An toghchán uachtaránachta is conspóidí agus is cinniúnaí i stair an daonlathais sa Rómáin

Conas a tharla sé gur thosaigh an Rómáin, a raibh cultúr láidir frith-Putin agus frith-Rúiseach inti, ag tacú le hiarrthóirí uachtaránachta pro-Rúiseacha?

An toghchán uachtaránachta is conspóidí agus is cinniúnaí i stair an daonlathais sa Rómáin

Tá muintir na Rómáine ag dul chuig na bothanna vótála inniu, Dé Domhnaigh, sa toghchán uachtaránachta is conspóidí agus is cinniúnaí i stair an daonlathais sa tír. Bhíothas ag súil leis an mbua sa chéad bhabhta de thoghchán uachtaránachta na Rómáine d’iarrthóir pro-Rúiseach i bhfad amach ar an eite dheis an AUR, George Simion ach mar sin féin bhain sé croitheadh as an mbunaíocht pholaitiúil agus ba léiriú drámatúil é ar athrú meoin phobal na tíre. Fuair Simion beagnach 41% sa chéad bhabhta, i gcomparáid le 21% don dara hiarrthóir ba láidre, an liobrálach Nicășor Danu.

De réir na bpobalbhreitheanna is déanaí tá seans ag Nicășor Danu, ach d’fhéadfadh an diaspóra, a vótálann den chuid is mó do Simion agus don eite i bhfad amach ar dheis, an bua a shéanadh air.

Ach conas a tharla sé gur thosaigh an Rómáin, a raibh cultúr láidir frith-Putin agus frith-Rúiseach inti, ag tacú le hiarrthóirí uachtaránachta pro-Rúiseacha?

Maíonn Armand Gaussu, Ollamh in Ollscoil Bhúcairist, in agallamh leis an suíomh nuachta EuroPravda, go bhfuil an Rómáin fós frith-Rúiseach. Deir sé gur léir do líon beag de na vótálaithe go bhfuil Simion pro-Rúiseach ach maíonn sé nach dtugann an chuid eile de na vótálaithe sa Rómáin, chomh maith le formhór mór na Rómánach thar lear, aird ar bith ar an méid atá ráite ag Simion le míonna beaga anuas faoin Úcráin, an Rúis, an tAontas Eorpach, srl. Agus deir sé nuair a mhínítear an scéal dóibh nach gcreideann siad é:

‘Cúpla lá ó shin, rinne mé iarracht a mhíniú do dhuine de m’iarchomhghleacaithe, a bhfuil sé ar intinn aige vóta a chaitheamh ar son Simion, go bhfuil sé pro-Rúiseach. Ba é an freagra a bhí aige: “Níl sé pro-Rúiseach, tá sé pro-Mheiriceánach!”

Chabhraigh sé gur chosain Leas-Uachtarán na Stát Aontaithe, J.D. Vance, páirtithe i bhfad amach ar an eite dheis san Eoraip, nuair a labhair sé ag Comhdháil Slándála München i mí Feabhra.

Maíonn Gaussu nach aon rún é i mBúcairist go bhfuil Meiriceánaigh ag obair i bhfeachtas toghcháin Simion. ‘Creidtear gur JD Vance nó lucht JD Vance atá á stiúradh,’ a deir sé.

Le cúpla lá anuas, foilsíodh roinnt fiosrúcháin iriseoireachta sa Rómáin faoi ghníomhaíochtaí pro-Rúiseacha Simion, agus faoi conas a fuair daoine gar dó conarthaí ón Rúis, ach ina ainneoin sin tá tacaíocht mhór aige i gcónaí.

Deir Gaussu: ‘Is paradacsa é ach deir daoine go bhfuil siad frith-Rúiseach agus ag an am céanna vótálann siad do Georgescu agus Simion. Agus ní fheictear dóibh go bhfuil an dá rud seo ag teacht salach ar a chéile mar d’fhormhór na Rómánach ní faoin Rúis na toghcháin seo ar chor ar bith.’

Rud amháin nach bhfuil mórán easaontais faoi ná go bhfuil an pobal bréan de dhá phríomhpháirtí na bunaíochta, an PSD (lár ar chlé) agus an PNL (lár ar dheis), a bhíodh ag babhtáil na cumhachta eatarthu ach a raibh go leor scannail chaimiléireachta ag baint leo.

Maíonn Gaussu go raibh gníomhairí Rúiseacha i mbun oibre chun teacht i dtír ar na fíorfhadhbanna seo agus dul i bhfeidhm ar mheon an phobail. Ach glacann sé leis gur tharraing an rialtas a lán dá chuid fadhbanna air féin. Cheap an dá phríomhpháirtí go rachadh sé chun leasa dóibh dá mbeadh siad i gcoinne iarrthóir radacach ar nós Simion nó Georgescu sa dara babhta ach níor thuig siad go raibh siad fhéin níos tocsaíní i súile an phobail ná na hiarrthóirí radacacha. Ní fhéadfaidís a shamhlú nach n-éireodh leis an bPríomh-Aire reatha ón PSD, Marcel Ciolacu, ná leis an iarPhríomh-Aire Nicolae Ciucă ón PNL, fáil tríd chuig an dara babhta.

Rud eile a chuir an lasair sa bharrach ab ea cinneadh na Cúirte Bunreachtúla an bua a bhí ag Calin Georgescu sa toghchán a chur ar ceal agus cosc a chur air rith sa toghchán nua. Is cinnte gur chruthaigh dream éigin 27,000 cuntas bréige ar TikTok chun cabhrú le Georgescu sa toghchán – deir na seirbhísí faisnéise gurbh í an Rúis a bhí taobh thiar den chúnamh mídhleathach sin. Mar sin féin, deir Gaussu gur cinneadh polaitiúil a bhí ann an toghchán a chur ar ceal agus cosc a chur ar Georgescu seasamh arís, agus cuimhnigh nach bhfuil seisean báúil in aon chor le Georgescu nó leis an bproRúiseachas.

‘Níl an Chúirt Bhunreachtúil san Rómáin neamhspleách go polaitiúil. Is iad na páirtithe polaitiúla a ainmníonn na breithiúna. Níor tugadh míniú ceart don phobal ar an gcinneadh an toghchán a chur ar ceal. Do na daoine sin a bhí in amhras faoi na húdaráis cheana féin, teachtaireacht a bhí sa gcosc sin dóibh go raibh an bhunaíocht ag caitheamh leo le drochmheas agus ag rá leo cé dó ar chóir dóibh vótáil.’

Mar a sheasann cúrsaí faoi láthair, ní féidir bua don iarrthóir liobrálach Nicășor Danu a chur as an áireamh ach is é Simion rogha na coitiantachta. Níl a lán cumhachta ag an Uachtarán san Rómáin cinntí a dhéanamh as a stuaim fhéin ach tá tuairimíocht ann go mbeadh an PSD toilteanach dul i gcomhrialtas leis an AUR. Ach is  cinnte gur casadh i dtreo na heite deise, an phroRúiseachais agus an fhrithÚcránachais a bheadh i gceist. Nó mar a deir Gaussu: ‘Viktor Orban leagan 2.0’.

Fág freagra ar 'An toghchán uachtaránachta is conspóidí agus is cinniúnaí i stair an daonlathais sa Rómáin'

  • diarmuid

    Nar caith siad Georgescu i bprisun freisin?