An seachmall idé-eolaíoch go n-oibríonn an domhan mar ba mhian linn

Tá an baol go bhfuil muid fillte ar ré ina dtroideann tíortha móra cathanna concais i gcoinne comharsana níos lú

An seachmall idé-eolaíoch go n-oibríonn an domhan mar ba mhian linn

Ar an 20 Márta 2003 agus é ag ordú d’fhórsaí na Breataine páirt a ghlacadh in ionradh na hIaráice, d’fhógair Tony Blair go ‘cabhróimid leis an Iaráic bogadh i dtreo an daonlathais’. Ar an 22 Lúnasa 2011, dúirt George W Bush go mbeadh bunú ‘Iaráic shaor’ ina ‘eachtra chinniúnach i réabhlóid dhaonlathach dhomhanda’. I mí Lúnasa 2011 agus réimeas Muammar Gaddafi ag titim as a chéile sa Libia, dúirt Barack Obama gur ‘aistriú ionchuimsitheach go Libia dhaonlathach’ a bhí á éileamh aige.

Tá an creideamh seo go dtiocfadh daonlathas socair síochánta ar mhúnla an iarthair ar an saol chomh luath is a gheofaí réidh le Saddam Hussein san Iaráic nó Muammar Gaddafi i Libia ar na samplaí is láidre d’fheiniméan daonna áirithe – an claonadh atá againn go léir ligint don idé-eolaíocht seachmall a chur orainn go n-oibríonn an domhan mar ba mhian linne go n-oibreodh sé seachas mar a oibríonn sé i ndáiríre. Ní claonadh é seo a bhaineann go sonrach le haon idé-eolaíocht ar leith. Feictear é i measc polaiteoirí agus tráchtairí a bhaineann le gach pointe den speictream idé-eolaíoch.

Sampla eile den seachmall idé-eolaíoch sin is ea an argóint a chuirtí chun cinn le fada an lá ar an eite chlé go mbeadh domhan níos síochánta againn ina gcaithfí níos lú airgid ar chúrsaí míleata agus ar bhuamaí núicléacha, dá dtiocfadh deireadh le NATO san Eoraip agus le forlámhas domhanda Mheiriceá. Dar ndóigh is féidir an milleán a chur ar an ord idirnáisiúnta seo as ucht cogaí agus sáruithe ar chearta daonna – ní gá ach an Iaráic a lua mar shampla. Ach is argóint a sháraíonn stair agus na loighic a mhaíomh toisc go raibh an t-ord domhanda áirithe sin freagrach as cogaí agus sáruithe ar chearta daonna áirithe gur cruthúnas é sin go mbeadh níos lú cogaí agus sáruithe cearta daonna ann ach deireadh a chur leis.

Sna seachtó bliain roimh 1945 maraíodh i bhfad Éireann níos mó daoine i gcogaí ná sna seachtó bliain ina dhiaidh sin. Bhí rátaí báis ó chogaí chomh hard le 200 duine in aghaidh gach 100,000 duine ar domhan sa chéad tréimhse, ach thit an ráta go dtí tuairim is beirt nó triúr in aghaidh gach 100,000 sa dara tréimhse. Fiú má leathnaíonn muid an scéal amach go dtí tréimhse staire 600 bliain bhí an tréimhse ó dheireadh an dara cogadh domhanda ar cheann de na tréimhsí is fearr ó thaobh bás i gcogaí a sheachaint. Má chúngaíonn muid isteach chuig an tréimhse ó dheireadh an Aontais Shóivéadaigh go dtí 2021 bhí sé níos fearr fós ó thaobh laghad na mbásanna i gcogaí. Thit caiteachas míleata idirnáisiúnta mar sciar de OTI [olltáirgeacht intíre] go leanúnach ó na 1960idí ar aghaidh. D’éirigh thar barr leis an gConradh in aghaidh Iomadú Núicléach srian a chur le leathnú na n-arm núicléach ó 1970 ar aghaidh. I gcomhthéacs stairiúil tá sé fíor-neamhghnách go raibh an teicneolaíocht mhíleata ollchumhachtach seo ar fáil ach ní hamháin nár leathnaigh sé ach go dtí cúpla tír, ach gur thug tíortha ar nós na hÚcráine suas í.

Is léir cheana féin go bhfuil méadú ollmhór ar chaiteachas míleata san Eoraip ag tarlú mar thoradh ar NATO a bheith níos laige agus cúlú Mheiriceá. Tá tíortha lasmuigh den Eoraip a bhí ag brath ar Mheiriceá dá slándáil ag méadú caiteachas míleata freisin. Mar shampla méadóidh an Chóiré Theas a caiteachas míleata ó $45.2 billiún i 2024 go $54.7 billiún in 2029 agus tá caiteachas míleata ag méadú sa Téaváin agus san Astráil freisin.

Tá sé deacair a fheiceáil gur féidir rás airm núicléacha idirnáisiúnta a sheachaint anois de bharr an méid a tharla don Úcráin tar éis di a hairm núicléacha a thabhairt suas, go háirithe sna tíortha sin a bhí ag brath roimhe seo ar sciath núicléach Mheiriceá. Léiríonn pobalbhreitheanna go bhfuil tromlach den phobal sa Chóiré Theas anois i bhfabhar armáil núicléach agus tá an t-amhábhar agus an cumas acu iad a tháirgeadh. Tá díospóireacht faoi armáil núicléach tosaithe freisin sa Pholainn, sa tSeapáin agus – ní nach ionadh – san Úcráin fhéin. Dá mba Úcránach nó Polannach mise seans go mbeinn den tuairim gur beartas slándála ciallmhar a bheadh sna hairm núicléacha do mo thír fhéin. Ach don chine daonna trí chéile méadaíonn iomadú núicléach an baol go n-úsáidfidh tír éigin airm núicléacha sna blianta romhainn amach.

Dealraíonn sé anois go gcoimeádfaidh an Rúis an chuid is mó de na críocha a ghabh sí ón Úcráin agus go gcuirfidh Meiriceá brú ar an Úcráin aitheantas foirmeálta a thabhairt dó sin. Méadaíonn an fasach seo an baol go bhfuil muid fillte ar ré ina dtroideann tíortha móra cathanna concais i gcoinne comharsana níos lú. Creideann muintir na Polainne agus na dtíortha Baltacha gur chóir glacadh dáiríre le bagairtí oscailte náisiúnaithe na Rúise ina gcoinne agus tá siad dá réir sin ag ullmhú i gcóir cogaidh.

Mar sin is cinnte go gcuirfear go mór leis an atharmáil agus leis an athmhíleatú san Eoraip agus go hidirnáisiúnta sna blianta romhainn amach – tá sé tosaithe cheana féin. Is deacair a fheiceáil conas nach dtarlóidh iomadú núicléach mar go bhfuil na srianta a chuir stop leis lagaithe nó imithe. Tá sé níos deacra a thuar an marófar i bhfad níos mó den chine daonna i gcogaí sa tréimhse staire atá romhainn amach i gcomparáid leis an tréimhse eisceachtúil atá ag teacht chun deiridh. Ar an iomlán is mó cúiseanna lena bheith éadóchasach faoi seo ná a mhalairt.

Fág freagra ar 'An seachmall idé-eolaíoch go n-oibríonn an domhan mar ba mhian linn'

  • An Teanga Bheo

    Nach raibh Blair an santach chun cogadh 5 cinn in imeacht sé bliana, agus déanadh Peace envoy dhó agus is fíor gach a bhfuil ráite thus.

  • WTF

    ‘Seachmall ídé-eolaíoch’ nó dearg-éithigh agus uaillmhian as cuimse?
    Féach ‘Dialann Tuairisce” thuas faoi
    ‘maistíní’, ‘cneamhairí’ agus ‘caimiléirí’ gan ach na trí cinn sin a chur chuige.