Bhí an léarscáil don limistéir seo taobh thiar den Bhanna glas; trí cinn de na ceithre shuíocháin ag Sinn Féin agus ceann ag SDLP.
Fear Manach /Tír Eoghain Theas
Síneann an toghcheantar siar cois teorann ó Ard Mhacha go Béal Cú agus ó thuaidh go Béal Leice. ‘Siad Inis Ceithleann agus Dún Geanainn na príomhbhailte agus tá pobal mór tuaithe ann chomh maith. Díol suntais é an ceantar as ‘bua ar éigean’, iarrthóirí gob ar ghob.
57 vóta d’fharasbarr a bhí ag Michelle Gildernew Shinn Féin ar Tom Elliott an UUP in 2019, an bhearna ba lú san Ríocht Aontaithe. Bhí Gildernew ina feisire sa cheantar ó 2001 cé is moite den tréimhse idir 2015-2017 nuair a bhí an suíochán ag Elliott. Bhí Fearmanach/Tír Eoghain Theas imeallach i ngach toghchán le fada gan de mhóramh ag Sinn Féin ar iarrthóir aontachtach aontaithe in 2010 ach ceithre vóta.
Beidh feisire nua ag an gceantar ar an 5 Iúil cuma cén páirtí a bhéas buacach mar ní bheidh Michelle Gildernew ná Tom Elliott sa rás.
Ó bhí Gildernew san iomaíocht do Pharlaimint na hEorpa ó dheas roghnaigh Sinn Féin mar iarrthóir ‘réalta isteach’ Pat Cullen. Measadh gur éacht ab ea é iarrthóir chomh hiomráiteach a mhealladh chucu, bean de bhunadh Thír Eoghain arb iarcheannaire í ar cheardchumainn na n-altraí sa Royal College of Nursing. Ta súil ag Sinn Féin gur buntáiste dóibh taithí Pat Cullen sa tseirbhís sláinte toisc gurb iad cúrsaí sláinte agus an costas maireachtála na ceisteanna is mó sa toghcheantar. Tá an pobal míshásta faoi ghanntanas dochtúirí teaghlaigh agus faoi easpa seirbhísí máinliachta san ospidéal gléineach nua in Inis Ceithleann.
Níl oiread aithne ar Pat Cullen sa toghcheantar is a bhí ar Michelle Gildernew is a muintir. Is í an cheist an leor branda Shinn Féin chun na vótóirí nach bhfuil aithne acu ar an iarrthóir a thabhairt amach. Áirítear gur bhuntáiste do náisiúnaithe athrú beag ar theorainneacha an toghcheantair, agus suas le 500 vóta i gceist seans.
Is í an comhairleoir áitiúil Diana Armstrong iarrthóir an UUP, an t-aon aontachtach atá ag seasamh. Tharraing an DUP agus an TUV siar ón gcomórtas, iad ag tacú le Armstrong cé nach ‘iarrthóir aontaithe’ í. Iníon is ea í le Harry West a bhí ina cheannaire ar an bpáirtí ó 1974-1979. Thug sí dúshlán iarrthóir Shinn Féin ar chlár raidió, ag iarraidh uirthi mar altra a bhí ina hionadaí ceardchumainn marú altraí i mbuamáil Dhomhnach na bPoipíní in Inis Ceithleann a cháineadh. Ba leir gur cheist í seo a chuirfear ar Cullen go mion minic idir seo agus lá an toghcháin mura dtagann sí ar fhreagra nua.
Tá Armstrong ag leagan béim air freisin go raibh an UUP in éadan an phrótacal iar-Bhreatimeachta ón tús, súil ag an bpáirtí go dtuillfidh se sin vótaí ó aontachtaithe de gach dath. Níl sé soiléir go dtiocfaidh na haontachtaithe go léir amach, áfach, cuid de lucht tacaíochta an DUP díomách faoi bhail an pháirtí nó patuar faoin bhfeachtas seo.
Cúig bliana ó shin bhí 21,986 vóta ag Sinn Féin agus 21,929 ag Tom Elliott mar iarrthóir aontachtach aontaithe. I dtoghchán an Tionóil in 2022 bhí bearna níos mó idir Sinn Féin a raibh 45% acu agus na haontachtaithe go léir le chéile a raibh 39.5% acu. Bhain Sinn Féin trí shuíochán, bhí ceann ag an DUP (18%) agus ceann ag an UUP(15.5%). Bhí beagnach 6% den vóta ag an TUV.
Tá ceathrar eile ag seasamh, an comhairleoir Paul Blake an SDLP, Eddie Roofe, comhairleoir de chuid Páirtí na Comhghuaillíochta, Gerry Cullen, Lucht Oibre Trasphobail, agus Carl Duffy, Aontú.
Tá sé deacair a thuar cé mar a chruthóidh na hiarrthóirí nua, ach déantar talamh slán de gur rás dhá chapall idir Pat Cullen agus Diana Armstrong a bhéas ann.
Lár Uladh
Beidh feisire nua sa toghcheantar seo freisin ó tá seanfhondúir Shinn Féin agus Francie Molloy éirithe as. Ar bhruach thiar Loch nEathach, tá pobal mór tuaithe sa toghcheantar chomh maith leis na bailte Oileán an Ghuail, Machaire Fíolta agus An Chorr Chríochach.
Bhain Martin McGuinness an suíochán in 1997 agus bhí sé ag Sinn Féin, gan dua ,ó shin. Tháinig Molloy i gcomharbacht ar McGuinness in 2013 agus bhí móramh 9,500 vóta aige cúig bliana ó shin – 46% den vóta, i gcomparáid le 24.5% an DUP a bhí sa dara háit.
Is é an comhairleoir de chuid Shinn Féin, Cathal Mallaghan, rogha na coitiantachta chun an suíochán a bhaint. Bhí an páirtí go mór chun tosaigh ar gach dream eile i dtoghchán an tionóil in 2022 agus 53% den vóta agus triúr Teachtaí Tionóil acu i gcomparáid le 16.5% agus Teachta amháin ag an DUP agus 10% agus Teachta amháin ag an SDLP.
Tá seachtar eile san iomaíocht , Denise Johnston an SDLP, Padraic Farrell Páirtí na Comhghuaillíochta, an Teachta Tionóil Keith Buchanan ón DUP, Jay Basra an UUP, Glenn Moore TUV, Alexandra Halliday Aontú agus John Kelly, neamhspleách.
Fearacht Thír Eoghain Thiar agus Feabhal tá móramh mór anseo ag éileamh go gcuirfí tús leis an obair chun bóthar an A5 a fheabhsú agus breis is leath héad marbh i dtimpistí ar an tslí chontúirteach idir Achadh na Cloiche agus Doire ó fógraíodh an plean forbartha i dtosach.
Tír Eoghain Thiar
Toghadh Órfhlaith Begley Shinn Féin mar fheisire i bhfho-thoghchán in 2018 agus choinnigh sí an suíochán in 2019 le 40% den vóta agus farasbarr 7,500 ar an DUP. Ta móramh náisiúnach sa toghcheantar a shíneann feadh na teorann le contae Dhún na nGall, ón Srath Bán ó dheas thar an Ómaigh. Tá trí shuíochán tionóil ag Sinn Féin, ceann ag an SDLP agus ceann ag an DUP. Tá sé ag Sinn Féin ó 2001 agus táthar ag déanamh talamh slán de go gcoinneoidh Begley é gan dua.
Tá seachtar iarrthóirí eile ag seasamh; an Teachta Tionóil Tom Buchanan an DUP agus an Teachta Tionóil Daniel McCrossan ón SDLP chomh maith le Matthew Bell an UUP, Stephen Donnelly Páirtí na Comhghuaillíochta, Steven Patterson TUV, Leza Houston Aontú agus Stephen Lynch, An Páirtí Caomhach.
An Feabhal
Bhí an móramh ba mhó i dTuaisceart Éireann ag Colum Eastwood, ceannaire an SDLP in 2019 nuair a bhain sé an suíochán ar ais ó Shinn Fein le farasbarr 17,000 vóta. Ó 1983 nuair a bunaíodh toghcheantar an Fheabhail, cathair Dhoire agus a bruachbhailte, ba iad ceannairí an SDLP na feisirí cé is móite den tréimhse ó 2017-2019 nuair a bhí an suíochán ag Elisha McCallion, Sinn Féin. In 2019 bhí casadh os cionn 18% i bhfabhar Eastwood chun a theacht i gcomharbacht ar John Hume agus Mark Durkan.
An gcoinneoidh sé an suíochán?
D’iompaigh na sluaite ar ais chuig an SDLP cúig bliana ó shin ar chúiseanna éagsúla agus fuair sé vótaí ó aontachtaithe chomh maith le náisiúnaithe. Tá iarrthóir níos láidre ag Sinn Féin an babhta seo, an t-iarmhéara Sandra Duffy, agus bhí 33% den vóta ag Sinn Féin i gcomparáid le 31% ag an SDLP i dtoghchán an Tionóil 2022. Dúshlán ollmhór is ea é móramh Eastwood a chealú áfach. Bhí vóta iomlán na n-aontachtach faoi bhun 13% in 2019 agus ag 17% in 2022.
Níl mórán cainte in áiteacha eile faoi pholasaí Shinn Féin staonadh ó Westminster ach luaigh roinnt é i nDoire. Bheadh buntáiste le baint as sin ag Eastwood mar a bheadh as míshástacht náisiúnaithe le Sinn Féin toisc go ndeachaigh siad go Washington le haghaidh na Féile Pádraig d’ainneoin iompar Mheiriceá i leith chogadh Iosrael ar Gaza. Dhiúltaigh Eastwood agus an SDLP don chuireadh.
Maíonn Sinn Féin gur ag feisirí s’acusan i gcomhar lena n-airí in Stormont a bheadh tionchar agus cumhacht. Ina choinne sin maíonn Eastwood gurb eisean faoi ndear infheistíocht rialtas na hÉireann san scoil leighis in Ollscoil Mhic Aodha agus nithe eile a bhain tacaíocht ó Whitehall don ‘City Deal’ do Dhoire agus an Srath Bán.
Tá seisear eile san iomaíocht; Teachta Tionóil an DUP, Gary Middleton, Janice Montgomery an UUP, Shaun Harkin, Pobal Seachas Brabús, John Boyle Aontú, Anne McCloskey, neamhspleách, agus Rachael Ferguson Pháirtí na Comhghuaillíochta.
Brigid
Ba éacht poiblíochta é nach ndeachaigh an SDLP go Washington le haghaidh na Féile Pádraig 2024 i mo thuairimse. Ní leor go bhfuil iompar Iosrael beag beann ar chearta sibhialtacht i Gaza. Ní raibh an sleacht ar an 7ú Deireadh Fómhair ceart ná cóir ach oiread.