An uair a thug Maureen O’Hara agus John Wayne cuairt ar an seanteach

Ba dhuine de mhuintir Uí Fhéinne as an Spidéal athair John Ford agus ‘Feeney’ a bhí air féin nuair a bhí sé ag fás aníos i Meiriceá

An uair a thug Maureen O’Hara agus John Wayne cuairt ar an seanteach

Chonaic mé Beairtle Ó Féinne ar an teilifís le gairid sa tsraith Droichid na hÉireann ar RTÉ1. Bhí sé ina sheasamh ar an seandroichead gar d’Uachtar Ard, an ceann a úsáideadh sa scannán The Quiet Man.

Ní raibh a fhios agam go dtí an nóiméad sin go raibh gaol gairid ag Beairtle leis an stiúrthóir cáiliúil scannán, John Ford.

Ar ndóigh ba dhuine de mhuintir Uí Fhéinne as an Spidéal athair John Ford agus ‘Feeney’ a bhí air féin nuair a bhí sé ag fás aníos i Meiriceá. Ansin d’athraigh sé a ainm go John Ford. Ba col ceathracha iad athair Bheairtle agus John Ford é féin. Fágann sin gur col cúigir le John Ford é Beairtle.

Nuair a casadh Beairtle orm le gairid, d’inis mé dhó go bhfaca mé ar an teilifís é agus gur bhreá an t -agallamh a rinne sé faoi Ford agus an scannán The Quiet Man.

Anuraidh, bhí comóradh 70 bliain ann don scannán a rinneadh i 1952. Agus Beairtle ag tarraingt ar 91 bliain d’aois, tá cuimhne mhaith aige ar na laethanta sin nuair a tháinig Hollywood go dtí an Tuar Beag agus an Spidéal.

D’imigh an t-athair John Feeney ar imirce chuig na Stáit Aontaithe sa mbliain 1872. Phós sé Barbara Curran as an Choill Rua (cé go ndeirtear in áiteacha go mb’as Árainn í, deir Beairtle go mb’as an gceantar í) agus rugadh John in 1894. Gaeilge a labhair an lánúin sa mbaile i Meiriceá, is cosúil.

Chuaigh John agus a dheartháir Francis go Hollywood agus rinneadar go maith ann. Faoin am go dtáinig sé go Conamara chun The Quiet Man a dhéanamh bhí cáil ollmhór bainte amach aige.

Leis na scannáin ‘western’ ba mhó a bhain cáil John Ford agus thugadh sé páirteanna do John Wayne go minic iontu agus bhí seisean agus daoine eile ar nós Maureen O’Hara, Victor McLaglen, Ward Bond agus Barry Fitzgerald mar sórt ‘compántas’ aisteoirí aige.

Faoi 1952, bhí gradam ‘Oscar’ buaite aige trí huaire mar stiúrthóir (The Informer, The Grapes of Wrath agus How Green Was my Valley) agus ar ndóigh ghnóthaigh sé ceann eile le The Quiet Man.

Is cuimhin le Beairtle go raibh súil ag Ford an scannán a dhéanamh thart ar bhaile dúchais a mhuintire sa Spidéal. Ach an uair sin, ní raibh aon teach ósta sách mór a bheadh in ann na haisteoirí agus an criú a choinneáil.

Bhí cineál gaol i bhfad amach idir Ford agus an Tiarna Killanin, a raibh teach mór sa Spidéal aige. Ba é an Tiarna Killanin a mhol Conga agus Caisleán Cheapach Corcóige dó mar láthair scannánaíochta. Ba mhaith mar a d’fheil siad sin don scéal agus bhí láithreacha eile – ar nós an droichead beag siúd nach raibh i bhfad ón láthair.

An lá a raibh Beairtle ag scannánaíocht é féin don tsraith ‘Droichid’ ba bheag nár chaill sé an deis. Bhí an criú teilifíse ag tabhairt ‘Droichead Mháma’ ar an láthair agus d’fhanadar ag an Mám go dtiocfadh Beairtle. Ach bhí seisean ag an droichead atá suite in nDoire Oirghlinne, cúig chiliméadar ó Uachtar Ard. D’éirigh leo teacht ar a chéile ar deireadh agus rinne siad píosa breá cainte faoi (nasc thíos).

Ach tá cuimhní eile seachas scéal an droichid ag Beairtle. Is cuimhin leis go raibh gaolta leis féin – a bheirt deirfiúracha Máire agus Bríd agus a chol ceathrar Nóra Ní Chonaola as an gCré Dhubh, páirteach sa scannán chomh maith. Bhíodh sé le rá faoi John Ford gur íoc sé a chuid aisteoirí ‘breise’ go maith.

Agus thugadh sé cuairt ar an ‘seanteach’ sa Spidéal – bhí an teach fós ina sheasamh an uair sin.

Le gairid, rinne mac le Beairtle agus lena bhean Vera, albam pictiúr a bhain le John Ford agus déanamh an scannáin The Quiet Man’

Tá idir phictiúir de chuairteanna Ford ar an seanbhaile agus cuairteanna Bheairtle agus a dheartháir Pádraig ar Mheiriceá san albam. Thug Beairte agus Pádraig cuairt ar Bhoston agus ar Portland, Maine, áit ar chaith John Ford laethanta a óige.

Agus ann freisin tá pictiúr de John Wayne agus Maureen O’Hara ar leac an tinteáin sa seanteach. Dheineadh máthair Bheairtle cáca donn dóibh an lá a mbídis ag tabhairt cuairt ar an gclann. Thug John Ford aisteoirí leis go minic ar na cuairteanna – daoine ar nós Victor MacLaglen, a raibh páirt Will Danaher aige sa scannán.

Is cuimhin le Beairtle go mbíodh muintir na háite ag inseacht scéalta do John Wayne – scéalta a mbíodh beagán áibhéile ag baint leo go minic.

Dá mba rud é go raibh carraig mhór mhillteach i ngarraí éicint, deiridís le John Wayne go raibh duine nó beirt as an áit in ann í a chrochadh agus a leagan san áit a raibh sé. Níor thuig Wayne go raibh na carraigeacha ann riamh anall agus gurb amhlaidh gur fágadh ansin iad má bhíodar rómhór le bogadh. Cheap sé go raibh muintir Chonamara thar a bheith láidir.

Tá an méid atá fágtha den seanteach le feiceáil sa mhír nuachta a rinne Rónán Mac Con Iomaire do TG4 in 2004.

Is cinnte go raibh John Ford ar dhuine de na stiúrthóirí scannán ba mhó cáil le linn ré órga Hollywood. Nuair a iarradh ar Orson Welles na stiúrthóirí ab fhearr riamh a ainmniú ba é an freagra a thug se ná ‘John Ford,’ ‘John Ford,’ agus ‘John Ford.’

Rinne sé 150 scannán i rith a shaoil, 24 acu sin le John Wayne.

I rith an Dara Cogadh Domhanda, ghlac Ford post leis an Aonad Grianghrafadóireachta de chuid Chabhlach na Stát Aontaithe. Rinne sé cláracha faisnéise ar nós The Battle of Midway agus bronnadh gradam eile ‘Oscar’ air dá bharr sin. B’oifigeach é i gCabhlach Cúltaca na Stát Aontaithe agus an lá ar fhág sé an tseirbhís bronnadh teideal ‘Leasaimiréal’ air. Tá an-chuntas air sa tsraith Five Came Back ar Netflix.

Ba sa tréimhse iarchogaidh a rinne sé an scannán The Quiet Man. Tá cáil ar an scannán sin fós ar fud an domhain. Tagann na turasóirí ina sluaite chuig na láithreacha éagsúla, thart ar Chonga, Uachtar Ard, an Caisleán agus áiteacha eile nach iad.

D’insíodh mo mháthair scéala faoi chríochnú na hoibre ar an scannán agus an fhleadh a bhí acu ag Teach Mór Thiarna Killanin (ar le Muintir Standún sa lá inniu é). Ba chuimhneach léi go raibh ceant acu mar chuid den fhéasta agus gur cuireadh go leor de na prapaí sa scannán ar ceant ar mhaithe leis an gCros Dhearg. Bhíodh sórt caitheamh ina dhiaidh aici i gcónaí de bharr nach ndeachaigh sí ann ach bhí sí cúthaileach faoi dhul isteach sa ‘Teach Mor.’

Ní raibh a fhios aici go raibh Beairtle agus a mháthair a déanamh tae agus cáca donn do John Wayne agus Maureen O’Hara thiar ar an Tuar Beag thart ar an am céanna.

https://www.rte.ie/player/series/droichid-na-héireann-s01-e2/SI0000012577?epguid=IP000067210

Fág freagra ar 'An uair a thug Maureen O’Hara agus John Wayne cuairt ar an seanteach'