An spriocdháta do Chomórtas Liteartha an Oireachtais ag teannadh linn

Dhá chomórtas nua á reáchtáil i mbliana, mar chuid de Chomóradh 100 Bliain Éirí Amach na Cásca

Comortas Liteartha

an dáta sprice do Chomórtas Liteartha an Oireachtais ag teannadh linn agus tá iarrtha ag an Oireachtas ar scríbhneoirí a gcuid saothar a chur isteach gan mhoill le bheith san iomaíocht do cheann de na 30 duais atá le buachan i mbliana.

dhá chomórtas nua á reáchtáil i mbliana, mar chuid de Chomóradh 100 Bliain Éirí Amach na Cásca, ceann amháin d’amhrán nuachumtha agus ceann eile do dhráma nuachumtha. Bronnfar an duais don amhrán, atá á mhaoiniú ag Craobh Aimhirgín de Chonradh na Gaeilge, ar amhrán a bheidh bunaithe ar théama 1916. Is ar dhráma nuachumtha a d’fheilfeadh do dhaltaí bunscoile nó meánscoile, ar théama 1916, a bhronnfar an duais don dráma, atá maoinithe ag an gCumann Scoildrámaíochta agus an Roinn Ealaíon Oidhreachta agus Gaeltachta.

Is ar úrscéalta, gearrscéalta, saothair fhicsin d’fhoghlaimeoirí fásta, filíochta, scripteanna, drámaí agus go leor saothar eile nach iad a bhronnfar na 28 duais eile atá le buachan i mbliana. Is é an 1 Iúil an dáta sprice d’iarratais i mbliana agus is féidir cur isteach ar an gcomórtas ar líne tríd an bpost chuig ceannáras an Oireachtais.

Bunaíodh Comórtas Liteartha an Oireachtais sa bhliain 1897 agus in imeacht an 120 bliain sin i measc na ndaoine a bhuaigh duais, bhí Pádraig Mac Piarais, Máirtín Ó Cadhain agus Nuala Ní Dhomhnaill.

Fág freagra ar 'An spriocdháta do Chomórtas Liteartha an Oireachtais ag teannadh linn'