An tAcht Pósta le teacht i bhfeidhm inniu ach ní féidir cóip den phíosa reachtaíochta a cheannach

Dheimhnigh urlabhraí Oifig Foilseachán an Rialtais do Tuairisc.ie nach mbeadh cóip chrua den leagan Béarla ná Gaeilge den Acht ar fáil go ndéanfar é a aistriú go Gaeilge

23/5/2015. Joyful Celebrations. Thousands of people celebrate the Yes Result in the Marriage Equality Referendum in Dublin Castle Courtyard. Photo: Sam Boal/RollingNews.ie
Pictiúr: Sam Boal/RollingNews.ie

Níl fáil fós ar chóip chrua den Acht Pósta a thiocfaidh i bhfeidhm inniu, toisc gan é a bheith aistrithe go Gaeilge fós.

Thug Oifig Foilseachán an Rialtais go mbeidh cóipeanna den Acht stáiriúil le ceannach i gceann coicíse nó mar sin.

Dheimhnigh urlabhraí de chuid na hOifige do Tuairisc.ie nach mbeadh cóip chrua den leagan Béarla ná Gaeilge den Acht ar fáil go ndéanfar é a aistriú go Gaeilge.

Tá fáil inniu ar leagan leictreonach Béarla den Acht nua ar shuíomh an Rialtais. Níl leagan leictreonach Gaeilge ar fáil faoi láthair mar nár aistríodh go fóill é.

Ní haon sárú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla an méid sin, áfach. Nuair a achtaíodh an tAcht sin ar dtús, bhí dualgas ar Thithe an Oireachtais achtanna dá gcuid a fhoilsiú i nGaeilge agus i mBéarla ‘a luaithe is féidir tar éis aon Acht den Oireachtas a achtú’.

Ach leasaíodh an tAcht sa bhliain 2011 chun go bhféadfaí Achtanna a fhoilsiú go leictreonach ar dtús i gceachtar den dá theanga oifigiúil. Tá dualgas fós ann, áfach, an chóip chrua d’Acht a fhoilsiú i mBéarla agus i nGaeilge araon ag an am céanna.

Fágann an leasú seo bearna mhór idir líon na n-achtanna atá ar fáil go leictreonach i mBéarla agus na coda atá ar fáil i nGaeilge. Fágann sé freisin go bhfuil go leor Achtanna ann nach bhfuil cóip chrua díobh le fáil ach an oiread.

Shínigh an tAire Dlí agus Cirt, Frances Fitzgerald, an tOrdú um Thosach Feidhme, Dé Céadaoin seo caite. Ón lá seo amach, beidh lánúin chomhghnéis, iad sin atá i bpáirtnéireacht shibhialta faoi láthair san áireamh, in ann fógra rúin pósta a thabhairt.

Faoin Acht Pósta 2015, aithneofar pósadh comhghnéis a rinneadh in aon dlínse eile a bhfuil an pósadh comhghnéis dleathach ann agus cuirfear deireadh leis an bpáirtnéireacht shibhialta sa dlínse seo.

Fág freagra ar 'An tAcht Pósta le teacht i bhfeidhm inniu ach ní féidir cóip den phíosa reachtaíochta a cheannach'