Tá margadh déanta ag an bhfear gnó agus Gaeilgeoir aitheanta as cathair na Gaillimhe Enda O’Coineen nuachtán an Sunday Business Post a cheannach.
Thug Sunrise Media le fios go raibh margadh sínithe ag Kilcullen Kapital Partners, a bhfuil O’Coineen ina chathaoirleach air, an nuachtán Domhnaigh a cheannach.
Níor dúradh cé mhéad airgid a thabharfaí ar an nuachtán.
Dúirt O’Coineen, a cheannaigh teach in Inis Mór le déanaí, go raibh an fhoireann iriseoireachta agus gnó is fearr sa tír ag an Sunday Business Post agus go raibh deis ann forbairt mhór a dhéanamh ar an bhfoilseachán.
Chuir O’Coineen tús lena shaol gnó mar fhoilsitheoir irise agus chaith sé seal ag obair mar cholúnaí é féin leis an Irish Press. Is i gcúrsaí infeistíochta i réimsí na teicneolaíochta, an airgeadais agus an fhuinnimh is mó a shaothraigh sé a shaibhreas agus é lonnaithe i bPrág i bPoblacht na Seice. Tuairiscíodh le déanaí go bhfuil luach €49 milliún ar na hinfheistíochtaí atá déanta aige.
Fear mór seoltóireachta é chomh maith agus ghlac sé páirt le déanaí i dturas timpeall an domhain ina luamh. Bhí sé ar an gcéad duine a thriail an tAtlantach a thrasnú i mbád righin inséidte agus scríobh sé leabhar i nGaeilge faoin turas sin.
Padraic
Níorbh é Enda an chéad duine a thriail an tAtlantach a thrasnú i mbád inséidte. Rinne Alain Bombard é in 1952.
Padraic