volodymyr Zelensky, Uachtarán na hÚcráine, gur “stát sceimhlitheoireachta” í an Rúis i ndiaidh dá fórsaí stop a chur le soláthar bia, leighis agus dí do chathair Mariupol, mar a bhfuil na daoine faoi léigear le deich lá anuas.

Tá cúrsaí go hainnis ar fad in Mariupol áit atá gan chumhacht agus ina bhfuil bia agus deoch gann. 

Theip ar na hiarrachtaí go dtí seo soláthairtí a thabhairt isteach go dtí an chathair agus ionsaí sliogán déanta ag an Rúis ar chonbhuanna tarrthála agus ar dhaoine agus iad ar a dteitheadh. 

Dúirt méara Kharkiv gur scriosadh 48 scoil sa chathair sin, cathair atá faoi shíorionsaí. 

Dúirt gobharnóir réigiúnach Kharkiv gur “coir chogaidh” a bhí in ionsaí a deir an Úcráin a rinneadh ar ospidéal síciatrach gar do bhaile Izyum san oirthear.

Inniu an 16ú lá d’ionradh na Rúise agus tuairiscítear gurb amhlaidh go bhfuil siad ag géarú ar a gcuid ionsaithe agus stráicí móra de chathracha á scrios acu, ceantair chónaithe san áireamh. 

De réir na bhfigiúirí is déanaí ó na Náisiúin Aontaithe 2.5 milliún duine atá teite ón Úcráin. Dúirt Aire Cosanta na hÚcráine inniu gur mó sibhialtaigh ná saighdiúirí a bhí maraithe ag fórsaí na Rúise. “Tá súil agam go gcloisfear an méid sin, ní hamháin in Kyiv ach ar fud an domhain mhóir,” arsa Oleksii Reznikov.

Shéan an tUachtarán Zelensky go láidir aréir maíomh na Rúise go raibh airm cheimiceacha á bhforbairt ag an Úcráin.

Dúirt Stáit Aontaithe Mheiriceá gur “áiféiseach” an maíomh é agus gur cleas a bhí ann aird a tharraingt ón bhfíorscéal – go bhféadfadh an Rúis féin a leithéid d’airm a úsáid i gcoinne na hÚcráine.

Fág freagra ar 'AN ÚCRÁIN: An Rúis ag géarú ar an mbombardú agus ‘stát sceimhlitheoireachta’ tugtha uirthi'

  • Antóin

    “Shéan an tUachtarán Zelensky go láidir aréir maíomh na Rúise go raibh airm cheimiceacha á bhforbairt ag an Úcráin”

    Céard atá ar súil mar sin sna saotharlanna víreolaíochta de chuid an Pentagon atá san Úcráin mar a bhfostaíonn Roinn Cosanta Mheiriceá saineolaithe Mheiriceá a bhfuil díolúine thaidhleoireachta acu? Airm bhaictéareolaíocha? N’fheadair.

    Maidir le ‘cleasanna’ agus ‘aird a tharraingt’, fad is atá aird an iarthair ar an oirthear, tá an Araib Shádach ag buamáil léi in Éimin. 200 aer-ruathar chuile mhí agus gan oiread is bratach amháin Éimin ar foluan áit ar bith sa tír.