‘An Torathar ón Oirthear’ nó ‘An Sioc ar Buile’? Gaeilge á cur ar ‘The Beast From the East’

Tuairiscítear go bhfuil Met Éireann ar tí foláireamh ‘Stádas Dearg’ a eisiúint maidir leis an bhfronta Artach ‘The Beast from the East’, ach cén Ghaeilge a thabharfá ar an mbeithíoch seo?

‘An Torathar ón Oirthear’ nó ‘An Sioc ar Buile’? Gaeilge á cur ar ‘The Beast From the East’

Agus tuairiscí ann go bhfuil Met Éireann ar tí foláireamh sneachta ‘Stádas Dearg’ a eisiúint maidir leis an bhfronta Artach ‘The Beast from the East’, tá muintir na hÉireann ag prapáil don drochaimsir atá geallta.

Ach cén Ghaeilge a thabharfá ar ‘The Beast from the East’? Mar is dual dóibh, tá neart tuairimí ag Gaeil Twitter.

Tá an cuntas Coiste Focal Nua chun tosaigh san obair chumadóireachta seo agus ‘An Torathar ón Oirthear’, nó ‘Torathar an Oirthir’, ar an leagan is coitianta atá á úsáid go dtí seo.

Tá neart moltaí eile ann chomh maith agus bheadh fuar ag aon duine a chromfadh ar ‘An Sioc ar Buile’ a shárú mar imeartas focal.

I measc na moltaí eile a bhí ag lucht Twitter, bhí ‘Feannadh anoir’, ‘Ollphéist an Oirthir’ agus ‘Bodach ón Oirthear’.

Chuaigh daoine eile ag tochailt sna seanfhocail ar thóir na hinspioráide.

De réir na dtuairiscí is déanaí d’fhéadfadh titim sneachta 6cm a bheith ann as seo go ceann 24 uair a chloig agus deir Met Éireann go bhfuil seans ann go n-eiseofar foláireamh sneachta ‘Stádas Dearg’ don Déardaoin agus don Aoine. D’fhágfadh sin, agus teacht Stoirm Emma, go ndúnfaí scoileanna ar fud na tíre, a dúirt an tAire Tithíochta Eoghan Murphy.

Tá stádas flannbhuí aimsire i bhfeidhm cheana féin go dtí maidin amárach i mBaile Átha Cliath, i gCeatharlach, i gCill Dara, i Laois, i Lú agus i gCill Mhantáin, ach meastar gur in olcas a rachaidh an aimsir i dtreo dheireadh na seachtaine.

Fág freagra ar '‘An Torathar ón Oirthear’ nó ‘An Sioc ar Buile’? Gaeilge á cur ar ‘The Beast From the East’'

  • Anna Heussaff

    An ceann a rith liom féin ná ‘Arracht Sneachta an Oirthir’.. ach tá An Sioc ar Buile go maith, más mó ná siocadh a bheidh I ndán dúinn..

  • Simon Ó Faoláin

    An Díbheargach Síbéarach

  • leitheoir

    Cad d’imigh ar an bhfocal ‘anoir’? Seachas ‘ón Oirthear’ .i. ‘An T’RATHAR anoir’. Nó ‘cruafaidh agus siocfaidh sé anoir’? Nó ‘beidh dubh-oighear anoir ann’. Sea, beidh Éire fós ag Cáit Ní Dhubhoighir!

  • leitirmor

    Agus na meáin ag rith le brothall faoin gcéapar seo uileag! Muintir na hÉireann curtha soir acu!

  • leitheoir

    Tá buaite glan ag ‘an díbheargach Síbéarach’ ! (agus ‘síob’ iontuigthe dar ndó’).

  • Sam

    Armageddon? Tonn teasa thar a bhfacthas riamh san Artach ….abraimis an paidrìn páirteach.