An t-ardú fadtéarmach ar ioncaim in Éirinn á dháileadh ‘go cothrom’ – tuarascáil nua

De réir tuarascáil nua de chuid an ESRI, tháinig ardú suntasach le tríocha bliain anuas ar theacht isteach teaghlaigh ar ioncam íseal, teaghlaigh ar mheánioncam agus teaghlaigh ardioncaim

An t-ardú fadtéarmach ar ioncaim in Éirinn á dháileadh ‘go cothrom’ – tuarascáil nua

Tá ardú suntasach tagtha ar an méid airgid atá le caitheamh ag teaghlaigh na hÉireann le tríocha bliain anuas, ach murab ionann agus tíortha eile níor cuireadh go mór leis an neamhionannas ioncaim sa tír seo le linn na tréimhse céanna.

De réir tuarascáil nua de chuid an ESRI, tháinig ardú suntasach ar theacht isteach teaghlaigh ar ioncam íseal, teaghlaigh ar mheánioncam agus teaghlaigh ardioncaim. Deirtear sa tuarascáil Income Growth and Income Distribution: A Long-Run View of Irish Experience nárbh amhlaidh an scéal sa Ríocht Aontaithe nó i Stáit Aontaithe Mheiriceá, mar ar tháinig ardú “mall agus míchothrom” ar ioncam daoine.

Deirtear go bhfuil Éire, a bhí ard go maith tráth ar liosta na dtíortha forbartha is measa ó thaobh an neamhionannais, anois gar go maith don mheánráta neamhionannais ioncaim san Eagraíocht Um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta, an OECD.

Dúirt an tOllamh Tim Callan duine d’údair na tuarascála, go raibh baint mhór ag an gcóras cánach agus an córas leasa shóisialaigh leis an athrú sin.

“Bhí an t-ardú ar íocaíochtaí leasa shóisialaigh ar a laghad ag teacht leis an ardú ar ioncam idir 1987 agus 2014, rud a chinntíonn go gcoinníonn an fás ar ioncaim ísle leis an bhfás níos ginearálta ar ioncam,” a dúirt an tOllamh Tim Callan.

Deirtear in Income Growth and Income Distribution: A Long-Run View of Irish Experience gur fhág na hathruithe ar chúrsaí cánach agus cúrsaí leasa shóisialaigh, chomh maith leis an innéacsú ioncaim, gurbh iad na daoine ba lú ioncam ba mhó a fuair ardú.

Tharla an méid sin, a deirtear, a bhuíochas cuid mhór de na moltaí a rinne an Coimisiún Leasa Shóisialaigh i 1986, moltaí a d’ardaigh na rátaí íocaíochta do na scéimeanna ba lú íocaíocht.

Fág freagra ar 'An t-ardú fadtéarmach ar ioncaim in Éirinn á dháileadh ‘go cothrom’ – tuarascáil nua'