An t-iar-aire stáit Gaeltachta Joe McHugh ag éirí as an bpolaitíocht

D’fhógair Joe McHugh ar maidin nach mbeadh sé ag seasamh sa chéad olltoghchán eile

An t-iar-aire stáit Gaeltachta Joe McHugh ag éirí as an bpolaitíocht

Níl sé i gceist ag an iar-aire stáit Gaeltachta Joe McHugh seasamh sa chéad olltoghchán eile.

Chaith Joe McHugh dhá thréimhse mar Aire i Roinn na Gaeltachta agus bhí sé ina aire oideachais chomh maith.

Bhí conspóid mhór ann nuair a ceapadh McHugh den chéad uair ina aire stáit Gaeltachta toisc nach raibh an Ghaeilge ar a thoil aige.

Léirigh pobalbhreith a rinne Tuairisc.ie i gcomhar le Millward Brown ag deireadh na bliana 2014 gur mheas 61% den phobal nár chóir don Taoiseach Enda Kenny aire Gaeltachta a cheapadh nach raibh líofacht sa Ghaeilge aige.

Nuair a ceapadh é in 2014, d’fhógair Joe McHugh go mbeadh sé ag dul ar “aistear teanga” agus thug sé faoin nGaeilge a fhoghlaim.

Dúirt sé inniu go raibh sé fíorbhuíoch don iarThaoiseach Enda Kenny as seans a thabhairt dó in 2014 “filleadh ar an Ghaeilge” agus í “a athfhoghlaim” ina “ról mar Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin”.

“De bharr seo, tá an Ghaeilge á húsáid agam anois go laethúil le mo theaghlach, i mo phost, ar na meáin agus i mo cheantar,” arsa Joe McHugh.

I ráiteas a chuir sé amach ar maidin, dúirt Joe McHugh go raibh deis aige go leor machnaimh a dhéanamh ar chúrsaí an tsaoil le linn na paindéime agus gur shocraigh sé gan seasamh sa chéad olltoghchán eile.

“Cúis shimplí atá leis seo. Tá triúr páistí agam agus de réir mar a théann siad in aois ba mhaith liom a bheith timpeall níos mó agus a bheith ar fáil dóibh. Post 24/7 an pholaitíocht a éilíonn gach a bhfuil ionat. Rinne mé mo dhícheall leis an bpolaitíocht ó thosaigh mé sa ghairm sin agus ba é an phribhléid is mó a bhí agam ná a bheith mar Theachta Dála ag déanamh ionadaíocht ar mhuintir Dhún na nGall i nDáil Éireann.

“Rinne mé mo sheacht ndícheall i gcónaí mar ionadaí poiblí agus ní thiocfaidh aon athrú air sin le linn tréimhse na Dála seo, ach ba mhaith liom díriú níos mó ar chúrsaí clainne i ndiaidh an chéad toghcháin eile.”

Maidir leis na tréimhsí a chaith sé ina aire stáit Gaeltachta, dúirt McHugh in 2018 gur shocraigh sé luath go maith ar a ‘aistear teanga’ nach ligfeadh sé don fhaitíos an ceann is fearr a fháil air. Labhair sé i dTithe an Oireachtais an bhliain chéanna faoin eagla a bhí air in 2014.

“D’fhoghlaim mé focal úr. B’fhéidir gur focal Conamara é – ‘scéin’. An é sin focal faoi choinne ‘fear’ fosta? An ionann é agus ‘eagla’ nó ‘faitíos’? Sin an áit ina raibh mise in 2014. Roimh 2014 bhí eagla orm maidir le botúin a dhéanamh.

“Nuair a thosaigh mé ar m’aistear féin, tháinig an fhéinmhuinín a bhí agam sa mheánscoil ar ais. Nuair atá an fhéinmhuinín ag duine, tá sé nó sí ar an bhealach ceart. Ní chóir a bheith buartha faoin eagla, an scéin ná an faitíos,” arsa an t-iar-aire stáit Gaeltachta.

Dúirt sé cheana chomh maith go raibh dul amú ar dhaoine ‘ciniciúla’ a chreid go n-éireodh sé as a bheith ag foghlaim na Gaeilge a luaithe is a d’aistreofaí ó Roinn na Gaeltachta é.

Ba bhreá leis, a dúirt sé tráth, a bheith ina mhúinteoir Gaeilge lá éigin.

Fág freagra ar 'An t-iar-aire stáit Gaeltachta Joe McHugh ag éirí as an bpolaitíocht'

  • Donnchadh Ó Seaghdha

    Rinne sé éacht lena chumas le labhairt na Gaeilge a chur cinn agus le daoine eile a spreagadh ar an slí, is mór an trua nach ndeanann polaiteoirí as gach páirtí leath den iarracht mar a rinne Joe McHugh. Dhéanfadh sé múinteoir Gaeilge iontach