An t-aighneas poiblí ba mhó a facthas i gcúrsaí spórt in Éirinn riamh…

Sa mbliain seo caite tharraing an FAI aghaidh an rialtais orthu féin ar bhealach nár facthas ó bhunú an stáit agus bhain conspóid le heagraíochtaí spóirt eile freisin

An t-aighneas poiblí ba mhó a facthas i gcúrsaí spórt in Éirinn riamh…

IarUachtarán an FAI, John Delaney. Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson

Seo é séasúr na féile. Mar is dual tá neart cur síos ar bhuaicphointí 2019 ar pháirceanna na tíre agus lasmuigh le fáil ó mo chomhghleacaithe ar an suíomh seo. Ní hé go bhfuilim ag iarraidh cnádánaí a dhéanamh díom féin ach ba bhliain achrannach go leor a bhí inti ag roinnt de na heagraíochtaí a stiúraíonn na spórtanna sin, an FAI thar aon cheann eile acu.

An tráthnóna roimh Lá ‘l Pádraig chuir iriseoir an Sunday Times Mark Tighe tvuít amach ag rá go mba san Ard-Chúirt a chaith sé an tráthnóna áit a raibh urghaire lorgtha ag an FAI a choiscfeadh ar a nuachtán scéal a fhoilsiú faoi íocaíochtaí a bhain leis an eagraíocht agus lena bPríomhfheidhmeannach John Delaney.

B’éigean dúinn fanacht go dtáinig lá arna mhárach gur léigh muid alt Tighe inar thug sé le fios gur thug Delaney seic €100,000 dá chuid fostóirí ar chúiseanna nach raibh soiléir. Faoi thráthnóna an Domhnaigh dúirt an FAI go mba iasacht a bhí ann a íocadh ar ais dhá mhí dár gcionn.

Lean an t-aighneas poiblí ba mhó a facthas i gcúrsaí spórt in Éirinn riamh, ceann go deimhin nach bhfuil deireadh fós leis agus ceann a chuaigh chomh domhain sin san eagraíocht atá freagrach as cúrsaí sacair ar an taobh seo den teorainn agus gur deacair a fheiceáil an bhfuil aon bhealach acu le dochar tromchúiseach fadtéarmach a sheachaint.

Go fiú agus go bhfuil lámh ag na Gardaí sa bhfiosrúchán anois.

Ní i bhfad óna chéile a bhí an chonspóid agus Ó Dúshláine ón gcéad lá ar ceapadh ina phríomhfheidhmeannach é in 2005. In imeacht trí bliana bhí triúr éagsúil mar bhainisteoirí ar fhoireann sacair na hÉireann – Brian Kerr, Steve Staunton agus Giovanni Trapattoni.

Ansin rinne an eagraíocht praiseach de dhíolachán na dticéad do Staid nua an Aviva agus faoi dheireadh na bliana 2010 bhí fiacha €38 milliún orthu agus iad coinnithe as babhtaí ceannais an domhain ag cúl conspóideach a scóráil Thierry Henry – cúig bliana dár gcionn tháinig sé chun solais gur frítheadh iasacht €5 milliún (gur beag míniú a bhain leis) ó FIFA mar gheall ar an eachtra sin.

Tá UEFA ag moladh anois dóibh a hata a chaitheamh leis agus cead a thabhairt don IRFU an sciar atá acu sa Staid a cheannach.

I gcaitheamh an ama sin bhí Delaney ag fáil tuarastal €360,000 sa mbliain ón FAI (a bhí ag íoc €3,000 sa mí freisin ar chíos a thí) mar aon le €160,000 sa mbliain ó UEFA.

Nuair a tháinig na ciorruithe ba iad gnáthoibrithe na heagraíochta agus duaischiste Shraith Sacair na hÉireann ba mhó a d’fhulaing – bhí iomaíocht ar dhuaischiste €911,000 ar chlubanna na Sraithe in 2010. Trian de sin a bhí sa bpota an bhliain dár gcionn.

Sa mbliain seo caite tharraing an FAI aghaidh an rialtais orthu féin ar bhealach nár facthas ó bhunú an stáit. Dá dhonacht iad na mírialtachtaí airgeadais, níor chuidigh sé leo ach an oiread gur beag de na moltaí a bhí dTuarascáil Genesis (2002) a bhí curtha i bhfeidhm acu – tuarascáil inar léiríodh go soiléir laigeachtaí i leagan amach na heagraíochta agus bealaí le cumann foirfe, nua-aimseartha a dhéanamh di.

Ar eagla nár leor sin, níor chuidigh an bealach colgach dúshlánach doicheallach ar fhreagair siad na ceisteanna a bhí siad siúd a raibh an sparán acu a chur ná an cosán fadálach a ghlac Delaney agus é ar a bhealach amach.

Tá sé ag déanamh ar scór go leith bliain ó d’fhógair Banríon Shasana an annus horribilis, ach a leithéid freisin a chonaic an FAI in 2019.

Níl Bord na gCon i bhfad chun deiridh orthu. Fearacht an FAI scothphíosa iriseoireachta a fhágann iadsan i mbéal an ghunna freisin, ‘Running for their Lives’ a bhí ar an gclár a chraol RTÉ i lár na bliana seo caite agus a rinne cáineadh damanta ar an íde a fhaigheann coin nach bhfuil ábalta a ndóthain le dul ag rásaíocht ar an traic – le linn an chláir dúradh gur maraíodh beagnach 6,000 acu in 2017 nuair nár bhaineadar na spriocanna ama a bhí riachtanach amach. Idir €10 agus €35 a bhaintear amach i gclós an chniogaire ar a leithéid a dhéanamh. Caitheadh amhras sa gclár freisin ar an gcóras tástála drugaí i spórt a bhfuil €250 milliún d’airgead an cháiníocóra faighte aige ó 2001.

Ón earnáil phríobháideach a tháinig an freagra is tromchúisí a facthas go dtí seo ar na líomhaintí a rinneadh ar chlár RTÉ – a gcuid urraíochta ar an spórt tarraingthe siad ag na comhlachtaí Barry’s Tea, FBD agus Connolly’s Red Mills.

Idir an dá linn 319 duine ar meán a dhéanann freastal ar rásaí con na laethanta seo.

Níor tháinig Coistí CLG Mhaigh Eo ná na Gaillimhe slán as drochscéalta na bliana 2019 ach an oiread.

Níor cheart gur ábhar iontais d’aon duine an t-aighneas atá idir Maigh Eo agus Cumann Lucht Leanta de chuid an chontae, ar imircigh a mbunáite. Tá cumann lucht leanta i gcroílár fheachtais bailithe airgid i chuile chontae anois le go hard os cionn scór bliain, ach go dtí seo is ceangal neamhchruinn go leor a bhíonn eatarthu siúd a bhailíonn an ciste agus iad siúd a dtéann sé chun sochair dóibh. Bhí chaon dream sásta agus níor cuireadh san áireamh go dtiocfadh an lá nuair a bheadh siad siúd a bhí ag tabhairt síntiús do phá an phíobaire ag iarraidh cuid de na poirt a ghlaoch iad féin.

Anois tá Fondúireacht Idirnáisiúnta CLG Mhaigh Eo ag diúltú €250,000 atá bailithe acu in ainm Choiste an Chontae a thabhairt ar láimh dóibh siúd siocair nach bhfuil aon mhuinín acu as an rialachas airgeadais atá i bhfeidhm.

I mbliana freisin rinne an comhlacht iniúchóireachta Mazars scrúdú ar an leagan amach airgeadais a bhí i bhfeidhm ag Coiste CLG Chontae na Gaillimhe agus fuaireadar amach go raibh beagnach dhá scór cleachtas i bhfeidhm a raibh baol ag baint leo. Bhain baol láidir le 17 acu.

Tharla seo ag deireadh bliana inar iarr Supemacs, atá mar urra ar fhoirne de chuid an chontae ó 1991, míniú ar an gcaoi ar caitheadh an t-airgead a bhí tugtha acusan le cúig bliana anuas.

Fág freagra ar 'An t-aighneas poiblí ba mhó a facthas i gcúrsaí spórt in Éirinn riamh…'