An Seachdain na Gàidhlig ‘is mó riamh’ ar siúl in Albain

Tá maoiniú faighte ó Bhòrd na Gàidhlig ag os cionn 60 grúpa in Albain agus níos faide i gcéin le himeachtaí agus ócáidí a reáchtáil mar chuid den fhéile

An Seachdain na Gàidhlig ‘is mó riamh’ ar siúl in Albain

Tá an Seachdain na Gàidhlig “is mó riamh” ar siúl in Albain faoi láthair agus súil ag lucht a heagraithe, idir chainteoirí líofa agus foghlaimeoirí Gàidhlig, an teanga a úsáid an oiread agus is féidir as seo go tús mhí an Mhárta.

Is é téama fhéile na bliana seo ‘Ceanglaichean gun Chrìch’ nó ‘Ceangail Gan Teorainn’ agus tá sí  ar siúl ón 24 Feabhra go dtí an 2 Márta. Tá maoiniú faighte ó Bhòrd na Gàidhlig ag os cionn 60 grúpa in Albain agus níos faide i gcéin le himeachtaí agus ócáidí a reáchtáil mar chuid den fhéile.

Chuir níos mó daoine isteach ar mhaoiniú i mbliana ná mar a chuir in aon bhliain eile roimhe seo. Cuireadh os cionn 100 iarratas faoi bhráid Sheachdain na Gàidhlig – méadú 44% ar líon na n-iarratas a cuireadh isteach le haghaidh fhéile na bliana seo caite.

Ar cheann de na grúpaí ar éirigh leo maoiniú a fháil i mbliana bhí Craobh an Iúir de Chonradh na Gaeilge atá lonnaithe in Iúr Cinn Trá i gcontae an Dúin. Beidh ceardlanna ar siúl ar an mbaile mar chuid de ‘Gàidhlig-Gaeilge: Na Ceanglaichean’ agus súil ag Craobh an Iúir “naisc idir an Gaeilge na hÉireann agus Gaeilge na hAlban a fhiosrú agus a láidriú”. Beidh imeachtaí ar siúl sa bhunscoil freisin agus beidh taispeántas leabhar, ceirníní, caiséad, irisí agus ábhar eile Gàidhlig ann.

I measc na n-imeachtaí eile a bheidh ar siúl i mbliana beidh ceardlanna fonnadóireachta do lucht iarrtha tearmainn leis an amhránaí Gàidhlig Mischa Macpherson. Beidh na seisiúin á gcur ar fáil saor in aisce do theifigh agus d’iarrthóirí tearmainn ag Gàidhlig & Seinn i gcomhar le Refuweegee.

Cuirfidh Comhairle Siorrachd Lannraig a ‘Tuath Teach Céilí Gàidhlig’ ar bun don fhéile in ionad pobail agus tabharfar cuireadh do mhuintir na háite agus d’inimircigh atá tagtha go hAlbain “ceangal leis an gcultúr agus an teanga Ghaelach agus lena chéile” ansin. Beidh ceol beo ann agus beidh lucht freastail na féile in ann a gcuid amhrán, dánta, agus scéalta a roinnt lena chéile ann freisin.

Beidh os cionn 150 imeacht ar siúl san iomlán, laghdú beag ar an 170 imeacht a bhí ar siúl in 2024, agus cuid acu ar siúl chomh fada i gcéin leis an Airgintín.

Bunaíodh Seachdain na Gàidhlig in 2022 ar mhúnla Sheachtain na Gaeilge na hÉireann leis an nGàidhlig a “cheiliúradh ar fud na cruinne agus próifíl na Gàidhlig a ardú trí imeachtaí pobail, imeachtaí scoile, tograí, agus ócáidí”. Cuireann an eagraíocht teanga Bòrd na Gàidhlig – macasamhail Fhoras na Gaeilge – maoiniú ar fáil don fhéile.

Fág freagra ar 'An Seachdain na Gàidhlig ‘is mó riamh’ ar siúl in Albain'

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    Is fiú gach iarracht a dhéanamh chun Éire, Albain agus Oileán Mhanann a chur chun cinn in éineacht mar fhearann na Gaeilge sa chiall is leithne di chun féiniúlacht ghaelach a chur ar aghaidh beag beann ar chúrsaí polaitíochta agus reiligiúin.