An Úcráin, Albain agus an Airméin sa ghrúpa céanna le hÉirinn i Sraith na Náisiún 2022

Meastar go mbeidh Stephen Kenny sásta go maith leis na foirne atá le hÉirinn i nGrúpa B1

An Úcráin, Albain agus an Airméin sa ghrúpa céanna le hÉirinn i Sraith na Náisiún 2022

Tá foireann sacair na hÉireann curtha sa ghrúpa céanna leis an Úcráin, an Airméin agus Albain do chomórtas Shraith na Náisiún 2022.

Rinneadh an tarraingt san Eilvéis tráthnóna agus meastar go mbeidh Stephen Kenny sásta go maith leis na foirne eile atá istigh le hÉirinn i nGrúpa B1.

Bhí Éire i bPota 3 don tarraingt tráthnóna. An Úcráin a tháinig as Pota 1, tháinig Albain as Pota 2 agus an Airméin a tháinig as Pota 4.

Beidh foireann na hÉireann ag tabhairt aghaidh ar an Úcráin den chéad uair riamh nuair a chasfaidh na foirne ar a chéile an bhliain seo chugainn.

Imreofar na cluichí i mí an Mheithimh agus mí Mheán Fómhair 2022. Beidh ceithre chluiche ann idir an 2-14 Meitheamh agus dhá chluiche eile idir an 22-27 Meán Fómhair. Níl na socruithe uile do na cluichí déanta go fóill.

Bhí Éire sa ghrúpa céanna le hAlbain do chomórtas cáilithe EURO 2016. Chaill na hÉireannaigh an cluiche in Albain 1-0 agus comhscór 1-1 a bhí idir na foirne i mBaile Átha Cliath. Bhuaigh Éire ar an Airméin faoi dhó sa chomórtas cáilithe do EURO 2012.

Cé nach bhfuil sé fógartha go fóill go mbeidh nasc idir Sraith na Náisiún 2022 agus EURO 2024, meastar go mbainfidh na foirne a chríochnaíonn ar bharr a ngrúpaí áit amach sna babhtaí cáilithe don chomórtas in 2024, a bheidh á reáchtáil sa Ghearmáin.

Tá conradh Stephen Kenny mar bhainisteoir ar fhoireann na hÉireann le críochnú i rith an tsamhraidh ach tuairiscítear go bhfuil conradh eile le bronnadh air go luath a fhágfaidh go mbeidh sé i gceannas do chomórtas cáilithe EURO 2024.

Níl cluiche ar bith buaite go fóill ag Éirinn i Sraith na Náisiún ó bunaíodh í in 2018. As na deich gcluiche atá imeartha ag Éirinn, tá cúig cinn buaite againn agus cúig cinn caillte, agus dhá chúl atá scóráilte ag an bhfoireann.

Fág freagra ar 'An Úcráin, Albain agus an Airméin sa ghrúpa céanna le hÉirinn i Sraith na Náisiún 2022'