An taithí agus na réalta ag fir na nDéise

Tá na clubanna atá fós san iomaíocht ag tosú ag smaoineamh anois faoi dhuaiseanna móra

An taithí agus na réalta ag fir na nDéise

Pictiúr: INPHO.IE

Cad é mar dheireadh seachtaine iomána a bhí againn an tseachtain seo caite agus cúig cinn de chluichí ceannais contae á n-imirt. Sa chéad cheann i Luimneach ar an Satharn bhí seaimpíní 2022, Na Piarsaigh, róláidir ón tús agus ó bhí srian curtha ag Peter Casey ar Aaron Gillane, níor cheapas go raibh aon dainséar ann go gcaillfeadh siad an cluiche cé nach raibh mórán idir na foirne agus go raibh an cluiche dian mar choimhlint .

Tá an-taithí ag na Piarsaigh anois agus beidh siad ag súil le níos mó a bhuachaint roimh dheireadh na bliana. Tosnóidh an turas sin (agus b’fhéidir go gcríochnódh sé ) i gceann coicíse i gcoinne pé fhoireann a bhuafaidh an cluiche idir Baile Gunnair agus Sáirséalaigh Chorcaí, cluiche a imreofar amárach i bPáirc an Bhreathnaigh i bPort Láirge .

I dTiobraid Árann bhí an-chluiche athimeartha againn. Agus deich nóiméad imeartha, bhí an chuma ar an scéal go mbeadh na Sáirséalaigh in ann go maith ag Coill an Daingin. Ach thaispeáin Coill an-mhianach agus an-dúil sa choimhlint. Throid siad go fíochmhar don sliotar.

I ndiaidh na ndeich nóiméad sin bhí i bhfad níos mó seilbhe ag Coill agus i bhfad níos mó iarrachtaí acu ar na postaí, agus cé go ndeachaigh cuid mhaith díobh sin ar fóraoil, bhí níos mó ar chlár na scór acu ag an deireadh. Bheinn ag súil le han-cluiche go deo idir iad féin agus seaimpíní an Chláir, Cluain Lára i gceann coicíse agus an cluiche sin á imirt i dTiobraid Árann. Is mairg a déarfadh cé a buafaidh.

Mar a bhíos a rá, tá seaimpíní chúige Mumhan, Baile Gunnair ag dul chun páirce amárach agus Sáirséalaigh Chorcaigh mar fhreasúra acu. Bhí an-bhua ag na Sáirséalaigh trí seachtaine ó shin agus ansin an Céadaoin i ndiaidh an chluiche ceannais bhí troigh uisce ar a bpríomhpháirc agus an stoirm Babet faoi lánracht sa chontae agus an chuid is measa den stoirm sin ag réabadh oirthear Chorcaí. Ach an deireadh seachtaine ina dhiaidh sin bhuaigh an fhoireann sinsir camógaíochta craobh an chontae, gaisce a chiallaíonn nár chuir na tuilte isteach ar mhná an chlub. Feicfimid amárach conas mar a bheidh ag na fir.

Téann sé deacair go leor ormsa cás a dhéanamh ar a son. An t-aon bhuntáiste atá acu, is dócha, ná go rabhadar ag imirt go dtí trí seachtaine ó shin agus tá sé ocht seachtaine ó bhuaigh Baile Gunnair a ndeichiú craobh as a chéile. Ach tránn na buntáistí sin agus tá an taithí agus na réalta ag fir na nDéise.

Má bhí bua amháin ag an deireadh seachtaine a fuair na gártha molta agus ardmholadh ar fuaid strataisféar na hiomána, ba é sin an bua a bhí ag Gaeil Uí Lochlainn ar Bhaile Héil i gcluiche ceannais Chill Chainnigh. Bhí an t-imreoir contae Paddy Deegan ina laoch ceart agus cúilín an bhua á scóráil aige in am cúitimh gortaithe.  Tá dóchas anois ag cúpla foireann gur féidir leo craobh na hÉireann a bhuachaint i mbliana. Dar ndóigh beidh Gaeil Uí Lochlainn ina measc, chomh maith le Baile Gunnair, na Piarsaigh agus Naomh Tomás na Gaillimhe. Is dócha gur as an ngrúpa sin a thiocfaidh an buaiteoir.

Sa Ghaillimh bhailigh Naomh Tomás an corn contae chucu den séú huair as a chéile agus cinnte beidh sé deacair iad a bhualadh a bhuíochas don taithí mhór atá acu agus go háirithe agus captaen buacach na Gaillimhe 2017, David Burke, ar ais i ndiaidh gortú a bhain dá bhallnasc croiseach.

Bhailigh seanlaoch eile bonn contae an Domhnach seo caite nuair a bhuaigh Na Fianna craobh Átha Cliath den chéad uair riamh. Tá mórán imeartha ag Liam Rush thar na blianta ach seo é an chéad bhonn contae a tháinig ina bhealach agus é tríocha a trí bliain d’aois. Rinne Na Fianna an gaisce gan a gcaptaen Dónal Burke atá gortaithe ó lár an tsamhraidh. Ní aon dabht ann ach go gceapann siadsan go bhfuil seans acu corn eile a bhuachaint roimh dheireadh an tséasúir.

Fág freagra ar 'An taithí agus na réalta ag fir na nDéise'