An Taoiseach ‘an-bhuartha’ faoi chinneadh RTÉ ciorrú a dhéanamh ar acmhainní Nuacht TG4

Phléigh an Seanadóir Lorraine Clifford-Lee cás Nuacht TG4 ag cruinniú de chuid pháirtí parlaiminte Fhianna Fáil an tseachtain seo 

An Taoiseach ‘an-bhuartha’ faoi chinneadh RTÉ ciorrú a dhéanamh ar acmhainní Nuacht TG4

Tá scéal na gciorruithe atá le déanamh ar acmhainní Nuacht TG4 ardaithe leis an Taoiseach.

Phléigh an Seanadóir Lorraine Clifford-Lee na ciorruithe atá le déanamh ag RTÉ ar an tseirbhís Ghaeilge ag cruinniú de chuid pháirtí parlaiminte Fhianna Fáil i rith na seachtaine agus í den tuairim go raibh sé “scannalach” go bhféadfadh a leithéid tarlú.

“Chuir mé an scéal os comhair an chruinnithe agus bhí an Taoiseach an-bhuartha faoi,” a dúirt Clifford-Lee le Tuairisc.ie. “Beidh mé i dteagmháil arís leis chun eolas breise a thabhairt dó agus tá súil agam go ndéanfaidh sé rud éigin chun stop a chur leis an scéal.”

Tuairiscíodh ar an suíomh seo go bhfuil “fearg” agus “díomá” ar bhaill foirne i Nuacht TG4 faoi chiorruithe atá le déanamh ar acmhainní na seirbhíse.

Faoi na socruithe nua ní bheadh aon cheamara dá gcuid féin ag lucht na seirbhíse Gaeilge i mBaile Átha Cliath ag an deireadh seachtaine feasta.

Tá sé ina imní sa seomra nuachta Gaeilge nach mbeidh sna míreanna nuachta Gaeilge ag an deireadh seachtaine feasta ach “seirbhís aistriúcháin”.

Dúirt an Seanadóir Clifford-Lee nach raibh sé inghlactha go gcuirfí na ciorruithe i bhfeidhm. Dúirt sí go bhfuil sí chun an scéal a phlé leis an Teachta Dála Niamh Smyth, cathaoirleach Chomhchoiste um Meáin an Oireachtais.

“Is sórt ‘low-hanging fruit’ í an Ghaeilge in RTÉ,” a dúirt Clifford-Lee. “Tá sé scannalach, i ndáiríre, gearradh siar den sórt seo a dhéanamh ar an nGaeilge amháin.”

Pléadh scéal na gciorruithe ag cruinniú príobháideach de chuid Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge i rith na seachtaine freisin. Tuigtear gur socraíodh cuireadh a thabhairt do Dee Forbes, Ard-Stiúrthóir RTÉ, teacht os comhair an choiste chun an scéal sin agus soláthar Gaeilge RTÉ a phlé.

Dúirt cathaoirleach Choiste na Gaeilge, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh, gur léir nach bhfuil comhionannas in RTÉ ó thaobh Béarla agus Gaeilge agus go bhfuil an tseirbhís nuachta Gaeilge “ar an dara grád”.

Fág freagra ar 'An Taoiseach ‘an-bhuartha’ faoi chinneadh RTÉ ciorrú a dhéanamh ar acmhainní Nuacht TG4'