An tigh i mBaile Átha Cliath a dhíol agus bogadh go dtí an Ghaeltacht? Aisling róchostasach, faraor…

Tá fadhb agat nuair a bhíonn infheisteoirí ag alpadh gach tigh atá ar fáil d'earnáil an lóistín ghearrthréimhsigh, a deir ár gcolúnaí

An tigh i mBaile Átha Cliath a dhíol agus bogadh go dtí an Ghaeltacht? Aisling róchostasach, faraor…

Bhíos ag caint le seanchara an lá eile, fear eolgaiseach tuisceanach, fear croí mór, cé gur ó Bhaile Átha Cliath é (tá ár gcros féin le hiompar againn ar fad is dócha). Tá aithne agam ar an bhfear seo le tamall maith de bhlianta, ó bíonn sé coitianta i gCorca Dhuibhne nuair a fhaigheann sé caoi. Duine gealgháireach é de ghnáth, ach an babhta seo, bhí drochghiúmar ceart air, rud a chur ard-ionadh orm. Tar éis tamaillín, thug sé fáth a bhuartha dom.

Bhí sé féin agus a nuachar tar éis cinneadh a dhéanamh éalú ón bpríomhchathair, agus an brú agus an strus a bhaineann le saol uirbeach cathrach, agus bogadh don Daingean. Brionglóid é seo a bhí acu le tamall; d’éirigh leo an fód a sheasamh in Áth Cliath le linn ré an rachmais, agus ina éis sin le linn na teirce. Choinnigh a gcuid oibre ansiúd iad, cé gur deacair dóibh aon saol le dealramh a chaitheamh ann, toisc a mhíthrócairí is atá costas maireachtála na háite. Ach bhí leigheas air sin acu, dar leo; an tigh i mBaile Átha Cliath a dhíol, na rudaí beaga a aistriú ón naíonra agus ón nGaelscoil go dtí a leithéid chéanna sa Gaeltacht, agus bailiú leo lena gcipeanna agus a meanaithí go dtí an Daingean. D’fhéadfaidís beirt formhór a gcuid oibre a dhéanamh ón mbaile, nó sa mhol teicneolaíochta úr sa Chúilín sa Daingean.

B’in an taibhreamh, ach níor fíoraíodh, faraor. Nuair a chuadar ag cuardach tí a dhéanfadh nead oiriúnach dóibh, a dúirt sé, b’ait leo sa diabhal cé chomh daor is a bhí tithe sa Daingean. Bhí taithí acu ar a leithéid i mBleá Cliath, ach ba chosúil go raibh an-easpa tithe ar fáil sa bhaile beag seo, agus na tithe a bhí ar fáil le go leor seomraí don dteaghlach, bhí na praghsanna thar ceart ar fad. Ar deireadh, d’aimsíodar tigh a bheadh nótálta dóibh, ar phraghas réasúnta. Ach, aon uair a dheineadar tairiscint ar an dtigh, dúradh leo go raibh duine eile tar éis tairiscint níb airde a dhéanamh. Choimeádadar an cúrsa ar feadh tamaill, ach níorbh aon mhaith é ar deireadh. Chuaigh an tigh ródhaor dóibh, agus cheannaigh a gcéilí comhraic é, agus bhí a gcroíthe briste.

Chuadar ag lorg tí eile, agus tigh eile, agus ‘mair a chapaill is geobhair féar’ ag na ceantálaithe leo, ach d’éiríodar bailithe den gcúram agus chaitheadar a gcaipín leis, agus chasadar paca air mar aisling. Bhí infheisteoirí rompu i ngach aon áit.

Fuaireadar amach tar éis tamaill gur mar ‘infheistíocht’ a bhí an chéad tigh seo ceannaithe ag an duine eile, le ligint amach ar cíos gearrthréimhse le linn bhiaiste na turasóireachta. Bhí leathdhosaen tigh agus árasán ag an duine seo cheana féin ar an mbaile, iad ar fad le feiscint ar shuíomhanna idirlín agus idir €200 san oíche agus €2,000 sa tseachtain á lorg orthu. Dhein sé ciall dóibh ó thaobh airgid de; beidh íoctha as an tigh seo laistigh de dheich mbliana, agus beidh saibhreas déanta acu dóibh féin.

Rud amháin is ea é bheith ag ligint seomraí amach ar chíos gearrthréimhseach – is mó duine áitiúil atá ag déanamh airgid breise sa tslí seo, agus géarghá leis – ach is nuair a bhíonn infheisteoirí ag alpadh gach tigh atá ar fáil d’earnáil an lóistín ghearrthréimhsigh, a thosnaíonn na fadhbanna.

Bheadh taithí ag léitheoirí an tsuímh seo i gcathracha na tíre ar a leithéid seo, ach léiríonn scéal mo mhéit fadhb bhunúsach atá le geilleagar agus le sochaí an bhaile agus an cheantair máguaird fé láthair. Táthar ag díriú ar gach gné den saol mar áis turasóireachta seachas mar bhunrútaí sochaí inbhuanaithe.

Tá scáil de bhaile á chruthú aige seo; é ina bheatha le linn an tsamhraidh, ach le turasóirí seachas le pobal. Tá clais airgid á dhéanamh ag daoine áirithe ar lóistín, ach tá ag dul do theaghlaigh, agus do dhaoine aonair, áit a fháil lena gcaipín a chrochadh.

Caithfear féachaint ar an ngéarchéim tithíochta sa Daingean, agus ní réiteach na faidhbe árthach a cheangal le cé ansan mar lóistín d’oibrithe séasúracha, fé mar a moladh le déanaí. Caithfear cothromaíocht éigin a fháil idir seirbhís lóistín a chur ar fáil dóibh siúd a thugann sciuird sa samhradh go dtí Corca Dhuibhne, agus tithíocht a chur ar fáil chun pobal buan teaspúil a bhunú san áit.

Tuigim tábhacht na turasóireachta do mhuintir na háite – chaitheas fada mo dhóthain ag obair san earnáil – agus tá sé ar mhórthionscal na leithinse anois. Ach tuigim chomh maith nach mairfidh an áit mar phobal, ná mar ‘tháirge turasóireachta’, mura mbeidh deis ag daoine maireachtaint anseo go fadtéarmach. Ní thabharfaidh éinne cuairt ar an áit mura mbeidh ann ach páirc turasóireachta gan pobal.

Bíonn an tÚdarás agus an Chomhairle Contae coitianta ag trácht ar phoist ar ardchaighdeán a mhealladh go dtí ceantair iargúlta an chontae, agus tá tréan-iarracht á déanamh acu araon ar bhonneagar nuálach a chur sna ceantair úd chun éascú a dhéanamh ar na poist seo. Ina theannta san, tá béim nach beag á cur ag na húdaráis ar thábhacht na turasóireachta chun pobail iarthar na tíre a bhuanú. Ní gá duit ach dul don Daingean aon lá sa bhliain agus tuigfir é sin.

Ach cá mairfidh na pobail sin? Conas a mheallfar poist mura mbeidh tithíocht chuí ar fáil?

Fág freagra ar 'An tigh i mBaile Átha Cliath a dhíol agus bogadh go dtí an Ghaeltacht? Aisling róchostasach, faraor…'

  • leitheoir

    Is é córas an rachmais atá i réim, rud a chiallaíonn gur leis an té is géire scian, feannadh. Ní mheánn “pobal” ná gearrchaillí ag princeam ag an gcrosbhóthar! ‘Soviet’ dlúthpháirtíochta a bhunú sa Ghaeltacht amhail mar a deineadh i Luimneach sa fichidí? Chuir na ‘réabhlóidithe’ Michael Collins etc deiteadh leis sin go te tapaidh! Bhí ‘comhar na gcomharsan’, ‘scoraíocht’, ‘meithleacha’ etc mar dhlúth is inneach i ngréasán an phobail anallód. D’imigh san is tháinig seo.